Cubist still life painting of a mandolin, bottle, and other objects on a table
Pablo Picasso (1881-1973), Still Life with a Mandolin, 1924. © Succession Picasso/DACS, London 2020Credit

Ábhar neamhbheo le maindilín, le Pablo Picasso

Year
1924
Size
101 x 158 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Uachtaithe, Máire MacNeill Sweeney
Number
NGI.4522

Ba i bPáras a thug Picasso an Ciúbachas ar an saol, in éineacht le Georges Braque, ealaíontóir Francach. Ba é a mhol an ghluaiseacht nua-aimseartha seo ná struchtúr ruda a bhriseadh síos i sraith píosaí a fheictear in éineacht a chéile ó amharcphointí éagsúla. Chaith Picasso samhradh 1924 in Juan-les-Pins, ar chósta na Meánmhara, ag péinteáil pictiúir d’ábhair neamhbheo i stíl dhásachtach Chiúbach.

Is iad na rudaí a léirítear i gcruthanna díchumtha orgánacha an phictiúir seo ná babhla torthaí, buidéal agus maindilín. Tá na rudaí seo leagtha amach ar bhord atá clúdaithe le héadach a bhfuil patrún air. Ar a chúl sin, tá scáthchruthanna cactas agus tomóg. Tá tionchar Henri Matisse, péintéir a raibh ardmheas ag Picasso air, le brath sna dathanna maisiúla bríomhara.