Berthe Morisot (1841–1895), 'Le Corsage Noir', 1878. Photo © National Gallery of Ireland.
Berthe Morisot (1841–1895), 'Le Corsage Noir', 1878. Photo © National Gallery of Ireland.Credit

Le Corsage Noir le Berthe Morisot

Year
1878
Size
73 x 65 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Arna cheannach, 1936
Number
NGI.984

Ba í Morisot an t-aon bhean a raibh saothar léi le feiceáil sa chéad taispeántas Impriseanaíoch in 1874 agus i bhformhór na dtaispeántas a bhí ag an ngrúpa ina dhiaidh sin. Bíodh is gur phéinteáil sí radhairc taobh amuigh ba iad na pictiúir intí a thuill clú di. Sa phictiúr seo tá bean óg (is dócha gur mhainicín gairmiúil a shuigh don phictiúr) cóirithe le haghaidh oíche san amharclann. Feicimid an gúna dubh atá luaite sa teideal agus an seál, an mhuince, na fáinní cluaise agus na lámhainní a roghnaíodh le cur leis. D’úsáid Morisot stríoca leathana scuaibe i gcomhair fheisteas na mná ach tá láimhseáil níos fíneálta le haithint ar a haghaidh agus ar a cuid gruaige.