National Gallery of Ireland seeks students to join Transition Year / youth work placements

A group of young people standing around discussing prints and painting on a table.
Photo, The Pimlico Project, 2025.

The National Gallery of Ireland, together with its Schools Partner SMBC Aviation Capital, is delighted to announce the callout for applications for its Transition Year/youth work experience programme for 2025/2026. The Gallery seeks applications from anyone aged 15 – 17 years across the country in any education setting. 

The Gallery has been working with Transition Year students for over 20 years. In the academic year 2025/26, three work experience placements will take place: one virtual and two onsite. The programme is part of the SMBC Aviation Capital Schools Programme and offers an insight into working life in the arts and an opportunity to go behind the scenes at the National Gallery of Ireland.

Applications open on 25 September 2025 and placements will run in Autumn 2025 and Spring 2026.

This placement is an exciting opportunity for young people to experience working life at one of Ireland’s top cultural institutions and explore a range of careers across the arts sector. During the placement, participants meet with industry professionals from a variety of disciplines such as education, conservation, curation, cultural management, and art practice. In previous placements, student projects have included planning events, creating tours and making collective art pieces.

For further details, please visit www.nationalgallery.ie.

ENDS

Media Contacts:

Notes to Editor:

  • Dr Caroline Campbell (Director, National Gallery of Ireland) and Sinéad Rice (Head of Education, National Gallery of Ireland) are available for interview.

Further information and how to apply:

The National Gallery of Ireland strives to create a welcoming and vibrant TY/youth work experience programme reflective of the diverse society that we live in. As such, it actively encourage applications from all students across Ireland.

  • Access and disability supports required will be provided to those offered a place.
  • The hours of placements are between 9.30am and 3.30 pm each day, although exact schedules may vary.
  • We cannot offer work placements outside of these dates and you must be available for the full five days of the placement.
  • Please note that the TY/Youth work experience placements are extremely popular and places are limited.
  • There are places allocated for students facing additional educational barriers.
  • Places will be filled via a lottery system. 


How to apply

To learn more about the SMBC Aviation Capital Schools Programme and to apply for a Transition Year/youth worker placement, visit https://www.nationalgallery.ie/explore-and-learn/schools/transition-yea…;
Applications open on 25 September 2025 and close on 12 October 2025. Applicants will be informed of the outcome of their application in October.

About the National Gallery of Ireland:

The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired. For more information see:

  • www.nationalgallery.ie
  • Instagram: @nationalgalleryofireland
  • Facebook: @nationalgalleryofireland
  • LinkedIn: @National Gallery of Ireland
  • Twitter: @NGIreland

About SMBC Aviation Capital:

Headquartered in Dublin, Ireland, SMBC Aviation Capital is one of the world’s largest aircraft lessors. SMBC Aviation Capital has a high-quality global airline customer base with a portfolio comprising 88% narrow-body aircraft and 74% new technology aircraft (by net book value). With an owned managed and committed fleet of over 989 aircraft, SMBC Aviation Capital has a strong capital position and holds an A- and BBB+ rating with S&P and Fitch respectively, reflecting the long-term strength of its business. For more information, please visit: https://www.smbc.aero/

SMBC Aviation Capital Schools Programme:

The SMBC Aviation Capital Schools Programme, launched in 2024, marks the National Gallery of Ireland's first nationwide initiative in its partnership with SMBC Aviation Capital, (which began in 2017). This ground-breaking three-year program includes four key projects: 

  • My Primary School is at the Gallery, connecting Dublin's inner-city primary schools with the Gallery;
  • Your Gallery at School, an outreach program bringing art education to classrooms nationwide
  • Transition Year/Youth work experience
  • A new Schools Fellow position to enhance museum education.

 

Tá scoláirí á lorg ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i gcomhair 
socrúcháin oibre don Idirbhliain agus don aos óg 

  • Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, i gcomhpháirt le SMBC Aviation Capital, ag glacadh le hiarratais ó dhaoine óga don scoilbhliain 2025/2026

Is cúis áthais é do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, i gcomhar lena Chomhpháirtí Scoile, SMBC Aviation Capital, a fhógairt go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais ar an gclár taithí oibre don Idirbhliain agus don aos óg don bhliain 2025/2026. Fáiltíonn an Gailearaí roimh iarratais ó aon duine idir 15 agus 17 mbliana d’aois in aon ionad oideachais ar fud na tíre. 

Tá an Gailearaí ag obair le scoláirí Idirbhliana le breis agus 20 bliain anuas. Sa scoilbhliain 2025/26, beidh trí shocrúchán taithí oibre ar fáil: ceann fíorúil agus dhá cheann sa Ghailearaí féin. Is cuid de Chlár Scoileanna SMBC Aviation Capital é an clár, lena dtugtar léargas ar an saol oibre sna healaíona agus ar an obair a dhéanaimid anseo i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Glacfar le hiarratais ón 25 Meán Fómhair 2025 ar aghaidh agus beidh na socrúcháin ar siúl i bhFómhar 2025 agus in Earrach 2026.

Is deis iontach é an socrúchán seo do dhaoine óga chun taithí a fháil ar an saol oibre i gceann de na hinstitiúidí cultúrtha is tábhachtaí in Éirinn agus blaiseadh a fháil de réimse gairmeacha beatha ar fud earnáil na n-ealaíon. Le linn an tsocrúcháin oibre, buailfidh na rannpháirtithe le gairmithe san earnáil, ó réimse disciplíní – an t-oideachas, an obair chaomhnaithe, an choimeádaíocht, an bhainistíocht chultúrtha, agus an cleachtas ealaíne, mar shampla. I socrúcháin oibre roimhe seo, bhí pleanáil imeachtaí, turais a eagrú agus saothair ealaíne a dhéanamh le chéile i gceist le roinnt de na tionscadail a rinne scoláirí.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar www.nationalgallery.ie.

CRÍOCH

Teagmhálaí na meán:

Nótaí don Eagarthóir:

  • Tá íomhánna ar fáil ag an nasc: https://we.tl/t-Flnwq3xdHh
  • Féadfar an Dr Caroline Campbell (Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann) agus Sinéad Rice (Ceann Oideachas, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann) a chur faoi agallamh.

Tuilleadh eolais agus conas iarratas a dhéanamh:

Déanann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann sáriarracht clár taithí oibre fáilteach beomhar a chur ar fáil don Idirbhliain agus don aos óg, agus tugtar léiriú sa chlár ar éagsúlacht na sochaí ina mairimid. Cuirimid an-fháilte roimh iarratais ó scoláirí ar fud na hÉireann.

  • Cuirfear na tacaíochtaí rochtana agus míchumais cuí ar fáil dóibh siúd a dtairgfear áit dóibh.
  • Bíonn na socrúcháin oibre ar siúl idir 9.30 am agus 3.30 pm gach lá, ach d’fhéadfadh sceidil bheachta éagsúla a bheith i gceist.
  • Ní féidir linn socrúcháin oibre a chur ar fáil lasmuigh de na dátaí sin agus ní mór duit a bheith ar fáil ar feadh na gcúig lá iomlána den socrúchán oibre.
  • Tabhair faoi deara go mbíonn an-éileamh ar na socrúcháin taithí oibre don Idirbhliain agus don aos óg agus go bhfuil líon teoranta áiteanna ann.
  • Cuirtear áiteanna ar leataobh do scoláirí a bhfuil deacrachtaí oideachais breise acu.
  • Is le córas crannchuir a roghnófar na scoláirí a dtairgfear áit dóibh. 
     

Conas iarratas a dhéanamh

Chun tuilleadh eolais a chur ar Chlár Scoileanna SMBC Aviation Capital agus chun iarratas a dhéanamh ar shocrúchán Idirbhliana nó ar shocrúchán oibre don aos óg, tabhair cuairt ar https://www.nationalgallery.ie/explore-and-learn/schools/transition-yea…;
Glacfar le hiarratais ón 25 Meán Fómhair 2025 go dtí an 12 Deireadh Fómhair 2025. Cuirfear iarratasóirí ar an eolas faoi thoradh a n-iarratais i mí Dheireadh Fómhair.

Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Bíonn an-tóir ag na sluaite daoine ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Is ann atá bailiúchán de shaothair ealaíne ón Eoraip agus ó Éirinn, a chlúdaíonn tréimhse ó thart ar 1300 go dtí an lá inniu, chomh maith le Leabharlann agus Cartlann fhairsing. Ní ghearrtar aon táille chun cuairt a thabhairt ar an mbailiúchán agus tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh as, go bhfoghlaimeoidh siad uaidh agus gur spreagadh a bheidh ann dóibh. Eolas breise:

  • www.nationalgallery.ie
  • Instagram: @nationalgalleryofireland
  • Facebook: @nationalgalleryofireland
  • LinkedIn: @National Gallery of Ireland
  • Twitter: @NGIreland

Maidir le SMBC Aviation Capital:

Tá SMBC Aviation Capital ar cheann de na comhlachtaí is mó ar domhan a ligeann aerárthaí amach ar léas, agus is i mBaile Átha Cliath atá a cheanncheathrú. Tá bonn custaiméirí aerlíne domhanda ardchaighdeáin ag SMBC Aviation Capital agus tá punann aige ina bhfuil 88% d’aerárthaí cabhlach caoile agus 74% d’aerárthaí teicneolaíochta nua (de réir glanluach leabhair). Tá breis is 989 aerárthach faoi úinéireacht, faoi bhainistiú agus faoi réir gealltanais ag SMBC Aviation Capital. Tá seasamh láidir caipitil aige, agus rátáil A- agus BBB+ le S&P agus Fitch faoi seach, rud a léiríonn neart fadtéarmach a ghnó. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar: https://www.smbc.aero/

Clár Scoileanna SMBC Aviation Capital:

Seoladh Clár Scoileanna SMBC Aviation Capital in 2024, agus is é seo an chéad tionscnamh náisiúnta de chuid Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann i gcomhpháirtíocht le SMBC Aviation Capital (comhphairtíocht a thosaigh in 2017). Tá ceithre phríomhthionscadal i gceist leis an gclár ceannródaíoch trí bliana seo: 

  • Tá mo Bhunscoil sa Ghailearaí, lena gcothaítear nasc idir bunscoileanna i lár Bhaile Átha Cliath agus an Gailearaí;
  • Do Ghailearaí ar Scoil, tionscnamh for-rochtana lena dtugtar oideachas ealaíne chuig seomraí ranga ar fud na tíre
  • Taithí oibre don Idirbhliain / don aos óg
  • Post nua mar Chomhalta Scoile chun cur leis an oideachas i réimse na músaem.