Michelangelo Merisi da Caravaggio (1571-1610), 'The Taking of Christ', 1602. © National Gallery of Ireland
Michelangelo Merisi da Caravaggio (1571-1610), 'The Taking of Christ', 1602. On indefinite loan to the National Gallery of Ireland from the Jesuit Community, Leeson St., Dublin who acknowledge the kind generosity of the late Dr. Marie Lea-Wilson, 1992. Photo © National Gallery of Ireland.Credit

Tógáil Chríost le Michelangelo Merisi da Caravaggio

Year
1602
Size
133.5 x 169.5 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Number
L.14702

Le linn na staire, ba bheag ealaíontóir a bhí mar chúis le hathrú chomh radacach sin i mothúcháin pictiúrtha is a bhí Caravaggio. Ón am ar aimsíodh an bua a bhí aige, d’éirigh sé go tapa ina phéinteoir ba cháiliúla a linne san Iodáil, chomh maith le foinse spreagtha do na céadta leantóir ar fud na hEorpa.

Phéinteáil Caravagggio The Taking of Christ don Mharcas Rómhánach Ciriaco Mattei ag deireadh 1602, nuair a bhí sé in ard a réime. Ag briseadh leis an am a bhí thart, thairg an t-ealaíontóir léiriú nua amhairc de na Soiscéil, ag laghdú an spáis timpeall thart ar na figiúir thrí cheathrú agus ag seachaint aon chur síos ar an suíomh. Tá gach béim dírithe ar ghníomh Judas agus ghardaí an teampaill ar Íosa, a bhí briste, agus nár thug aon frithbheartaíocht ar a raibh i ndán dó. Is é Naomh Eoin an Soiscéalaí an deisceabal ar chlé ag rith i mí-ordú. Is í an ghealach amháin a shoilsíonn an radharc: cé go bhfuil laindéar i lámh an fhir ar an taobh thall, is foinse neamhéifeachtach é. I ngnéithe an fhir sin, léirigh Caravaggio é féin, ag tríocha a haon bliain d’aois, mar fhéachadóir éighníomhach ar an gCoiméide Dhiaga