Francisco José de Goya y Lucientes (1746-1828), 'Portrait of Doña Antonia Zárate', c.1805. © National Gallery of Ireland.
Francisco José de Goya y Lucientes (1746-1828), 'Portrait of Doña Antonia Zárate', c.1805. © National Gallery of Ireland.Credit

Doña Antonia Zárate le Francisco José de Goya y Lucientes

Year
1805
Size
103.5 x 82 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Bronnta, Sir Alfred agus Lady Beit, 1987 (Bailiúchán Beit)
Number
NGI.4539

Bhí Doña Antonia Zárate ar dhuine de na haisteoirí a ndearna goya portráid díobh. Is portráid shuaithinseach í seo ina n-aibhsítear áilleacht dhorcha an aisteora sa chodarsnacht idir duibhe a mantilla agus a gúna líne impireachta ar thaobh amháin agus an tolg buí damaisc ar an taobh eile. Ceapadh goya ina phéintéir cúirte ag Rí Séarlas III i Maidrid. Bhí rath air lena linn agus b’iomaí pátrún gradamach a bhí aige. Mar phortráidí a bhain sé clú amach, ach phéinteáil sé pictiúir ar théamaí creidimh, staire, polaitíochta agus seánraí éagsúla. Bhí lámh mhaith aige ar phriontaí a dhéanamh chomh maith.