Abstract composition of shapes in a frame shaped like an altarpiece
Mainie Jellett (1897-1944), Decoration, 1923. Photo © National Gallery of Ireland. Credit

Maisiú le Mainie Jellett

Year
1923
Size
89 x 53 cm
Medium
Teampara ar phainéal adhmaid
Provenance
Arna thiomnú ag Evie Hone, 1955
Number
NGI.1326

Oileadh Jellett i mBaile átha Cliath agus i londain. Chuaigh sí go Páras in 1920, áit a ndearna sí féin agus Evie Hone staidéar faoi André Lhote, a bhí i bhfabhar na péintéireachta anailísí de réir Cézanne agus Albert Gleizes, a bhí ina ealaíontóir aitheanta Ciúbach. Faoi thionchar a saothair siúd, thosaigh Jellett ar anailís a dhéanamh ar rithim, ar dhath agus ar fhoirm chomh maith le leas a bhaint as traidisiúin sheanbhunaithe phictiúrtha. Bíodh is gur saothar teibí ó cheart é seo, spreagann formáid, raon dathanna agus meáin an tsaothair seo cuimhní ar íocóin den Mhaighdean agus an leanbh. Tógadh raic nuair a taispeánadh Maisiú in éineacht le pictiúr teibí eile ag seó Chumann Phéintéirí Bhaile átha Cliath in 1923.