Emil Nolde (1867-1956), 'Large Poppies (Red, Red, Red)' - detail, 1942. © Nolde Stiftung Seebüll.
Emil Nolde (1867-1956), 'Large Poppies (Red, Red, Red)' - detail, 1942. © Nolde Stiftung Seebüll.Credit

Preaseisiúint 15/1/2018

Emil Nolde: Colour is Life
14 Feabhra – 10 Meitheamh 2018
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath

Cuirfear mórthaispeántas de shaothar Emil Nolde, péintéir eispriseanaíoch,  ceannródaíoch as an nGearmáin (1867-1956) i láthair i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath, ó 14 Feabhra go 10 Meitheamh 2018. Is comhoibriú é Emil Nolde: Colour is Life idir Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Gailearaí Náisiúnta Nua-Ealaíne na hAlban agus Fondúireacht Emil Nilde i Seebüll.

Cuimseoidh an taispeántas breis is 120 péintéireacht, líníocht, uiscedath agus prionta, a roghnaíodh go speisialta as bailiúchán Fhondúireacht Emil Nolde, i mbaile dúchais an ealaíontóra i dtuaisceart na Gearmáine. Beidh pictiúir ann a bhaineann le saol Nolde ar fad ó na péintéireachtaí atmaisféaracha luatha dá thír dhúchais go dtí na pictiúir ola diandaite agus a ‘phictiúir neamhdhaite’ mar a tugadh orthu – obair a rinneadh ar phíosaí beaga páipéir le linn an Tríú Reich, tráth ar measadh Nolde a bheith ina ealaíontóir ‘mímhórálta’ agus ar cuireadh cosc air a bheith ealaíontóir gairmiúil. I measc an tsaothair a bheidh ar taispeántas freisin, beidh péintéireachtaí cáiliúla bláthanna agus gairdíní le Nolde agus a chuid péintéireachtaí cráifeacha urghnácha, ina bhfuil meascán den spioradáltacht agus an earótachas.

Ba ealaíontóir thar a bheith cumasach agus sainiúil é Nolde a bhí ina mháistir ar dhathanna agus ar an iliomad teicnící priontaíochta. Cuireann an taispeántas seo leis an rath a bhí ar thaispeántas Edvard Munch a reáchtáladh i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann in 2009, taispeántas a léirigh saothar mhórealaíontóir eispriseanaíoch tuaisceartach eile as an tréimhse sin.

Tá an taispeántas roinnte i dtéamaí: Smaoineamh faoin mBaile; Ardchathair; Coimhlint agus Eacstais; Farraigí an Deiscirt agus an tAndúchas; agus Pictiúir d’Fharraigí agus de Ghairdíní. Taispeánfar breis is daichead péintéireacht ola agus caoga píosa saothair ar pháipéar le taobh samplaí de shaothar Nolde ó bhailiúchán an Ghailearaí. I measc na bpéintéireachtaí ola sa taispeántas tá Exotic Figures II (1911); Candle Dancers (1912); Two Women in a Garden (1915); Paradise Lost (1921); agus Large Poppies (Red, Red, Red) (1942). I measc ‘pictiúir neamhdhaite’ Nolde tá Singer (in a green dress) (1910-11) agus Aboriginal Man Swimming (1914), mar aon lena chuid greantaí adhmaid Prophet (1912) agus Young Couple (1913).

Leath bealaigh tríd an taispeántas a bheidh san ionad i mBaile Átha Cliath babhtálfaidh an Gailearaí an saothar ar fad ar pháipéar agus cuirfear saothar eile a bheidh ag teacht leis na téamaí céanna ina áit.  Déanfar sin ar mhaithe leis an nochtadh don solas a laghdú agus na píosaí oibre leochaileacha seo a chaomhnú. Tabharfaidh sin deis don Ghailearaí, chomh maith, an líon saothair ar pháipéar a bheidh ar taispeáint le linn thréimhse an taispeántais a dhúbailt.

Deir Sean Rainbird, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann:

“Táimid ríméadach a bheith in ann comhoibriú le Gailearaí Náisiúnta Nua-Ealaíne na hAlban agus taispeántas de shaothar Emil Nolde, duine de phéintéirí eispriseanaíocha oirirceacha na Gearmáine sa chéad leath den fichiú haois, a thaispeáint. Táimid ag súil fáilte a chur roimh chuairteoirí as Éirinn agus ó thar lear chuig an nGailearaí chun lán na súl a bhaint as fairsinge agus as buanna an ealaíontóra fíor-shuntasaigh seo.”

Tá catalóg, a chuir Keith Hartley as Gailearaí Náisiúnta Nua-Ealaíne na hAlban in eagar, ag dul leis an taispeántas seo ina bhfuil aistí leis an Dr Astrid Becker, Frances Blythe, Keith Hartley, Sean Rainbird agus an Dr Christian Weikop.

Ticéid (Ionad Bhaile Átha Cliath) 
€15 & €10 ar fáil ó lár mhí Eanáir 

Ticéid Luatha ar díol anois

Má cheannaítear roimh 28 Eanáir 2018 \ €5 is cuma cén t-am sa sceideal
Má cheannaítear 29 Eanáir-11 Feabhra\ €10 ar aon am lánphraghas

Ionaid
Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath 14 Feabhra-10 Meitheamh 2018  

Gailearaí Náisiúnta Nua-Ealaíne na hAlban, Dún Éideann 14 Iúil-21 Deireadh Fómhair 2018 
www.nationalgalleries.org 
 
Notaí

Emil Nolde (1867-1956)
Bhí Nolde (Emil Hansen nuair a rugadh é) ina phéintéir, ina dhéantóir priontaí agus ina uiscedhathadóir agus bhí sé ar dhuine de phéintéirí eispriseanaíocha oirirceacha na Gearmáine sa chéad leath den fichiú haois. Bhí sé ina bhall, ar feadh tamaill, den Die Brücke (An Droichead), ceann de dhá mhórghrúpa Eispriseanaíocha ach d’fhan sé ar cheann de na healaíontóirí ba neamhspleáiche sa Ghearmáin. Ar feadh a ghairme, d’fhill sé ar an tírdhreach inar fhás sé aníos agus shocraigh sé síos go buan in Seebüll, in Schleswig-Holstein, ar theorainn an réigiúin idir an Ghearmáin agus an Danmhairg. In 1902 phós sé Ada Vilstrup, aisteoir as an Danmhairg, agus ghlac sé chuige féin ainm áit a bhreithe, Nolde.

Bhí na páirceanna réidhe sceirdiúla, na spéartha agus na farraigí suaite den Mhuir Thuaidh in aice láimhe chomh lárnach ina chuid eispéireas de thírdhreach leis an  ngairdín fairsing a shaothraigh sé ag a stiúideo agus ag a bhaile. Cé go raibh sé fréamhaithe ansin, chaith sé míonna leis gach bliain i mBeirlín, ag breathnú ar na taibhseoirí agus ar an lucht féachana sna hamharclanna agus sna cabaret. I measc na ndaoine a ndearna sé staidéar orthu bhí feirmeoirí a áite dúchais, ciníocha dúchasacha Nua-Ghuine na Gearmáime, ar thug sé cuairt ann in 1913 – 14 agus a chuid léirithe de scéalta ón mbíobla. 

Cé go raibh sé ina bhall dílis den pháirtí Sóisialach Náisiúnta go luath ina shaol d’fhág polasaithe cultúir an réimis mar a dhearbhaigh Goebbels iad, i lár na 1930í, gur fógraíodh a chuid ealaíne ‘mímhórálta’. Cuireadh cosc air dul i mbun a chuid oibre agus a shaothar a thaispeáint ach mar sin féin phéinteáil sé sraith cháiliúil de ‘phictiúir neamhdhaite’ a bhí saibhir i ndathanna agus i bhfigiúirí samhlaíocha. Bhí oiread deacrachtaí ag Nolde le linn a ghairme is a rinneadh de cheiliúradh air.  Bhain sin lena chasta is a bhí sé mar ealaíontóir, le blianta suaite a chaitheamh ag tacú le hidé-eolaíocht an Pháirtí agus an rialtas san am céanna ar diúltaíodh dó mar ealaíontóir nua-aoiseach.

I ndiaidh dá chéad bhean, Ada, bás a fháil in 1946 phós sé arís Jolanthe Erdmann. Bhásaigh sé in Seebüll in 1956 tar éis dó Fondúireacht Nolde, a dhéanann cúram do líon mór dá chuid oibre, a chur ar bun.


Emil Nolde – Mórthaispeántais
In 1964, reáchtáil an tAcadamh Ibeirneach Ríoga (RHA)  i mBaile Átha Cliath taispeántas d’obair Nolde dar teideal ‘Urban (Uirbeach) 405’. I nGailearaí Whitechapel i Londain(1995-96) a bhí an mórthaispeántas deiridh sa Ríocht Aontaithe. Bhí mór-iardhearcadh ag an Musaem Städel, Frankfurt in 2014, agus cuireadh an taispeántas is mó d’obair Nolde, lasmuigh den Ghearmáin, ar taispeáint sa Belvedere i Vín in 2013 ina raibh thart ar 170 dá shaothar ar iasacht ann. Tharla taispeántais eile dá chuid oibre i bPáras (2008-9) Osló (2012) agus sa tSualainn (2015).