Skip to main content

Press Release - Celebrate National Drawing Day on Saturday, 16 May 2026

Photo of a woman drawing a human figure on paper.
© DK Photo

This May, the island of Ireland becomes a giant sketchbook as National Drawing Day returns on Saturday, 16 May 2026. Coordinated by the National Gallery of Ireland in partnership with over 50 museums, galleries, arts centres and libraries across the country, this annual tradition invites everyone from seasoned sketchers to first-time doodlers to get creative.

Events at the National Gallery of Ireland

The National Gallery of Ireland will host a packed programme of free events for every kind of artist. Kicking off the day, artist Fintan Mahon will lead a vibrant life drawing session in the historic Shaw Room. Meanwhile, for those seeking a more tranquil experience, the Education Studio will be transformed into a quiet drawing haven. Outdoors, our front lawn will become an open-air studio with facilitated en plein air sketching and face painting inspired by favourite artworks from the Gallery’s collection. Throughout the Gallery, visitors can watch as artists including Bríd Higgins Ní Chinnéide and Carl Hickey create drawings live. Free drawing kits will be available to borrow throughout the day, and don’t miss a 10% National Drawing Day discount in the Gallery Shop.

Drawings from the Archives and Events for All Ages

In the Library & Archive Reading Rooms, a special pop-up display will reveal rarely-seen sketches and drawings from the Gallery’s own archives, shining a light on how drawing has always been at the heart of artistic practice.

Explore Major Exhibitions for Free

Visitors can enjoy free timed access to two major exhibitions:

  • William Blake: The Age of Romantic Fantasy (09.15 – 10.45 & 15:15–16:15, advance booking required)
  • Créatúir na Cartlainne / Tails from the Archive, explored through a special public tour, accompanied by Irish Sign Language interpretation, from 14.30 – 15.30
  • Visual Poetry: The Photography of John Minihan will be open as usual in the Sir Hugh Lane Room

Free events across the island of Ireland

  • Highlights of National Drawing Day 2026 include:
  • Designing and creating your own clay crest at The Braid, Antrim
  • Animal themed art classes for children at Airfield, Dublin
  • Creative embossed jewellery workshop at the Hunt Museum, Limerick
  • Live drawing demonstration and artist talk at the Gerard Byrne Gallery, Dublin
  • Sticks & charcoal drawing at Signal Arts Centre, Wicklow
  • Live portrait sketching session with artist Catherine Creaven at the Galway City Museum
  • Manuscript decorating workshop at the National Museum of Ireland – Archaeology, Dublin

Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, said: “As National Drawing Day returns for 2026, it’s a reminder that drawing is an activity that highlights the power of observation and the joy of artistic expression. It’s a day for celebrating every person who dares to express their imagination on paper. We look forward to welcoming visitors to the Gallery on National Drawing Day, and we thank our many partner galleries and venues across the island for their participation.”

Sinéad Rice, Head of Education at the National Gallery of Ireland, said: “This year we are excited to celebrate National Drawing Day on Saturday 16 May with a programme full of events at the Gallery and over 50 partner venues across the island of Ireland and online. From improving your life drawing skills, to designing your own jewellery, there is something for everyone in the Gallery and across the country. Check out your nearest venue, or create from home, and make your mark.”

Can’t Make It in Person? Join Online!
For those who can’t attend in person, a dedicated online hub at nationalgallery.ie features a full list of participating venues, the day’s schedule at the National Gallery of Ireland, and a wealth of creative resources to enjoy wherever you are.

ENDS

Media contacts:

Full list of events at the National Gallery of Ireland:

09.15-10.45    William Blake: The Age of Romantic Fantasy Free Access (Booking Essential) 
10.00-16.00    Drawing on the Lawn 
10.00-16.00     Quiet space for Drawing in the Education Studio 
10.00-16.00     Drop in Drawing in the Atrium Creative Space
10.00-16.00    Face Painting Inspired by the Collection on the Front Lawn
11.00-12.30    Life Drawing Session with artist Fintan Mahon in the Shaw Room
11.00-16.00    Artists Drawing Live; including Bríd Higgins Ní Chinnéide & Carl Hickey    
12.00-16.00    Library and Archive open display in the Library Reading Rooms
Rooms 35 & 36, level 3, Milltown Wing 
13.00-14.00    Public Tour: Highlights of the Collection (with live ISL interpretation)
14.00-15.30    Sea Creature Safari! Family Drawing Session with artist Edel Campbell in the Shaw Room
14.30-15.30    Public Tour Tails from the Archive (with live ISL interpretation)
15.15-16.15    William Blake: The Age of Romantic Fantasy Free Access (Booking Essential)

National Drawing Day 2026 participating venues:

Antrim
The Braid: Mid Antrim Museum
Ulster Museum – National Museums NI
Naughton Gallery at Queen’s
Northern Ireland War Memorial

Clare
Glór

Cork
Backwater Artists Group
Crawford Art Gallery
The Glucksman
Uillinn – West Cork Arts Centre

Derry
Centre for Contemporary Art
Tower Museum

Down
Newry and Mourne Museum

Dublin
Airfield
Artnet DLR (DLR Artists Network)
The Chester Beatty Library
Experience Glasnevin
Gerard Byrne Studio
Hugh Lane Gallery
International Literature Festival Dublin
The LAB
National Library of Ireland
National Museum of Ireland – Archaeology
National Print Museum
Rathfarnham Castle
Richmond Barracks
Royal Hibernian Academy of Arts
RUA RED
Temple Bar Gallery + Studios
The Pearse Museum
United Arts Club (Dublin)

Donegal
Glebe House and Gallery
Regional Cultural Centre

Galway
Galway City Museum

Kerry
Kerry County Museum

Kildare
Castletown House

Kilkenny
Butler Gallery

Leitrim
The Dock

Limerick
Hunt Museum
Limerick City Gallery of Art

Louth
Creative Spark

Mayo
National Museum of Ireland – Country Life

Tipperary
Creative Places
South Tipperary Arts Centre

Waterford
Lismore Castle Arts
Southpaw Art Studio
Waterford Youth Arts

Wicklow
Mermaid Arts Centre
Schoolhouse for Art

Wexford
The Makers House

About National Drawing Day:

National Drawing Day began at the National Gallery of Ireland in 2004. Since then, the initiative has blossomed, with thousands of people taking part each year all over Ireland. Events, whether onsite, offsite or online, encourage and support access to the arts for all, regardless of age, ability or social circumstances.

About the National Gallery of Ireland: 

The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired. Visit nationalgallery.ie or follow us on social media:

  • Facebook & Instagram: @nationalgalleryofireland
  • LinkedIn: @National Gallery of Ireland
  • X: @NGIreland

About the Gallery Shop:

The Gallery Shop is located at the entrance level of the Millennium Wing, and offers something for art lovers and budding artists alike. A long-established favourite in Dublin, the Gallery Shop features beautiful prints, gifts, merchandise and books inspired by the Gallery’s collection. The Gallery Shop also boasts a rich and varied children’s section, and a beautiful range of handmade crafts by Irish designers. Visit us in store for the widest range of products, or shop a selection in our online store at shop.nationalgallery.ie. Proceeds from the sale of all products in the Gallery Shop directly support the Gallery's collection and public programmes.

 

Ceiliúradh an Lae Náisiúnta Líníochta, Dé Sathairn, an 16 Bealtaine 2026
ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann agus os cionn 50 ionad comhpháirtíochta
Beidh imeachtaí saor in aisce ar siúl ar fud na hÉireann

An Bhealtaine seo, beidh oileán na hÉireann mar a bheadh leabhar ollmhór sceitseála ann agus an Lá Náisiúnta Líníochta ag teannadh linn arís Dé Sathairn, an 16 Bealtaine 2026. Beidh imeachtaí an lae á gcomhordú ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i gcomhpháirtíocht le breis is 50 músaem, gailearaí, ionad ealaíon agus leabharlann ar fud na tíre, agus tugaimid cuireadh do gach duine dul i mbun líníochta, bíodh seantaithí acu ar an gceird sin nó ná bíodh.

Imeachtaí ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Beidh clár fairsing imeachtaí saor in aisce á reáchtáil ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann d’ealaíontóirí de gach sórt. Cuirfimid tús leo le seisiún líníochta beo bríomhar faoi stiúir Fintan Mahon, ealaíontóir, i láthair stairiúil Sheomra Shaw. Más seal níos suaimhní atá uait, tearmann ciúin líníochta a bheidh sa Stiúideo Oideachais. Stiúideo amuigh faoin spéir a bheidh san fhaiche os comhair an Ghailearaí ina bhféadfar tabhairt faoi sceitseáil en plein air agus péinteáil aghaidhe, le spreagadh ó chuid de na saothair ealaíne is mó a mbíonn tóir orthu sa Ghailearaí. Ar fud an Ghailearaí, is féidir le cuairteoirí breathnú ar ealaíontóirí i mbun líníochta os a gcomhair amach, agus Bríd Higgins Ní Chinnéide agus Carl Hickey ina measc. Beidh trealamh líníochta saor in aisce le fáil ar iasacht i rith an lae, agus beidh lascaine 10% i gcomhair an Lae Náisiúnta Líníochta ar na hearraí i Siopa an Ghailearaí.

Líníochtaí ón gCartlann agus Imeachtaí do Gach Duine, idir Óg agus Sean

I Seomraí Léitheoireachta na Leabharlainne agus na Cartlainne, beidh tobthaispeántas againn de sceitsí agus líníochtaí nach bhfeictear go minic ó chartlann an Ghailearaí féin, rud a thabharfaidh léargas ar an gcaoi a raibh an líníocht i gcroílár an chleachtais ealaíne riamh anall.

Saorchead isteach chuig Mórthaispeántais

Beidh saorchead isteach chuig dhá mhórthaispeántas ag amanna áirithe:

  • William Blake: Aois na Fantaisíochta Rómánsaí (09.15 – 10.45 agus 15:15–16:15, agus réamháirithint ag teastáil)
  • Créatúir na Cartlainne / Tails from the Archive, camchuairt phoiblí speisialta, agus ateangaireacht chomharthaíochta (i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann) ag gabháil léi, ó 14.30 – 15.30
  • Beidh Filíocht Fhísiúil – Grianghrafadóireacht John Minihan ar oscailt mar is gnách i Seomra Sir Hugh Lane

Imeachtaí saor in aisce ar fud oileán na hÉireann

Seo a leanas cuid d’imeachtaí an Lae Náisiúnta Líníochta 2026 (i mBéarla mura luaitear a mhalairt):

  • Deis suaitheantas cré a dhearadh agus a dhéanamh, The Braid, Aontroim
  • Ranganna ealaíne do pháistí, bunaithe ar théama ainmhithe Bán an Aeir, Baile Átha Cliath
  • Ceardlann faoi conas seodra cabhartha a dhéanamh ag Iarsmalann Hunt, Luimneach
  • Taispeántas líníochta beo agus caint ó ealaíontóir i nGailearaí Gerard Byrne, Baile Átha Cliath
  • Líníocht maidí agus ghualaigh, Signal Arts Centre, Cill Mhantáin
  • Seisiún sceitseála portráide beo le Catherine Creaven, ealaíontóir, i Músaem Chathair na Gaillimhe
  • Ceardlann faoi mhaisiú lámhscríbhinní ag Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht, Baile Átha Cliath

Arsa an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Agus an Lá Náisiúnta Líníochta ag teannadh linn arís in 2026, cuimhnímis gur gníomhaíocht í an líníocht a léiríonn tábhacht an ghrinnis agus an sásamh mór a bhaineann le déanamh ealaíne. Is lá é chun ceiliúradh a dhéanamh orthu siúd go léir a chothaíonn a gcuid samhlaíochta trí phictiúr a tharraingt. Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chuairteoirí chuig an nGailearaí ar an Lá Náisiúnta Líníochta, agus gabhaimid buíochas leis an iomaí gailearaí agus ionad ar fud an oileáin atá páirteach sa tionscnamh seo linn.”

Arsa Sinéad Rice, Ceann Oideachais ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Táimid ar bís agus muid ag súil leis an Lá Náisiúnta Líníochta ar an Satharn an 16 Bealtaine. Beidh clár líon lán imeachtaí ag an nGailearaí agus i mbreis agus 50 ionad comhpháirtíochta ar fud oileán na hÉireann agus ar líne. Seo deis cur le do chuid scileanna líníochta ón mbeo, do sheodra féin a dhearadh agus a lán rudaí eile. Beidh rud éigin ar siúl do gach duine sa Ghailearaí agus ar fud na tíre. Caith súil ar an ionad is gaire duit féin nó scaoil le do chuid cruthaíochta ón mbaile.”

Ní bheidh tú in ann a bheith i láthair? Bí inár gcuideachta ar líne!
Dóibh siúd nach féidir leo bualadh isteach chuig an nGailearaí ná chuig ionad eile, tá mol ar líne ag nationalgallery.ie ina bhfuil liosta iomlán de na hionaid a bheidh páirteach sa Lá Líníochta, agus an-chuid acmhainní cruthaitheacha ar féidir leat sult a bhaint astu cibé áit a bhfuil tú.

CRÍOCH

Teagmhálaí na meán:

Liosta iomlán imeachtaí ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (i mBéarla mura luaitear a mhalairt):

09.15-10.45    William Blake: Aois na Fantaisíochta Rómánsaí, Saorchead Isteach (is gá áirithint a dhéanamh) 
10.00-16.00    Líníocht ar an bhFaiche 
10.00-16.00    Spás ciúin le haghaidh Líníochta sa Stiúideo Oideachais 
10.00-16.00    Buail Isteach chun Pictiúr a Tharraingt sa Spás Cruthaitheach san Aitriam
10.00-16.00    Péinteáil Aghaidhe le Spreagadh ón mBailiúchán, ar an bhFaiche Thosaigh
11.00-12.30    Seisiún Líníochta ón mBeo le Fintan Mahon, ealaíontóir, i Seomra Shaw
11.00-16.00    Ealaíontóirí i mbun Líníocht Bheo; le Bríd Higgins Ní Chinnéide agus Carl Hickey i measc eile    
12.00-16.00    Taispeántas oscailte Leabharlainne agus Cartlainne i Seomraí Léitheoireachta na Leabharlainne
Seomraí 35 & 36, leibhéal 3, Sciathán Bhaile an Mhuilinn 
13.00-14.00    Turas Poiblí Mórshaothair an Bhailiúcháin (i mBéarla agus sa teanga chomharthaíochta)
14.00-15.30    Sea Creature Safari! Seisiún Líníochta Teaghlaigh leis an ealaíontóir Edel Campbell i Seomra Shaw
14.30-15.30    Turas Poiblí: Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive (i mBéarla agus sa teanga chomharthaíochta)
15.15-16.15    William Blake: Aois na Fantaisíochta Rómánsaí, Saorchead Isteach (is gá áirithint a dhéanamh)

Ionaid a bheidh páirteach sa Lá Náisiúnta Líníochta 2026

Co. Aontroma
The Braid: Mid Antrim Museum
Músaem Uladh – Músaeim Náisiúnta Thuaisceart Éireann
The Naughton Gallery at Queen’s
Leacht Cuimhneacháin Chogaidh Thuaisceart Éireann

Co. an Chláir
Glór

Co. Chorcaí
Backwater Artists Group
Gailearaí Ealaíne Crawford
An Glucksman
Uillinn – Ionad Ealaíon Iarthar Chorcaí

Co. Dhoire
Ionad na hEalaíne Comhaimseartha
Tower Museum

Co. an Dúin
Músaem an Iúir agus Mhúrn

Co. Bhaile Átha Cliath
Eastát Bhán an Aeir
Artnet DLR (Líonra Ealaíontóirí Dhún Laoghaire / Rath an Dúin)
Leabharlann Chester Beatty
Experience Glasnevin
Stiúideo Gerard Byrne
Dánlann Hugh Lane
Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath
The LAB
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht
An Músaem Náisiúnta Cló
Caisleán Ráth Fearnáin
Dún Richmond
An tAcadamh Ibeirneach Ríoga Ealaíon
RUA RED
Temple Bar Gallery + Studios
Músaem na bPiarsach
United Arts Club (Baile Átha Cliath)

Co. Dhún na nGall
An Teach Gléibe agus an Gailearaí
An tIonad Cultúrtha Réigiúnach

Co. na Gaillimhe
Músaem Cathrach na Gaillimhe

Co. Chiarraí
Músaem Chontae Chiarraí

Co. Chill Dara
Teach Bhaile an Chaisleáin

Co. Chill Chainnigh
Butler Gallery

Co. Liatroma
The Dock

Co. Luimnigh
Iarsmalann Hunt
Dánlann Ealaíne Chathair Luimnigh

Co. Lú
Creative Spark

Co. Mhaigh Eo
Ard-Mhúsaem na hÉireann – Saol na Tuaithe

Co. Thiobraid Árann
Creative Places
Ionad Ealaíon Thiobraid Árann Theas

Co. Phort Láirge
Lismore Castle Arts
Stiúideo Ealaíne Southpaw
Ealaíona Óige Phort Láirge

Co. Chill Mhantáin
Mermaid Arts Centre
Schoolhouse for Art

Co. Loch Garman
The Makers House

Maidir leis an Lá Náisiúnta Líníochta:

In 2004 a cuireadh tús leis an Lá Náisiúnta Líníochta i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tá an tionscnamh ag dul ó neart go neart ó shin i leith, agus glacann na mílte duine páirt ann gach uile bhliain ar fud na hÉireann. Leis na himeachtaí, bídís sa Ghailearaí féin, in ionaid eile nó ar líne, spreagtar rochtain ar na healaíona do chách, beag beann ar aois, ar chumas nó ar chúinsí sóisialta.

Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: 

Tagann daoine ina sluaite chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, áit a bhfuil bailiúchán de shaothair ealaíne ón Eoraip agus ó Éirinn a chlúdaíonn tréimhse ó thart ar 1300 go dtí an lá inniu, chomh maith le Leabharlann agus Cartlann fhairsing. Tá saorchead isteach chuig an mbailiúchán agus tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh, tairbhe agus spreagadh as. Tabhair cuairt ar nationalgallery.ie nó lean muid ar na meáin shóisialta:

  • Facebook agus Instagram: @nationalgalleryofireland
  • LinkedIn: @National Gallery of Ireland
  • X: @NGIreland

Maidir le Siopa an Ghailearaí:

Ar leibhéal iontrála Sciathán na Mílaoise atá Siopa an Ghailearaí, ina bhfuil earraí dóibh siúd ar breá leo an ealaín agus do dhaoine a bhfuil fonn orthu féin tabhairt faoin ealaín. Tá an-ghean ag an bpobal ar an siopa le fada an lá, agus tá priontaí áille, bronntanais, earraí agus leabhair ar díol ann, arna spreagadh ag bailiúchán an Ghailearaí. Tá rogha mhór earraí do pháistí i Siopa an Ghailearaí freisin, chomh maith le hearraí áille lámhdhéanta ó dhearthóirí Éireannacha. Tabhair cuairt ar an siopa go bhfeicfidh tú na hearraí go léir, nó féach ar rogha earraí sa siopa ar líne ag shop.nationalgallery.ie. Úsáidtear na fáltais ón siopa chun tacú le bailiúchán an Ghailearaí agus leis na cláir phoiblí.