Skip to main content

An tIarthar: Ealaín ó imeall na hÉireann

An oil painting showing groups of people gathered on a village road, with thatched houses overlooking the sea. The women are wearing shawls and red dresses and are barefoot. There are animals - pigs and chickens - on the road too.
Walter Osborne (1859-1903), Life in Connemara, 1898. Courtesy of the O’Brien Collection. Photography: Michael Tropea.

1 Aibreáin - 11 Iúil 2027
Seomraí 6-10 | Ticéid idir €0 - €16

Tabharfaidh an taispeántas seo saothair le chéile ó ealaíontóirí a dhírigh a n-aird ar chósta thiar na hÉireann; ní hamháin le radhairc áille den tír-raon buan seo a léiriú, ach déanfar machnamh freisin ar an gcaoi ar athraigh an léiriú air le himeacht ama. Agus réimse ama ón naoú haois déag go dtí an lá atá inniu ann á chlúdach aige, scrúdóidh an taispeántas Iarthar na hÉireann mar áit chun iniúchadh a dhéanamh ar fhéiniúlacht, ar chuimhne agus ar an timpeallacht nádúrtha.

Beidh réimse leathan meán le feiceáil sa taispeántas, lena n-áirítear péintéireacht, dealbhóireacht, grianghrafadóireacht, físeáin agus saothair ar pháipéar. I measc na n-ealaíontóirí móréilimh a mbeidh a gcuid saothar ar taispeáint tá Sean Scully (r. 1945), Mainie Jellett (1897-1944), William Orpen (1878-1931), Seán Keating (1889-1977), Dorothea Lange (1895-1965), Frederic William Burton (1816-1900) agus Dorothy Cross (r. 1956). Gheobhaidh cuairteoirí ar an taispeántas seo léargas ar an Iarthar mar fhoinse saoirse, inspioráide, síochána, agus caomhnaithe is athbheochana cultúrtha, chomh maith le háit atá saibhir i scéalta faoi eispéireas an duine.

Déanfaidh an foilseachán a ghabhann leis an taispeántas tuilleadh plé ar na gnéithe idirdhisciplíneacha den taispeántas, agus déanfar iniúchadh ann ar stair shóisialta, pholaitiúil, chomhshaoil ​​agus chultúrtha Iarthar na hÉireann.

Coimeádaí: Sarah McAuliffe, Coimeádaí Ealaíne na hÉireann (iar-1900)