Diego Velázquez (1599-1660), 'Kitchen Maid with the Supper at Emmaus', c.1617-1618. © National Gallery of Ireland.
Diego Velázquez (1599-1660), 'Kitchen Maid with the Supper at Emmaus', c.1617-1618. © National Gallery of Ireland. Credit

Searbhónta cistine agus an suipéar ag Eamáús, le Diego Velázquez

Year
c.1617-1618
Size
55 x 118 cm
Medium
Ola ar chanbhás
Provenance
Arna bhronnadh ag Sir alfred agus an Bhantiarna Beit, 1987 (Bailiúchán Beit)
Number
NGI.4538

Tríd an bpóirse, faighimid radharc ar an suipéar ag eamáús, tráth a nochtadh Críost do bheirt de na
haspail tar éis a aiséirithe. Tá an chuma air go bhfuil an searbhónta tar éis stad dá cuid oibre, amhail is go dtuigeann sí cad é atá ag titim amach. Is é an tátal atá le baint as sin ná go bhfuil sábháil i ndán di, mar thiontaigh roinnt Múrach ina gCríostaithe sa spáinn. Phéinteáil Velázquez an pictiúr seo nuair a bhí sé 18 nó 19, le linn dó a bheith ag obair in Seville faoi thionchar Caravaggio. Meastar é a bheith ar an saothar is luaithe leis atá ar marthain. Tá sé ar cheann de roinnt bodegones a rinne sé, cumasc de phictiúir seánra agus d’ábhair neamhbheo suite i gcistin nó i dtábhairne. Bhí radharc reiligiúnach i gcuid acu, rud a mhéadaigh ar a luach.