Join the National Gallery of Ireland for a range of family activities on Culture Night

""
Paul Cézanne, La Vie des Champs, 1876-77Credit

The National Gallery of Ireland will host a wide range of family-friendly activities throughout the Gallery space on Culture Night, Friday, 22 September. Guests can visit our newly acquired ‘La Vie des Champs’ by Paul Cézanne, explore the building and engage with a specially curated interactive programme from 5:00pm.

Visitors will have the opportunity to find out about all of the Gallery’s new Paul Cézanne acquisition, La Vie des Champs. A dedicated tour guide will be available to discuss the painting, where it is on display in the Millennium Wing.

The French connection will be further celebrated with the façade of the National Gallery of Ireland lit up on Culture Night with Painting Mirror, an interactive digital display of portraits and landscapes submitted by the public. This developing digital arts project was created by Maxime Touroute, French digital artist and engineer and Tom Veniat, PhD/Researcher in Artificial Intelligence. The Gallery has partnered once again with the French Embassy in Ireland and are issuing a callout for landscape and cityscape photographs to be included on the night. 

From anywhere in Ireland, France and beyond, children and adults can participate by sending a photograph of a landscape or cityscape, along with their name, email address, name of the place and county to [email protected] from 16 August. Submission deadline is 18 September 12pm.

In addition, this year we are encouraging image submissions of your visit to the Gallery as an extra feature to our digital display. Within copyright, if your image features you and your favourite highlight of the Gallery we would love to feature your experience and bring it to life from the inside out! Visitors on Culture Night will also have the option to snap their portrait in a photo booth. 

A selection of shortlisted, original, unedited photographs will be projected onto the walls of the National Gallery of Ireland’s Merrion Square façade, followed by a display of the same photographs, mirrored in the style of much loved artists such as Paul Cézanne, Claude Monet, Mainie Jellett and Harry Clarke, to name a few.

Inspired by Irish, French and European works from the Gallery’s collection and accompanied by DJ sets, Painting Mirror will run from 8pm to 11pm outdoor in the Merrion Square forecourt. It will also be broadcasted live on Facebook, so participants can watch their pictures displayed as they appear on the live projection. 

An exciting programme of events will happen throughout the evening in conjunction with Painting Mirror.  This will include free themed tours of the national collection from 5pm onwards focusing on family favourites, Irish and European Art, LGBTQIA+ Art, music and costumes + Art, and a sketching tour. Frederic William Burton’s ever-popular painting Hellelil and Hildebrand, the Meeting on the Turret Stairs (1864) will also be on view for visitors to enjoy. 

The Gallery Café and Gallery Shop will be open until 8.30pm, and the pop-up café will open until 10.00pm serving snacks. 

Exhibitions on display at the National Gallery of Ireland for Culture Night include:

It took a Century: Women artists and the RHA - This National Gallery of Ireland/Royal Hibernian Academy collaboration showcases women’s membership of the Royal Hibernian Academy from the election in 1923 of the first woman member, Sarah Purser, to the first woman President, Abigail O’Brien, in 2018. 

Shelter - Shelter presents new artworks created by the five members of the Shell/Ter Artist Collective (S/TAC). Diana Copperwhite, Allyson Keehan, Niamh McGuinne, Sharon Murphy and Geraldine O’Neill work in a variety of formats: painting, sculpture, expanded print and photography. Their work is complemented by a selection of objects from the Gallery’s collection. 

James Coleman: Still Life 2013 - 2016 - James Coleman’s video installation Still Life, 2013-2016 (yellow version), presents a silent, large-scale projection of an uprooted poppy against a black background.


For more information, visit www.nationalgallery.ie 


ENDS

Notes to Editor:

•    Images available on request

About the National Gallery of Ireland:
The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired.


Notes on Painting Mirror:
Painting Mirror is part of the European Culture Trail – a EUNIC Ireland (European Union National Institutes for Culture) initiative for Culture Night in cooperation with the European Commission Representation in Ireland. Participants include Alliance Française Dublin, Goethe-Institut, Instituto Cervantes, Istituto Italiano di Cultura, European Commission Representation in Ireland, French Embassy and the National Gallery of Ireland. 
Those visiting the European Culture Trail events in person are invited to download the ‘European Culture Trail Passport’ and collect stamps or signatures at each stop.  The passports with the most stamps at the end of the night will then be entered into a raffle for the chance to win some wonderful prizes.

 


Bí i dteannta le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann nuair a chuirfear réimse gníomhaíochtaí teaghlaigh ar siúl ar Oíche an Chultúir


Cuirfidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann réimse fairsing gníomhaíochtaí don teaghlach ar siúl ar fud spás an Ghailearaí ar Oíche an Chultúir, Dé hAoine, an 22 Meán Fómhair. Is féidir le haíonna cuairt a thabhairt ar an bpictiúr a fuaireamar le déanaí, ‘La Vie des Champs’ le Paul Cézanne, siúl thart san fhoirgneamh agus páirt a ghlacadh i gclár idirghníomhach a choimeádfar go speisialta ó 5:00pm.


Beidh an deis ag cuairteoirí eolas a fháil ar an bpictiúr nua le Paul Cézanne a fuair an Gailearaí le déanaí, La Vie des Champs. Beidh treoraí tiomnaithe turais ar fáil chun plé a dhéanamh ar an bpictiúr, áit a bhfuil sé ar taispeáint i Sciathán na Mílaoise.


Déanfar ceiliúradh breise ar an gceangal atá againn leis an bhFrainc agus déanfar aghaidh Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a shoilsiú ar Oíche an Chultúir le Scáthán na bPictiúr, taispeántas idirghníomhach digiteach de phortráidí agus tírdhreacha a sheol an pobal isteach chugainn. Chruthaigh Maxime Touroute, an t-ealaíontóir agus an t-innealtóir digiteach Francach agus Tom Veniat, PhD/Taighdeoir in Intleacht Shaorga, an tionscadal ealaíon digiteach seo atá á fhorbairt. Chuaigh an Gailearaí i gcomhpháirt arís eile le hAmbasáid na Fraince in Éirinn agus tá glaoch á eisiúint acu ar ghrianghraif thírdhreacha agus dhreach cathrach a chur san áireamh ar an oíche. 


Is féidir le leanaí agus daoine fásta páirt a ghlacadh ó áit ar bith in Éirinn, an Fhrainc agus níos faide i gcéin, trí ghrianghraf de thírdhreach nó de dhreach cathrach a sheoladh, agus a n-ainm, a seoladh ríomhphoist, ainm na háite agus an chontae chuig [email protected] ón 16 Lúnasa. Is é an spriocdháta d’aighneachtaí an 18 Meán Fómhair 12pm. 
Anuas air sin, spreagaimid i mbliana íomhánna a sheoladh de do chuairt ar an nGailearaí mar ghné bhreise lenár dtaispeántas digiteach. Laistigh de chóipcheart, má tá tú féin agus an rud is fearr leat sa Ghailearaí le feiceáil, b’aoibhinn linn d’eispéireas a thabhairt chun solais agus beocht a chur san íomhá trí í a thaispeáint ar an taobh amuigh den Ghailearaí! Beidh an rogha ag cuairteoirí ar Oíche an Chultúir chomh maith grianghraf a ghlacadh dá bportráid i mboth grianghraf. 


Déanfar roinnt grianghraif bhunúla agus nach ndearnadh eagarthóireacht orthu agus a cuireadh ar an ngearrliosta a theilgean ar bhallaí aghaidh Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann i gCearnóg Mhuirfean, agus taispeánfar roinnt de na grianghraif chéanna ina dhiaidh sin, a dhéanfar a thaispeáint i stíl na n-ealaíontóirí a bhfuil an-mheas orthu, cosúil le Paul Cézanne, Claude Monet, Mainie Jellett agus Harry Clarke, i measc go leor ealaíontóirí eile. 


Le spreagadh ó shaothair Éireannacha, Fhrancacha agus Eorpacha ó bhailiúchán an Ghailearaí agus le tionlacan seiteanna ceirneora, beidh Scáthán na bPictiúr ar siúl ó 8pm go 11pm taobh amuigh i réamhchúirt Chearnóg Mhuirfean. Craolfar beo freisin é ar Facebook, agus beidh rannpháirtithe in ann féachaint ar a bpictiúir á dtaispeáint de réir mar a bhíonn siad le feiceáil ar an teilgean beo. 


Titfidh clár spreagúil imeachtaí amach i gcaitheamh an tráthnóna i gcomhar le Scáthán na bPictiúr.  Áireofar leis seo turais théamúla saor in aisce ar an mbailiúchán náisiúnta ó 5pm ar aghaidh a dhíreoidh ar na saothair is ansa le teaghlaigh, Ealaín Éireannach agus Eorpach, Ealaín LADTAIÉ+, ceol agus feistis agus Ealaín, agus turas sceitseála.  Beidh an pictiúr le Frederic William Burton, a mbíonn síorthóir air, Hellelil and Hildebrand, the Meeting on the Turret Stairs (1864) ar taispeáint freisin chun gur féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as. 


Beidh Caifé an Ghailearaí agus Siopa an Ghailearaí ar oscailt go dtí 8.30pm, agus beidh an preabchaifé ar oscailt go dtí 10.00pm agus beidh sneaiceanna ar fáil ann. 
I measc na dtaispeántas ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar Oíche an Chultúir, beidh:


It took a Century: Women artists and the RHA - Taispeántar sa chomhoibriú seo idir Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus  an tAcadamh Ibeirneach Ríoga ballraíocht bhan den Acadamh Ibeirneach Ríoga nuair a toghadh in 1923 an chéad bhall mná, Sarah Purser, go dtí an chéad Uachtarán mná, Abigail O’Brien, in 2018. 


Shelter - Cuireann Shelter saothair ealaíne nua i láthair a chruthaigh cúigear ball de Chomharghrúpa Ealaíontóirí Shell/Ter (S/TAC). Oibreoidh Diana Copperwhite, Allyson Keehan, Niamh McGuinne, Sharon Murphy agus Geraldine O’Neill i bhformáidí éagsúla: péintéireacht, dealbhóireacht, cló fairsingithe agus grianghrafadóireacht. Cuireann rogha earraí ó bhailiúchán an Ghailearaí lena saothair. 


James Coleman: Still Life 2013 -2016 - Cuirtear i láthair i suiteán físe James Coleman, Still Life, 2013-2016 (an leagan buí), teilgean ciúin mórscála de phoipín stoite in aghaidh cúlra dubh.


Chun teacht ar bhreis eolais, tabhair cuairt ar www.nationalgallery.ie 


CRÍOCH


Eolas faoi Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann:
Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar cheann de na nithe is mó is díol spéise do chuairteoirí sa tír ina bhfuil bailiúchán ealaíne Eorpaí agus Éireannaí na tíre ó thart ar an mbliain 1300 go dtí an t-am i láthair, chomh maith le Leabharlann agus Cartlann fhairsing. Tá cead isteach chuig an mbailiúchán saor in aisce chun gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as, foghlaim agus spreagadh a fháil.


Nótaí ar Painting Mirror:
Tá Scáthán na bPictiúr mar chuid de Bhealach Cultúir na hEorpa – tionscnamh EUNIC Éireann (Forais Náisiúnta Chultúir an Aontais Eorpaigh) d’Oíche an Chultúir i gcomhar le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn. I measc na rannpháirtithe tá Alliance Française, Baile Átha Cliath, Goethe-Institut, Instituto Cervantes, Istituto Italiano di Cultura, Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn, Ambasáid na Fraince agus Gailearaí Náisiúnta na hÉireann. 
Tugtar cuireadh dóibh siúd a thabharfaidh cuairt ar imeachtaí Bhealach Cultúir na hEorpa i bpearsan chun ‘Pas Bhealach Cultúir na hEorpa’ a íoslódáil agus stampaí nó sínithe a bhailiú ag gach stad.  Iontrálfar na pasanna ina bhfuil an méid is mó stampaí ag deireadh na hoíche isteach i gcrannchur agus cuirfear deis ar fáil chun roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan. 

Explore more