Skip to main content

Rembrandt go Matisse – Ceiliúradh ar Shaothair Eorpacha ar Pháipéar

A detail from an etching by Rembrandt showing city on the horizon. To the right, a modest rural dwelling is visible, including the wheel of a cart.
Rembrandt van Rijn (1606-1669), Landscape with Cottages and a Hay Barn, 1641 - detail. Image, National Gallery of Ireland. Purchased, 2023.

18 Iúil - 6 Nollaig 2026
Gailearaí priontaí| Saorchead isteach.

Mar cheiliúradh ar Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá thart ar chaoga de scothshaothair ar pháipéar le healaíontóirí ó gach cearn na hEorpa le feiceáil sa taispeántas speisialta seo. Tá líníochtaí, priontaí, uiscedhathanna agus grianghraif le raon ealaíontóirí Eorpacha ón gcúigiú haois déag go dtí an lá atá inniu ann san áireamh. Scrúdaíonn an taispeántas na hábhair agus na stíleanna éagsúla a mhúnlaigh ealaín na hEorpa thar na céadta bliain. Ag léiriú athruithe i stíl agus i dteicníc le linn an tréimhse seo, léiríonn an taispeántas an neart a bhaineann le bailiúchán na Gailearaí thar tíortha agus tréimhsí éagsúla.

Coimeádaí: Niamh MacNally, Coimeádaí Seomra Priontaí agus Líníochtaí, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Maoinithe mar chuid den Chlár Cultúrtha d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026.

""
""
""

Aimsigh tuilleadh eolais