Full length portrait of man wearing a pink cape and ostrich-feather hat
Joshua Reynolds (1723-1792), Portrait of Charles Coote, 1st Earl of Bellamont (1738-1800), in Robes of the Order of the Bath, 1773-1774. Photo © National Gallery of Ireland Credit

Charles Coote, 1ú Iarla Bellamont le Joshua Reynolds

Year
1773-1774
Size
245 x 162 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Arna cheannach, 1875
Number
NGI.216

Seo é portráid chraobhlasrach le Joshua Reynolds agus léiríonn sé Charles Coote, 1ú Iarla Bellamont, agus é ag caitheamh róbaí iomlána searmanais Ord Bath. Críochnaíodh é i 1774, nuair a phós an t-ábhar. Mar a tharla, mealltóir ban a bhí mórchúiseach agus mór as féin ab ea an t-Iarla a tugadh an “Hibernian Seducer” air agus é beo. Thréig sé a bhean chéile agus ina uacht, d’admhaigh sé go raibh seisear páistí neamhdhlisteanacha aige le ceathrar máithreacha difriúla. Léiríonn portráid Reynold go foirfe siúl giodalach bogásach an uaslathaí seo a bhí sách louche. Coinbhinsiún ón ochtú haois déag a tháinig ón Antique atá sa staidiúir ina bhfuil an dá chos trasna ar a chéile, ach tá a chuma réchúiseach go neamhchoitianta, agus é ag luí neamhchorrabhuaiseacha ar a chlaíomh, agus ag féachaint go mianchumhach i bhfad uaidh.

Staidéar cruthanta ar fheistis ornáideacha agus dheasghnácha na ndaoine saibhre le teideal atá sa phéintéireacht. Tagraíonn an meirge craptha ar chlé d’ainm an teaghlaigh: léiríonn sé cearc cheannann. Thíos faoi, tá cearc cheannann beo. Ach is é an sról rúise, an lása, na cuachóga, roiséid, bréadanna agus na cleití ostraise a chríochnaíonn an radharc seo.     

Léiríonn an phéintéireacht seo ar bhealach soiléir atá neamhchoitianta an chaoi a bhfuil roinnt ábhar datha a úsáideann ealaíontóirí níos seasmhaí ná ábhair datha eile. Má fhéachann tú ar aghaidh Charles Coote, is féidir leat a fheiceáil go bhfuil dathanna dearga a chraicinn láidir fós –péinteáladh iad agus úsáid á baint as flanndearg. Ach d’úsáid Reynold ábhar datha difriúil, cairmín do róbaí an Iarla. Tá Cairmín éalaitheach, ciallaíonn sé seo go dtréigeann sé thar am. Chun samhlú cén chaoi a mbeadh an phortráid seo ina foirm bhunúsach, ní mór dúinn dath níos déine, nach bhfuil chomh bándearg ar an róba.