Bunaíodh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann le hAcht Parlaiminte i mí Lúnasa 1854 (“Acht 1854”). Ó shin bhí roinnt d’Achtanna leasaitheacha ina dhiaidh sin a fhorálann do riarachán an fhorais atá dílsithe i mBord Gobharnóirí agus Bardachta. Tá suas le seacht gcomhalta dhéag san iomlán ag an mBord agus buaileadh siad le chéile sé huaire sa bhliain ar a laghad agus buaileann fochoistí le chéile níos minice.
Is é an reachtaíocht is déanaí a bhaineann le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ná an tAcht um Fhorais Chultúir Náisiúnta, 1997.
Mar Fhoras Cultúir Náisiúnta, feidhmíonn an Gailearaí faoi choimirce na Roinne Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt.