Antonio Canova (1757-1822), 'Amorino', 1789-1791. © National Gallery of Ireland
Antonio Canova (1757-1822), 'Amorino', 1789-1791. © National Gallery of Ireland.Credit

Amorino le Antonio Canova

Year
1789-1791
Size
141 x 53.5 x 50 cm
Medium
Marmar
Provenance
Bronntanas Oidhreachta, Banc na hÉireann, 1998
Number
NGI.8358

Bhí Antonio Canova mar an dealbhóir is rathúla agus leis an tionchar is mó go déanach san ochtú haois déag agus luath sa naoú haois déag. Tháinig sé ó chúlra cúthail, ach rinne patrún uasaicmeach a thallann luachmhar a fhionnadh go luath Thraenáil an t-ealaíontóir sa Veinéis ach chur sé faoi ansin sa Róimh, áit a bhain sé taitneamh as clú agus cáil ollmhór i measc cliantacht idirnáisiúnta. Chreid Canova go hainmhianach go raibh an Róimh mar chroílár de dhomhan idirnáisiúnta na healaíne – d’argóin sé le Napoleon fiú a bhí tar éis a dhearbhaigh go ndéanfaí príomhchathair chultúrtha na hEorpa as Páras. I gcoinneáil lena dhúil chun cothú a dhéanamh ar chultúr ealaíonta sa Róimh, níorbh fhada gur déanadh maighnéad de stiúideo Cavano d’intleachtaigh agus do dhíograiseoirí agus mar tharraingt cháiliúil do Thurasóirí Galánta ó thar lear. Bhí John La Touche ar cheann de na taistealaithe móra, an mac naoi mbliana déag d’aois de bhaincéir is saibhre na hÉireann, a rinne coimisiúnú ar an dealbh a fheiceann tú anseo.

Is é Amorino, nó Cupid, an figiúr ag seasamh taobh lena bhogha agus a shaigheadbholg le saigheada an ghrá. Tá se léirithe mar óige idéalaithe, earráideach i staidiúir chlasaiceach. Tá an dealbh déanta ó mharmar bán ard-chaighdeáin agus má fhéachann tú ar a dhromchla mín ghléigil agus fíneáltacht antoisceach a shnoíodóireachta, is féidir leat a altú cén fáth go raibh a leithéid de shaothair chomh comhnaithe ag éilít ghéarchúiseach agus fhaiseanta.

Rinne Canova ceithre leagan comhchosúil leis an saothar seo, ach aithníotar an ceann seo mar an ceann is fearr.