Sixteenth-century portrait in oils of a man in black posing with his arms around the shoulders of two small blonde children. tw
Giovanni Battista Moroni (c.1521/24-1579/80), Portrait of a Gentleman and his two Children (detail), c.1572-1575. Photo © National Gallery of Ireland Credit

Fear Uasal agus a Bheirt Leanaí, le Giovanni Battista Moroni

Year
c.1572-1575
Size
125.3 x 98 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Ceannaithe, 1866
Number
NGI.105

Taispeánann an phéinteáil dhlúth seo, péinteáilte thart ar 1570, athair ag brásáil go mínmhaiseach ar a bheirt leanaí óga smaointeacha. Léiríonn a lámha móra dúnta timpeall a nguaillí caola a dhíonacht ina dtreo. Is le duine d’ealaíontóirí is fearr na hAthbheochana Léinn í an phéinteáil, Giovanni Battista Moroni, a chaith a shaol i dTuaisceart na hIodáile ag péinteáil uaisle, scoláirí, prealáidí agus mná uaisle de gach aois chomh maith le roinnt saothair reiligiúnacha.

Níl a fhios againn cérbh iad na feighlithe. De bharr neamhláithreacht na máthar, déanadh talamh slán de go traidisiúnta go dtaispeánann an phortráid seo baintreach fir ag caoineadh lena leanaí, ach níor ghá gur seo an cás – bhí éadaí dubha gruama an fhir caite go comónta ag an am. Tugann a thimpeallacht ghéar agus an leabhar sa chúlra le tuiscint gur fear proifisiúnta é, dlíodóir, mar shampla, seachas uaslathaí. Ach fanann sé seo mar shaothar dúrúnda go hait. Ní thugann an litir ar an mbord ar an dtaobh chlé ach an suíomh le fios mar Albino, baile beag cóngarach do Bergano, áit a rugadh Moroni.

Tá tonúlacht dhorcha na péinteála agus a suíomh liath neamhchomhghéillte neamhghnách i saothar Iodálach comhaimseartha agus taispeánann siad tionchar na péinteála Spáinneacha ar an ealaíontóir. Tá an t-athair agus a leanaí léirithe le han-aireachas ar a gcosúlacht indibhidiúil agus gan idéalú. Mar thoradh, díorthaíonn sé seo rud éigin ó sármheas an ealaíontóra ar réalachas de phortráidíocht Holbein. Toisc gur dhírigh Moroni ar fhigiúirí singil de ghnáth, tá an tríréad seo d’fhigiúirí annamh go maith.