Ceardlann Gloine Dhaite Céadfach

Déanfaidh an ghníomhaíocht seo céadfaí do pháiste a mhealladh agus tá sé feiliúnach go háirithe dóibh siúd atá ag iarraidh ionchur céadfach.

Péintéir Éireannach agus ealaíontóir gloine dhaite ab í Evie Hone (1894-1955). Taispeántar a cuid oibre sa seomra gloine dhaite i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Táimid chun saothar Evie Hone a dhéanamh sa bhaile!

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ón mBaile

Ceardlann Gloine Dhaite Céadfach

Play

Céard a bheidh ag teastáil uainn?

  • Siosúr
  • Sreangán nó olann
  • Téip ghreamaitheach
  • Cárta
  • Marcóir dubh
  • Scragall stain
  • Péinteanna Póstaeir

 

Céimeanna

  1. Gearr amach an cárta ina dhronuilleog ón mbosca gránach bricfeasta.
  2. Gearr scoilteanna timpeall na n-imeall
  3. Cuir  snáth an tsreangáin tríd scoilteanna na n-imeall atá ar aghaidh a chéile sa chárta
  4. Cuir an sreangán timpeall an chárta chun cruthanna suimiúla a dhéanamh
  5. Iompaigh timpeall an cárta ,ceangal na sreangáin agus greamaigh, lena choinneáil slán.
  6. Gearr píosa scragall stáin atá sách mór chun an cárta a chlúdach
  7. Clúdaigh an cárta le scragall stáin agus greamaigh 
  8. Brúigh síos ionas go bhfuil  imlíne an phatrúin le feiceáil
  9. Úsáid do mhéara le haghaidh péinteáil 
  10. Pioc dathanna éagsúla do gach páirt atá imlínithe ag an sreangán
  11. Lig don phéint triomú ar feadh cúpla uair an chloig
  12. Tarraing os cionn  an tsreangáin le marcóir
  13. Taispeáin i d’fhuinneog é le go mbeidh daoine atá ag dul an bealach in ann taitneamh a bhaint as

You might also like