Music, poetry, design and more at the National Gallery of Ireland for late-night events

Music, poetry, design and more at the National Gallery of Ireland for late-night events

Thursday Lates this October, November and December as part of the After Hours at the Museum Scheme

People of all ages will have the chance to explore the National Gallery of Ireland in new ways this autumn and winter at Thursday Lates. The Gallery is open until 8.30pm every Thursday, and on four evenings in October, November and December it will come alive with music, poetry, tours, lectures and crafts. Thursday Lates is supported by the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media in support of the Night-Time Economy After Hours at the Museum scheme.

On Thursday 19 October 2023 from 5pm, the Gallery  celebrates the opening of its landmark winter show Lavery. On Location with the first Thursday Late of 2023. Neo-soul and jazz fusion band Lavery, who share a love of the art of Sir John Lavery, will perform live in the Gallery’s atmospheric Courtyard. Poet Stephen Clare will be situated in the Atrium composing original, personalised poems for Gallery visitors on Lavery. On Location notecards. The ever-popular Tipple with Art is back as over 18s can enjoy a glass of prosecco or soft drink whilst recreating an iconic Lavery work from the Gallery’s collection with a fine art facilitator on hand to help. Down in the Lecture Theatre, TCD’s Dr Angela Griffiths will lead a fascinating discussion on Lavery and Irish nationalism. A free guided tour of the permanent collection exploring artworks by Lavery and his contemporaries will run at 5pm.Tickets will be available for paid exhibition Lavery. On Location with a special offer to include a Lavery inspired tasting board experience at the Gallery Café. Most events are free but ticketed.

From 5.30pm on Thursday 2 November 2023, Thursday Lates celebrates Irish makers with a design-themed evening. Demonstrations and talks in the Gallery Shop with fashion and jewellery designers run from 6pm. Internationally acclaimed fashion and avant garde luxury leather goods designer Una Burke will demonstrate her leather studding technique for visitors to the Shop. Designer Jennifer Rothwell explores the process of creating silk scarves influenced by Irish folklore and traditions and her collaboration with the Gallery inspired by Harry Clarke. And jewellery designer Bláithín Ennis will host a styling session for guests with her sister, fashion designer Niamh Ennis. All to the sounds of DJ Dandelion, who will be spinning everything from northern soul to glam rock on the decks.  Two free guided tours will explore the themes of Irish art and crafts. Visitors will also have the opportunity to win a free membership to Friends of the National Gallery as well as other unique spot prizes on the night. All events are free.

Spanish art and culture is at the heart of the next Thursday Late on Thursday 16 November 2023. A free screening of art documentary Zurbarán and His Twelve Sons is followed by a Q&A with Gallery curators Dr Aoife Brady and Dr Lizzie Marx. Spanish harpist and singer Pilar Paradela will fuse flamenco with modern influences in the Gallery’s stunning Shaw Room in a free live performance. Over in the Gallery Café, Spanish gastronomic writer Blanca Valencia leads an interactive talk about culture and art over Spanish tapas and wine tasting. Two free guided tours of the permanent collection focus on works by Spanish artists. Most events are free but ticketed.

From 5pm on Thursday 7 December 2023, visitors can kick off their festive season at the National Gallery of Ireland’s final Thursday Late of the year. Dublin’s LGBT+ choir Glória will take over the iconic Shaw Room for a mix of yuletide favourites and new carols. Mulled cider and mince pies will be available for free in the Gallery Café, and two special free Christmas tours of the collection offer the chance to learn more about the national collection. A drop in workshop will run throughout the evening exploring holiday crafts from diverse traditions for adults and children alike.  All events are free.

Andrew Hetherington, Head of Audience Development & Stakeholder Engagement at the National Gallery of Ireland, added, “We are greatly looking forward to welcoming visitors of all ages to our series of Thursday Late events this autumn and winter. From poetry to performance, and food to film, we hope that visitors find inspiration and enjoyment within the Gallery walls during these special events.”

The Gallery would like to thank the Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media for its ongoing support. 

Find out more at nationalgallery.ie

 

ENDS

Media contact:

Kate O’Leary, Communications, National Gallery of Ireland

Notes to Editor:

  • Images are available on request.
  • Vanessa Moss, Events Manager at the National Gallery of Ireland, is available for interview.

 

 

Ceol, filíocht, dearadh agus go leor eile ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann le haghaidh imeachtaí déanach sa trathnóna

Déardaoin Déanach an Deireadh Fómhair, Samhain agus Nollaig seo mar chuid den Scéim i nDiaidh Am Druidte ag an Músaem

Beidh deis ag daoine de gach aois fiosrú a dhéanamh ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ar bhealaí nua an fómhar agus an geimhreadh seo ag Déardaoin Déanach. Bíonn an Gailearaí ar oscailt go dtí 8.30pm gach Déardaoin, agus beidh sé ag teacht beo le ceol, filíocht, turais, léachtaí agus ceardaíocht le linn ceithre thráthnóna i mí Dheireadh Fómhair, mí na Samhna agus mí na Nollag. Tugann an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tacaíocht don Déardaoin Déanach chun tacú leis an scéim Geilleagair Oíche I nDiaidh Am Druidte ag an Músaem.

Ar Déardaoin an 19 Deireadh Fómhair 2023 ó 5pm, ceiliúrfaidh an Gailearaí oscailt a shainsheó geimhridh Lavery. On Location leis an gcéad Déardaoin Déanach de 2023. Beidh Lavery, banna snagcheoil agus nuashóil, a bhfuil grá acu d’ealaín Sir John Lavery, beo ar stáitse i gclós atmaisféarach an Ghailearaí. Beidh an file Stephen Clare lonnaithe san Atrium ag cumadh dánta uathúla, pearsanta do chuairteoirí ar an nGailearaí ar chártaí nótaí Lavery. On Location. TáTipple le Art, a bhfuil an-tóir air, ar ais agus beidh daoine os cionn 18 mbliana d’aois in ann taitneamh a bhaint as gloine prosecco nó deoch bhog agus iad ag athchruthú saothar íocónach Lavery ó bhailiúchán an Ghailearaí agus beidh éascaitheoir mínealaíne ar fáil chun cuidiú a thabhairt. Síos sa Léachtlann, beidh an Dr Angela Griffiths ó Choláiste na Tríonóide i gceannas ar phlé iontach ar Lavery and Irish nationalism (Lavery agus náisiúnachas Éireannach). Reáchtálfar turas treoraithe saor in aisce ar an mbailiúchán buan ag fiosrú saothair ealaíne le Lavery agus lena lucht comhaimsire ag 5in. Beidh ticéid ar fáil don taispeántas íoctha Lavery. On Location le tairiscint speisialta ina mbeidh eispéireas cláir bhlaiseadh spreagtha ag Lavery san áireamh ag Caifé an Ghailearaí. Tá formhór na n-imeachtaí saor in aisce ach tá gá le ticéad dóibh.

Ó 5.30in Déardaoin 2 Samhain 2023, déanfaidh Déardaoin Déanach ceiliúradh ar dhéantóirí Éireannacha le linn tráthnóna leis an téama den dearadh. Beidh taispeántais agus cainteanna i Siopa an Ghailearaí le dearthóirí faisin agus seodra ar siúl ó 6in. Léireoidh an dearthóir faisin agus só-earraí leathair avant garde, Una Burke, a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi, a teicníc aidhleannra leathair do chuairteoirí chuig an Siopa. Fiosraíonn an dearthóir Jennifer Rothwell an próiseas a bhaineann le scaifeanna síoda a chruthú atá spreagtha ag béaloideas agus traidisiúin na hÉireann agus a comhoibriú leis an nGailearaí arna spreagadh ag Harry Clarke. Agus beidh an dearthóir seodra Bláithín Ennis ina hóstach ar sheisiún stílithe d’aíonna lena deirfiúr, an dearthóir faisin Niamh Ennis. Go léir le fuaimeanna DJ Dandelion, a bheidh ag casadh gach stíl ó shól thuaidh go rac péacach ar na deiceanna.  Beidh dhá thuras treoraithe saor in aisce ag fiosrú téamaí ealaíne agus ceardaíochta na hÉireann. Beidh deis ag cuairteoirí freisin ballraíocht in aisce a bhuachan do Chairde an Ghailearaí Náisiúnta chomh maith le spotduaiseanna uathúla eile ar an oíche. Beidh gach imeacht saor in aisce.

Beidh ealaín agus cultúr na Spáinne i gcroílár an chéad Déardaoin Déanach eile ar an Déardaoin 16 Samhain 2023. Taispeáint saor in aisce den chlár faisnéise ealaíona, Zurbarán and His Twelve Sons, agus ina dhiaidh sin beidh seisiún Ceisteanna agus Freagraí le coimeádaithe an Ghailearaí, an Dr Aoife Brady agus an Dr Lizzie Marx. Seinnfidh an cláirseoir agus an t-amhránaí Spáinneach Pilar Paradela ceol flamenco le tionchair nua-aimseartha i seomra den scoth, an Seomra Shaw sa Ghailearaí i léiriú beo saor in aisce. I gCaifé an Ghailearaí, stiúrfaidh an scríbhneoir gastranómach Spáinneach Blanca Valencia caint idirghníomhach faoin gcultúr agus faoin ealaín le linn blaiseadh tapas  agus fíona Spáinní. Beidh dhá thuras treoraithe saor in aisce ar an mbailiúchán buan dírithe ar shaothair le healaíontóirí Spáinneacha. Tá formhór na n-imeachtaí saor in aisce ach tá gá le ticéad dóibh.

Ó 5in ar an Déardaoin an 7 Nollaig 2023, is féidir le cuairteoirí tús a chur le séasúr na Nollag ag Déardaoin Déanach deiridh na bliana i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Beidh cór LGBT+ Bhaile Átha Cliath Glória i réim sa Sheomra clúiteach Shaw le haghaidh meascán de cheanáin mhóréilimh na Nollag agus carúil nua. Beidh leann úll meilte agus pióga mionra ar fáil saor in aisce i gCaifé an Ghailearaí, agus reáchtálfar dhá thuras Nollag speisialta saor in aisce ar an mbailiúchán, lena dtabharfar an deis níos mó a fhoghlaim faoin mbailiúchán náisiúnta. Beidh ceardlann buail isteach ar siúl ar feadh an tráthnóna ag fiosrú faoi cheardaíocht na Nollag ó thraidisiúin éagsúla do dhaoine fásta agus do leanaí araon.  Beidh gach imeacht saor in aisce.

Chuir Andrew Hetherington, Ceannasaí Forbartha Lucht Féachana & Rannpháirtíochta na bPáirtithe Leasmhara i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, leis, “Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh chuairteoirí de gach aois chuig ár sraith imeachtaí um Dhéardaoin Déanach an fómhar agus an geimhreadh seo. Ó fhilíocht go léiriú, agus bia go scannán, tá súil againn go bhfaighidh cuairteoirí inspioráid agus taitneamh laistigh de bhallaí an Ghailearaí le linn na n-imeachtaí speisialta seo.”

Ba mhaith leis an nGailearaí buíochas a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as a tacaíocht leanúnach. 

Faigh tuilleadh eolais ar nationalgallery.ie

 

CRÍOCH

Teagmhálaí Meán:

Kate O'Leary, Cumarsáid, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

 Nótaí don Eagarthóir:

  • Tá íomhánna ar fáil ach iad a iarraidh.
  • Tá Vanessa Moss, Bainisteoir Imeachtaí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, ar fáil le haghaidh agallaimh.

 

You might also like: