Skip to main content

Créatúir na Cartlainne

A drawing of various coloured lizards, scorpions, frogs and snakes
Stephen McKenna, Stamp from 1955, Republic of Silesia, c. 2005, © Estate of Stephen McKenna, Centre for the Study of Irish Art, National Gallery of Ireland

Meitheamh 2025 - Earrach 2027
Seomra 11 | Saorchead isteach

Déanann Créatúir na Cartlainne ceiliúradh ar an ngaol atá againn le hainmhithe – mar fhoinse áthais, gháire, iontais, inspioráide agus comhluadair. Tagann peataí ionúla, créatúir bheaga agus ainmhithe fiáine chun solais as cartlanna Lárionad Staidéir Ealaín na hÉireann; iad i bhfolach idir leathanaigh leabhar sceitseála agus litreacha maisithe, nó gafa go deo in uiscedhathanna agus i múnlaí réamhullmhúcháin (maquette).

Tugann an Ghaeilge léargas breise ar an nasc atá againn le saol na n-ainmhithe. Léirítear sraitheanna d’eagna agus de chuimhne na ndaoine trí fhocail ghreannmhara agus shuntasacha ar nós ‘bearrthóir’ agus ‘cluasachán’, chomh maith le seanfhocail fhileata. Nochtann focail Ghaeilge – idir chuid a bhfuil aithne mhaith orthu agus chuid atá dearmadta – caidreamh lán de spraoi, de chomhbhá agus d’airdeall ar chréatúir bheo; caidreamh a léiríonn an fiosracht agus an t-áthas a bhaineann le saol na n-ainmhithe a léiriú, rud a fheicimid go minic i gcartlanna ealaíontóirí. I gCréatúir na Cartlainne, scaoiltear saor slua d’ainmhithe atá i bhfolach – iad siúd atá le fáil i gcartlanna ealaíne na hÉireann agus atá i bhfolach i bhfoclóir na Gaeilge – agus meabhraíonn sé dúinn luach a chur ar liriciúlacht bheoga agus sonrach ár dteanga. Mar sin, is féidir linn athfhionnadh a dhéanamh ar bhealaí a bhí ann fadó chun tuiscint a fháil ar ár gcomhchréatúir agus chun maireachtáil ina bhfochair.

Chun ár saothair ar pháipéar a chaomhnú, cuirfear an taispeántas seo i láthair i gceithre chéim éagsúla, agus aird á díriú ar shaothair a fuair Lárionad Staidéir Ealaín na hÉireann le déanaí. I measc na n-ealaíontóirí a bheidh le feiceáil tá Stephen McKenna, Dairine Vanston, Conor Fallon, Bea Orpen, Barrie Cooke, Elizabeth C. Yeats, Oisín Kelly, Anne Yeats, Daniel O’Neill, Justin Larkin, Nancy Wynne-Jones, Basil Rákóczi, Jack B. Yeats, Deborah Brown, Walter Osborne agus William Orpen.

Coimeádaí: Marie Lynch.

 

Aimsigh tuilleadh eolais