National Gallery of Ireland announces annual calendar for 2024

""
Paul Cézanne, La Vie des Champs, 1876-77Credit

Northern Trust sponsor the Gallery’s calendar once again with featured artists including Paul Cézanne, Sir John Lavery and Evie Hone

The National Gallery of Ireland is delighted to announce the release of this year’s annual calendar, supported by Northern Trust. The perfect Christmas gift for art lovers, it is available online and in the Gallery Shop.

Inspired by the major acquisition of Paul Cézanne’s La Vie des Champs to the national collection, the calendar features a variety of new acquisitions as well as outdoor scenes painted en plein air. Evocative images from Italy, rooftops in Saint Tropez, a garden in France and Dublin in the rain provide an escape for every month of the year.

The calendar features works from a variety of Gallery favourites including Sir John Lavery, John Singer Sargent and Evie Hone. Two new acquisitions of works by important women artists are highlights: Rachel Ruysch’s exquisite still life Vase of Flowers with an Ear of Corn and Hannah Höch’s Duft, painted as an explosion of individuality within the confines of the Third Reich.

The complete list of featured artists is Evie Hone, Una Watters, John Singer Sargent, Mildred Anne Butler, Paul Signac, John Lavery, Paul Cezanne, Letitia Marion Hamilton, Mary Swanzy, Hannah Höch, Rachel Ruysch and William John Leech.

The publication is month-to-month view, priced at €14.00 and is available to purchase at the National Gallery of Ireland Shop or online at www.shop.nationalgallery.ie.

Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland said: “A highlight of our year here at the Gallery is the arrival of the annual calendar: it’s a thrill to share the twelve chosen works with our visitors each autumn. This year, long-standing favourites sit alongside new highlights of the permanent collection. We are happy to think of the Gallery gracing the walls of homes across Ireland and abroad, and thank our sponsor Northern Trust for making it possible again for 2024.”

Meliosa O'Caoimh, head of Northern Trust in Ireland, added: “Northern Trust has a long history of support for the arts, which provide vital, distinct and diverse views on current events and how people experience the world. We are proud to sponsor the Gallery’s calendar again and look forward to the 2024 edition with its array of perspectives and artistic styles.”

Corporate partnerships with the Gallery offer the opportunity to work with Ireland’s premier cultural institution and make an impact on its extensive exhibitions programmes as well as education, learning and participation activities. This partnership with Northern Trust follows similar collaborations with ESB, Zurich Insurance plc, Grant Thornton, SMBC Aviation Capital and more. For more information about the Gallery’s Corporate Partnership programme, contact Claire McDonagh, Fundraising and Sponsorship Manager, at [email protected]

ENDS 

Notes to Editor:

Visitor information at the National Gallery of Ireland:

No booking required – the permanent collection and many temporary exhibitions are free for all to enjoy. Tickets are required for some temporary exhibitions. See nationalgallery.ie.

About the National Gallery of Ireland:

The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired.

About Northern Trust: 

Northern Trust Corporation is a leading provider of wealth management, asset servicing, asset management and banking to corporations, institutions, affluent families and individuals. Founded in Chicago in 1889, Northern Trust has a global presence with offices in 22 U.S. states and Washington, D.C., and across 23 locations in Canada, Europe, the Middle East and the Asia Pacific region. For more than 130 years, Northern Trust has earned distinction as an industry leader for exceptional service, financial expertise, integrity and innovation.

Northern Trust in Ireland: 

As one of Ireland’s largest fund administrators and global custodians, our business helps clients respond to today’s fast-paced global environment. Northern Trust employs more than 1,700 people across offices in Dublin and Limerick, helping facilitate operational efficiency, speed-to-market and business focus for our clients, while supporting governance, risk management and distribution requirements for their traditional and alternative fund.

 

Féilire Bliantúil 2024 seolta ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Tá féilire an Ghailearaí á urrú ag an Northern Trust arís agus le feiceáil ann tá saothar le healaíontóirí éagsúla lena n-áirítear Paul Cézanne, Sior John Lavery agus Evie Hone
Cúis áthais do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann féilire bliantúil na bliana seo a sheoladh, le tacaíocht ón Northern Trust. Bronntanas Nollag iontach dóibh siúd ar spéis leo saothair ealaíne, tá an féilire ar fáil ar líne agus i Siopa an Ghailearaí.

Bunaithe ar shaothar Paul Cézanne, La Vie des Champs, atá ar fáil sa bhailiúchán náisiúnta anois, tá meascán de shaothair nua agus de radhairc amuigh faoin aer, péinteáiltear en plein air, le feiceáil san fhéilire. Íomhánna cumhachtacha ón Iodáil, díonta in Saint Tropez, gairdín sa Fhrainc agus i mBaile Átha Cliath faoi bhrat báistí - deis éalú ón ngnáthshaol gach mí den bhliain.

Tá saothair ó ealaíontóirí cáiliúla an Ghailearaí le fáil san fhéilire, saothair le Sior John Lavery, John Singer Sargent agus Evie Hone. Is buaicphointí iad dhá shaothar nua atá faighte ag an nGailearaí le beirt banealaíontóirí tábhachtacha: Saothar neamhbheo gleoite Rachel Ruysch, Vase of Flowers with an Ear of Corn agus saothar Hannah Höch dar teideal Duft, ina dtugtar léargas ar an indibhidiúlacht laistigh den Tríú Reich.

Seo a leanas an liosta iomlán ealaíontóirí a bhfuil saothar dá gcuid ar taispeáint - Evie Hone, Una Watters, John Singer Sargent, Mildred Anne Butler, Paul Signac, John Lavery, Paul Cezanne, Letitia Marion Hamilton, Mary Swanzy, Hannah Höch, Rachel Ruysch agus William John Leech. 

Is féidir breathnú ar an bhfoilseachán ar bhonn míosúil. Is é €14.00 an costas agus is féidir an foilseachán a cheannach i Siopa Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann nó ar líne ag www.shop.nationalgallery.ie.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann:Buaicphointe d'fhoireann an Ghailearaí gach bliain é an féilire bliantúil: cúis áthais dúinn an 12 shaothar roghnaithe a roinnt lenár gcuairteoirí gach fómhar. I mbliana, tá roinnt saothar cáiliúil le fáil taobh le roinnt saothar cáiliúil eile ón mbailiúchán buan. Cúis áthais dúinn go mbeidh saothair ón nGailearaí le feiceáil ar bhallaí tithe ar fud na hÉireann agus níos faide ó bhaile, agus gabhaimid buíochas arís leis an Northern Trust as tacú linn arís in 2024.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Meliosa O'Caoimh, ceannasaí Northern Trust in Éirinn:Tá an Northern Trust ag tacú leis na healaíona le fada an lá, saothair ealaíne ina léirítear tuairimí ríthábhachtacha, uathúla agus éagsúla maidir le himeachtaí atá ag tarlú faoi láthair agus maidir le taithí daoine ar an saol. Cúis bhróid dúinn féilire an Ghailearaí a urrú arís i mbliana agus táimid ag súil go mór le heagrán 2024 agus leis an meascán peirspictíochtaí agus stíleanna ealaíne.

Is deis iad na comhpháirtíochtaí corparáideacha leis an nGailearaí a bheith ag obair leis an bpríomhinstitiúid chultúrtha in Éirinn agus tionchar a imirt ar a chláir taispeántas éagsúla agus ar ghníomhaíochtaí oideachais, foghlama agus rannpháirtíochta. Tá an chomhpháirtíocht seo le Northern Trust ag teacht le comhshaothair eile le BSL, Zurich Insurance plc, Grant Thornton, SMBC Aviation Capital agus tuilleadh grúpaí nach iad. Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait maidir le clár Comhpháirtíochta Corparáidí an Ghailearaí, déan teagmháil le Claire McDonagh, Bainisteoir Tiomsaithe Airgid agus Urraíochta, ag [email protected].

CRÍOCH 

Teagmhálaí na Meán:
 
Nótaí do na hEagarthóirí:

Eolas do chuairteoirí maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Ní gá áit a chur in áirithe – is féidir le gach duine taitneamh a bhaint as an mbailiúchán buan agus as na bailiúcháin shealadacha éagsúla gan táille a íoc. Teastaíonn ticéid le haghaidh roinnt taispeántas sealadach. Féach ar nationalgallery.ie.

Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Is é Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ceann de na nithe is díol spéise do thurasóirí is coitianta in Éirinn agus is ann atá bailiúchán an náisiúin de shaothair ealaíne Eorpacha agus Éireannacha ón mbliain 1300 go dtí an lá atá inniu ann, mar aon le Leabharlann agus Cartlann shuntasach. Tá saorchead isteach chuig an mbailiúchán ag gach duine chun taitneamh a bhaint as, a bheith ag foghlaim agus a machnamh a dhéanamh.

Eolas maidir leis an Northern Trust: 

Is príomhsholáthraí é Northern Trust Corporation de bhainistíocht rachmais, seirbhísiú sócmhainní, bainistíocht sócmhainní agus seirbhísí baincéireachta do chorparáidí, institiúidí, teaghlaigh agus daoine aonair rachmasacha. Bunaíodh an Northern Trust sa bhliain 1889 in Chicago, agus tá láithreacht dhomhanda aige anois le hoifigí in 22 stát SAM agus Washington, D.C. agus in 23 suíomh i gCeanada, an Eoraip, an Meánoirthear agus réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Le haghaidh níos mó ná 130 bliain, tá cáil bainte amach ag Northern Trust mar cheannaire tionscail a chuireann seirbhís den scoth ar fáil, saineolas airgeadais, seirbhís mhacánta agus nuálaíocht.

An Northern Trust in Éirinn: 

Mar cheann de na riarthóirí ciste agus coimeádaithe domhanda is mó in Éirinn, cabhraíonn ár ngnóthaí le cliaint freagairt do thimpeallacht dhomhanda, atá ag athrú go tapa. Tá breis is 1,700 duine fostaithe ag Northern Trust ina chuid oifigí i mBaile Átha Cliath agus i Luimneach, daoine a chabhraíonn le héifeachtúlacht oibríochtúil a éascú, le luas go margadh agus fócas gnó dár gcliaint, agus ag an am céanna táthar ag tacú le rialachas, bainistíocht riosca agus riachtanais dáileacháin dá gciste traidisiúnta agus malartach.

You might also like: