Talk
Caint Lóin le coimeádaí an taispeántais Créatúir na Cartlainne
| Location |
Rooms 35-36
|
|---|---|
| Admission |
Free. No booking required. |
Bígí linn don chaint spéisiúil seo faoin taispéantas Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive, le coimeádaí Marie Lynch, ag diriú ar na saothair, ar na healaíontóirí agus ar choincheap an taispeántais. Beidh neart saothair spéisiúla ó chartlann an Ionaid um Staidéar ar Ealaín na hÉireann le feiscint mar chuid den ócáid seo.
Déanann Créatúir na Cartlainne ceiliúradh ar an gcaidreamh atá againn le hainmhithe mar ábhar áthais, grinn, iontais, spreagtha agus comhluadair. Tá créatúir bhídeacha, beithígh allta agus na peataí is ansa linn le fáil i gcartlanna an Ionaid um Staidéar ar Ealaín na hÉireann; faoi cheilt i leabhair sceitseála agus i litreacha maisithe, nó i lár an aonaigh i bpictiúir uiscedhatha agus in maquettes. Tá léargas sa bhreis le fáil sa Ghaeilge ar an nasc atá againn le hainmhithe. Cuirtear críonnacht agus seanchas in iúl le focail ghreannmhara agus allabhracha amhail bearrthóir agus cluasachán, agus le seanfhocail fhileata na Gaeilge. Nochtann focail choitianta agus focail atá ligthe i ndearmad caidreamh spraíúil, báúil agus géarchúiseach le neacha beo – caidreamh a léirítear go soiléir arís agus arís eile i gcartlanna ealaíontóirí.
Tá an ócáid saor in aisce, ach ní mór duit áit a chur in áirithe roimh réidh.
Join us for this Irish language talk about the exhibition Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive, with curator Marie Lynch, exploring the exhibition concept, artworks, and artists. A selection of archival material from the Centre for the Study of Irish Art will be on view as part of this event.
The exhibition celebrates our relationship with animals – as a source of joy, humour, awe, inspiration and companionship. Beloved pets, tiny creatures and wild beasts emerge from the archives of the Centre for the Study of Irish Art; hidden between the pages of sketchbooks and illustrated letters, or captured forever in watercolours and maquettes. The Irish language offers further insight into our connection with the animal world. Layers of wisdom and folk memory are expressed in humorous and evocative words such as bearrthóir (tail-chewing animal) and cluasachán (long-eared animal), and in poetic seanfhocail or Irish proverbs. Familiar and forgotten Irish words reveal a playful, empathetic and keenly observant relationship with living creatures – one that reflects the curiosity and delight in depicting the animal world that we repeatedly encounter in artist archives.
This event is free, but you must book your place.
You might also like
-
Ciorcal Comhrá: Ról na bPortráidí sa Saol Comhaimseartha
Ticéid le fáil: Ar mhaith leat páirt a ghlacadh i gcomhrá tr�
-
Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive
Room 11 - admission free
-
Through a Lens tour: Irish art
A self-guided tour of Irish works in our collection.
-
Gallery Newsletter
Keep up to date with all the happenings in the Gallery by signing