Garraí clochair, an Bhriotáin le William John Leech
| Year |  
             c.1913 
        | 
      
| Size |  
             132 x 106 cm 
        | 
      
| Medium |  
             Ola ar chanbhás 
        | 
      
| Provenance |  
             Bronnta, May Botterell, 1952 
        | 
      
| Number |  
             NGI.1245 
        | 
      
Sa phictiúr seo tá Elizabeth, an chéad bhean chéile a bhí ag Leech, agus í i bpáirt nóibhísigh de chuid les soeurs du saint-esprit. Amharcann sí suas óna leabhar urnaithe fad is atá mná rialta den ord céanna ag siúl sa chúlra. Tá Elizabeth gléasta i gculaith bhainise Bhriotánach den saghas a chaitheadh na nóibhísigh ar an lá a ghlacaidís na móideanna deireanacha. Tá sí istigh i ngarraí daingean in Concarneau, mar a raibh clochar agus ospidéal inar théarnaigh Leech in 1904. Léiríonn an pictiúr an spéis a chuir Leech agus alán ealaíontóirí cuairte eile i ndíograis chrábhaidh mhuintir na Briotáine agus an dúil a bhí ag an ealaíontóir i solas agus i mbreacadh na gréine.