Dramatic oil painting crowded with people, with a man in armour and a woman at centre being married by a priest.
Daniel Maclise (1806-1870), The Marriage of Strongbow and Aoife, c.1854. Photo © National Gallery of IrelandCredit

Bainis Strongbow agus Aoife le Daniel Maclise

Year
c.1854
Size
315 x 513 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Arna bhronnadh ag Sir Richard Wallace, 1879
Number
NGI.205

Saothar ollmhór lán de mhionsonraí cáiréiseacha is ea an pictiúr seo den phósadh a rinneadh i bPort Láirge in 1170 idir an saighdiúir siúlach Normannach úd, Richard de Clare, nó Strongbow mar ab fhearr aithne air, agus iníon Dhiarmada Mhic Mhurchaidh, rí Laighean. Pósadh a bhí
ann a dhaingnigh cumhacht na Normannach in Éirinn. Ceapadh an pictiúr i dtosach lena chur ar taispeáint i bpálás Westminster. Tá léiriú siombalach ann ar bhua na Normannach agus ar bhriseadh na nGael. Tá cos amháin ag Strongbow ar chros Cheilteach atá tite go talamh, tá dreach imníoch ar aghaidh Dhiarmada agus leanann an seanchruitire air ag baint ceoil as na téada.