Oil painting of spectators crowding along the quays of the River Liffey watching a swimming race
Jack B. Yeats (1871-1957), The Liffey Swim, 1923. Photo © National Gallery of Ireland.Credit

Snámh na Life le Jack B. Yeats

Year
1923
Size
61 x 91 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Arna bhronnadh ag Trustees of the Haverty Trust, 1931
Number
NGI.941

Cruthaigh Jack B. Yeats an ómóis beag ach dúisitheach seo le traidisiún bliantúil Bhaile Átha Cliath i 1923. Is féidir a fheiscint ó léiriú aerach an radhairc gur tarraingeoir slua a bhí i gceist leis an ‘Snámh na Life’. Chomh maith le sin bhí sé mar ócáid phobal tábhachtach sna blianta luath an t-Saorstáit. Línítear bruach na habhann le sluaite daoine chun saothair na snámhóirí a fheiscint. Taispeánann Yeats go h-éifeachtach dúinn corraí na ndaoine nuair a straidhneálann siad chun an t-aicsean san uisce a fheiscint. Tá radharc sármhaith ag daoine eile ó na tramanna ag gabháil thart ar an clé agus ó Droichead Uí Chonaill sa mheánionaid.

B’fhéidir gurbh é an fear leis an hata donn, ar an taobh clé ó lár an phictiúir, an t-ealaíontóir féin, ag tógáil nótaí. Chothaigh Yeats ceanúlacht mhór do chathair Bhaile Átha Cliath agus feictear é go rialta ag fálróid na sráideanna agus na canálacha le leabhar sceitseála beag faoina chóta, réidh chun carachtar nó tarlú a thaitin leis a gabháil.  

Tá an obair luath coibhneasta seo le Yeats soiléir, nua agus dóchasach. Úsáideann an ealaíontóir stríoca scuaibe tiubh, sreabhacha a thugann an t-imprisean go raibh sé péinteáilte ar ard luas. Má fhéachann tú ar an tslí a phéinteáil sé uisce na habhann ach go háirithe is féidir a fheiscint go dtugann a scuabobair spionnadh an mhór don aicsean agus béimíonn sé iarrachtaí dian na snámhóirí.

Do mheas Yeats Snámh na Life mar cheann dá shaothar is tábhachtaí. Taispeánadh í sa Paris Olympic Exhibition i 1924, áit a bronnadh bonn airgid ar an bpictiúr.