The National Gallery of Ireland is delighted to announce that the AIB Portrait Prize and Young Portrait Prize 2025 competitions are now open for entries from people of all ages. The AIB Portrait Prize highlights contemporary portraiture, welcoming entries from artists working in all media, both in Ireland and from Irish artists living abroad. The AIB Young Portrait Prize invites submissions from young artists aged 18 and under. The closing date for receipt of entries for both competitions is 10pm on Friday, 04 July 2025.
The AIB Portrait Prize aims to spark interest in contemporary portraiture and to highlight the nation’s portrait collection at the National Gallery of Ireland. It plays a vital role in celebrating a wide range of artistic practices and interpretations of portraiture. Hundreds of artworks by artists working across all disciplines are considered by an expert judging panel, to be announced in the coming months.
The winning artist will be awarded a prize of €15,000 and a commission worth €5,000 to produce a new work for inclusion in the national portrait collection. Two additional prizes of €1,500 are awarded to highly commended works.
The AIB Young Portrait Prize aims to foster and support creativity, originality, and self-expression in children and young people. There are four age categories: aged 6 and under, 7–11, 12–15, and 16–18. Winners in each category, as well as an overall winner, are selected from a shortlist of works. Prizes include a beautiful bespoke art box and a cash prize for the winner.
Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, said, "The AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize provide a platform to spotlight the exceptional talent of Irish portrait artists while encouraging the public to engage with modern Irish portraiture. Each year, the works selected showcase an impressive diversity of artistic voices. We are proud to continue our partnership with AIB and look forward to seeing the inspirations and subjects that have sparked creativity among artists of all generations."
Colin Hunt, CEO of AIB, said “As a long-term supporter of the arts in Ireland, AIB is delighted to continue our sponsorship of the AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize. This partnership not only champions the exceptional talent of Irish portrait artists, but also fosters a national conversation around creativity and artistic expression. We look forward to seeing this year’s portraits and the unique perspectives they bring to life, and we are excited that the public will have the opportunity to enjoy them.”
The exhibitions will run in the National Gallery of Ireland’s Portrait Gallery from 8 November 2025 to 15 March 2026.
The highly commended artists, category winners, and overall winners of the AIB Portrait Prize and Young Portrait Prize will be announced at a prize-giving ceremony in November 2025, after the exhibitions have opened to the public at the Gallery.
Applications are now open and available online via the National Gallery of Ireland website. Find out more at www.nationalgallery.ie.
ENDS
Media contact:
- Contact [email protected] for more information.
Notes to Editor:
- Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, is available for interview.
- AIB spokesperson available for interview.
Exhibition listing:
- AIB Portrait Prize and Young Portrait Prize 2025
- Portrait Gallery (Room 23), National Gallery of Ireland: 8 November 2025 to 15 March 2026
- Free admission
Gallery opening hours:
- Monday: 11am – 5.30pm
- Tuesday – Wednesday: 9.15am – 5.30pm
- Thursday: 9.15am – 8.30pm
- Friday – Saturday: 9.15am –5.30pm
- Sunday: 11am – 5.30pm
About the National Gallery of Ireland:
The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired. Tickets are required for some temporary exhibitions.
- Website: nationalgallery.ie
- Instagram: @nationalgalleryofireland
- Twitter: @NGIreland
- Facebook: @nationalgalleryofireland
- LinkedIn: @nationalGalleryofIreland
AIB Portrait Prize:
The AIB Portrait Prize, open to artists aged 19 and over, runs for the eleventh time in 2025 with AIB as its sponsor for the second year. The aim of the AIB Portrait Prize is to showcase and encourage interest in contemporary portraiture, support Irish talent and to raise the profile of the long-standing and constantly evolving national portrait collection at the National Gallery of Ireland.
AIB Young Portrait Prize:
The AIB Young Portrait Prize is an inclusive art competition which aims to foster and support creativity, originality and self-expression in children and young people. Running for its seventh year in 2025, the competition accepts entries from young people up to the age of 18, of all abilities, from across the island of Ireland.
About AIB:
AIB Group operates predominantly in Ireland and the United Kingdom. Our shares are quoted on the Irish and London stock exchanges and we are a member of the FTSE4Good Index. Our four core operating segments are Retail Banking, Capital Markets, Climate Capital and AIB UK. Whether it’s adapting to a greener way of living, planning for the future, growing a business or simply navigating day-to-day life, our ambition as a Group is to be at the heart of our customers’ financial lives.
Iarratais oscailte anois do Dhuais Portráide AIB agus do Dhuais Portráide na nÓg AIB 2025 i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann
Tá ríméad ar fhoireann Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a fhógairt go bhfuil comórtais Dhuais Portráide AIB agus Dhuais Portráide na nÓg AIB 2025 oscailte anois d'iontrálacha ó dhaoine de gach aois. Dírítear le Duais Portráide AIB ar phortráidíocht chomhaimseartha, agus cuirtear fáilte roimh iontrálacha ó ealaíontóirí atá ag obair i ngach meán in Éirinn agus ó ealaíontóirí Éireannacha atá ina gcónaí thar lear. Cuirtear fáilte roimh iontrálacha ó ealaíontóirí óga 18 mbliana d'aois agus níos óige cur isteach ar Dhuais Portráide na nÓg AIB. Is é 10 i.n. Dé hAoine, 4 Iúil 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiontrálacha don dá chomórtas.
Is é ceann d’aidhmeanna Dhuais Portráide AIB spéis a mhúscailt i bportráidíocht chomhaimseartha agus aird a tharraingt ar bhailiúchán portráidí na tíre i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tá ról ríthábhachtach ag an gcomórtas seo maidir le ceiliúradh a dhéanamh ar réimse leathan cleachtas ealaíne agus léirmhínithe ar phortráidíocht. Féachfaidh painéal de shaineolaithe moltóireachta ar na céadta saothar ealaíne le healaíontóirí atá ag obair i ngach disciplín, agus fógrófar na torthaí sna míonna amach romhainn.
Bronnfar duais €15,000 ar an ealaíontóir a n-éiríonn leis an chéad áit a bhaint amach chomh maith le coimisiún ar fiú €5,000 é chun saothar nua a tháirgeadh lena chur sa bhailiúchán náisiúnta portráidí. Bronnfar dhá dhuais bhreise €1,500 ar shaothair a fhaigheann ardmholadh.
Is é ceann d’aidhmeanna Dhuais Portráide na nÓg AIB cruthaitheacht, úrnuacht agus féinléiriú a chothú agus tacú le leanaí agus le daoine óga. Tá ceithre aoisghrúpa ann: 6 bliana d'aois agus níos óige, 7-11, 12-15, agus 16-18. Roghnaítear buaiteoirí ó gach catagóir, chomh maith le buaiteoir foriomlán, ó ghearrliosta saothar. I measc na nduaiseanna, tá bosca ealaíne aoibhinn saincheaptha agus duais airgid ann don bhuaiteoir.
Dúirt an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, "Cuireann Duais Portráide AIB agus Duais Portráide na nÓg AIB ardán ar fáil chun aird a tharraingt ar chumas eisceachtúil ealaíontóirí portráide Éireannacha agus an pobal a spreagadh eolas a chur ar phortráidíocht nua-aimseartha na hÉireann ag an am céanna. Gach bliain, léiríonn na saothair a roghnaítear éagsúlacht iontach na n-ealaíontóirí. Is ábhar bróid dúinn é leanúint leis an gcomhpháirtíocht le AIB agus táimid ag tnúth leis an inspioráid agus leis na hábhair a spreag cruthaitheacht i measc ealaíontóirí de gach aois a fheiceáil."
Dúirt Colin Hunt, Príomhfheidhmeannach AIB "Tá tacaíocht á tabhairt le fada againn do na healaíona in Éirinn agus dá bhrí sin, tá ríméad ar AIB leanúint leis an urraíocht ar Dhuais Portráide AIB agus ar Dhuais Portráide na nÓg AIB. Ní hamháin go gcuireann an chomhpháirtíocht seo cumas eisceachtúil ealaíontóirí portráide Éireannacha chun cinn, cothaíonn sé comhrá náisiúnta maidir leis an gcruthaitheacht agus leis an léiriú ealaíonta freisin. Táimid ag tnúth le portráidí na bliana seo agus leis an dearcadh uathúil a thugann siad ar an saol a fheiceáil, agus táimid ar bís go mbeidh an deis ag an bpobal taitneamh a bhaint astu."
Beidh na taispeántais ar siúl sa Ghailearaí Portráidí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ón 8 Samhain 2025 go dtí an 15 Márta 2026.
Fógrófar ealaíontóirí, buaiteoirí catagóirí, agus buaiteoirí foriomlána Dhuais Portráide AIB agus Dhuais Portráide na nÓg AIB ag searmanas bronnta duaiseanna i mí na Samhna 2025, nuair a bheidh taispeántais oscailte don phobal sa Ghailearaí.
Tá iarratais oscailte anois agus ar fáil ar líne ar shuíomh gréasáin Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Faigh tuilleadh eolais ag www.nationalgallery.ie.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
- Tá an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ar fáil le haghaidh agallaimh.
- Tá urlabhraí de chuid AIB ar fáil le haghaidh agallaimh.
Liosta taispeántais:
Duais Portráide AIB agus Duais Portráide na nÓg AIB 2025
Gailearaí na bPortráidí (Seomra 23), Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: 8 Samhain 2025 go 15 Márta 2026
Cead isteach saor in aisce
Uaireanta oscailte an Ghailearaí:
Dé Luain: 11 r.n. – 5.30 i.n.
Dé Máirt – Dé Céadaoin: 9.15 r.n. – 5.30 i.n.
Déardaoin: 9.15 r.n. – 8.30 i.n.
Dé hAoine – Dé Sathairn: 9.15 r.n. – 5.30 i.n.
Dé Domhnaigh: 11 r.n. – 5.30 i.n.
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:
Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar cheann de na hionaid is mó sa tír a mheallann cuairteoirí agus is ann atá bailiúchán na tíre d’ealaín na hEorpa agus na hÉireann ó thart ar an mbliain 1300 go dtí an lá atá inniu ann, mar aon le Leabharlann agus Cartlann fhairsing. Tá cead isteach chuig an mbailiúchán saor in aisce do gach duine chun taitneamh a bhaint as, chun bheith ag foghlaim agus chun ábhar spreagtha a bhaint as. Tá ticéid ag teastáil le haghaidh roinnt taispeántas sealadach.
- Gréasán: nationalgallery.ie
- Instagram: @nationalgalleryofireland
- Twitter: @NGIreland
- Facebook: @nationalgalleryofireland
- LinkedIn: @nationalGalleryofIreland
Duais Portráide AIB
Reáchtálfar Duais Portráide AIB, atá oscailte d'ealaíontóirí 19 mbliana d'aois agus os a chionn, don aonú huair déag in 2025 agus AIB mar urraitheoir don dara bliain. Is é aidhm Dhuais Portráide AIB spéis na portráidráidíochta comhaimseartha a léiriú agus a spreagadh, tacú le tallann na hÉireann agus cur le próifíl an bhailiúcháin náisiúnta portráidí atá ag teacht chun cinn i gcónaí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Duais Portráide na nÓg AIB
Comórtas cuimsitheach ealaíne is ea Duais Portráide na nÓg AIB a bhfuil sé mar aidhm aige cruthaitheacht, úrnuacht agus féinléiriú a chothú agus tacú le leanaí agus le daoine óga. Beidh an comórtas ar siúl don seachtú bliain in 2025 agus glacfar le hiontrálacha ó dhaoine óga suas go dtí 18 mbliana d'aois, de gach cumas, ó gach cearn d'oileán na hÉireann.
Eolas faoi AIB
Oibríonn Grúpa AIB in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe den chuid is mó. Tá ár scaireanna luaite ar stocmhalartáin na hÉireann agus i Londain agus is ball den Innéacs FTSE4Good muid. Is iad na ceithre phríomhghné oibriúcháin atá againn Baincéireacht Mhiondíola, Margaí Caipitil, Caipiteal Aeráide agus AIB UK. Bíodh sé ag dul i dtaithí ar bhealach maireachtála níos glaise, ag pleanáil don todhchaí, ag fás gnó nó go díreach ag nascleanúint an tsaoil laethúil, is é an uaillmhian atá againn mar Ghrúpa a bheith i gcroílár shaol airgeadais na gcustaiméirí.
-
AIB Portrait Prize 2025
8 November 2025 - 15 March 2026
-
AIB Portrait Prize 2026
14 November 2026 - 14 March 2027
-
KPMG Ireland announced as Exhibition Partner for Picasso: From the Studio
24/03/2025: Ireland’s first major Picasso exhibition in 25 Year
-
William Blake: The Age of Romantic Fantasy
16 April – 19 July 2026