Skip to main content

Áiseanna agus seirbhísí

Visitors to Beyond Caravaggio listening to audio guides. © National Gallery of Ireland.

Clostreoracha

Bain sult as sárshaothair an Ghailearaí le rogha trí chlosthurais den bhailiúcháin buan. Tá na turais seo féintreoraithe, le léarscáil digiteach, agus treoracha idir gach saothar. Tá sé deartha gur féidir é a leanúint ag do luas féin. 

 

Bí cinnte do cluasáin féin a bhreith leat le do ghuthán nó taibléid féin, le éisteach leis an turas. Tá Wi-Fi saor in aisce sa Ghailearaí. Is féidir rochtain a fháil ar na turais anseo nó tríd an aip Smartify a íoslódáil. Beidh rochtain ar na turais seo ar fáil tríd cóid QR sa Ghailearaí chomh maith. Is féidir cúnamh a fháil ag an deasc eolais, má bhíonn aon deacracht agat.  

Turais faoi threoir

Tá turais den bhailiúchán buan ar fáil saor ina aisce, cinn i nGaeilge san áireamh. Féadfaidh tú turas príobháideach den Ghailearaí a eagrú chomh maith nó grúpa scoile a thabhairt le haghaidh cuairte.

A tour group from behind the bust of Gerry Hynes by Vera Klute. © National Gallery of Ireland.
Sir Denis Mahon Reading Room

Seirbhísí taighde

Cuireann an Ghailearaí fáilte roimh taighdeoirí. Tá na bailiúcháin suite i roinnt suíomhanna timpeall an Ghailearaí. Is sa Leabharlann Ealaíne atá ceann de na bailiúcháin bheathaisnéise agus chartlainne is cuimsithí maidir le stair na healaíne.

Sonraí breise

Siopa

Tá an siopa lonnaithe i Sciathán na Mílaoise. Is féidir réimse leathan priontaí, bronntanas agus leabhar a cheannach ann, agus is ar bhailiúchán an Ghailearaí atá gach ceann acu bunaithe. Dúntar an siopa 15 nóiméad roimh am dúnta an Ghailearaí.

""

Caifé

Tá an caifé suite ag bealach isteach Shráid an Chláraigh.

Sonraí breise

Earraí Caillte

Tá seirbhís earraí caillte i bhfeidhm sa Ghailearaí. Má chailltear ábair éigin le linn do chuairte, té i dteagmháil le ball foirne ag na deasca eolais ag na bealaí isteach ar Chearnóg Mhuirfean agus Sráid an Chláraigh.

Visitors at the information desk in the Millennium Wing. © National Gallery of Ireland.
© National Gallery of Ireland

Áiseanna friothála agus friothála ar naíonáin

Tá dhá ionad friothála ar naíonáin ar fáil sa Ghailearaí, suite ag na leithris ag Cearnóg Mhuirfean agus Sráid an Chláraigh. Tá áit friothála inrochtain gar don bhealach isteach ar Chearnóg Mhuirfean. 

Seomra Cótaí

  • Tá taisceadáin féinfhreastail ar fáil ag Cearnóg Mhuirfean.
  • Iarrtar ar chuairteoirí gach mála lámha nó mála droma a chur sna taisceadáin.
  • Cuirtear in iúl do chuairteoirí nach gcuireann an Gailearaí áiseanna stórála ar fáil, agus nach gceadaítear sa Ghailearaí aon chás taistil atá níos mó ná 45cm x 37cm x 45cm.
  • Ní ceadmhach earraí a fhágáil thar oíche; caithfear le hearraí nach mbaintear amach mar earraí caillte.
  • Ní cheadaítear scútair leictreacha ná rothair taobh istigh den Ghailearaí.
© National Gallery of Ireland
A view of the Merrion Square entrance through leaves. © National Gallery of Ireland.

Lánrochtain

Is féidir lánrochtain a bheith ag duine ar na gailearaithe agus ar réimse leathan seirbhísí inrochtana. Tá spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar Chearnóg Mhuirfean Thiar, agus is féidir cathaoir rothaí a fháil ach í a iarraidh.

Sonraí breise

T + 353 1 6615133 | R [email protected]

Grianghraif agus físeán

Ceadaítear grianghraif agus físeán le haghaidh úsáide pearsanta (neamhthráchtála), ach amháin i gcás saothar ealaíne atá faoi chóipcheart. Ní cheadaítear grianghrafadóireacht ná scannánaíocht i gcás na dtaispeántas sealadach, nó áit ar bith atá sé luaite go sonrach gan a leithéid a dhéanamh.

Taking photos in the gallery. © National Gallery of Ireland.
Someone holding a phone in their hands with headphones attached

WiFi

Tá WiFi saor in aisce ar fáil fud fad Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.