Skip to main content
Painting of a young girl sitting on the floor of her bedroom. The ceiling is painted like a pond, and there are koi carp on the floor, which makes it look like she is underwater. The walls are green and are covered in posters of flora and fauna.
Isla Case, Immersed. © Isla Case. Photo, National Gallery of Ireland.

Isla Case

Immersed, 2026

Age 16

Oil on canvas

‘Is féinphortráid díom féin i mo sheomra leapa atá anseo. Ceol a spreag mé chun an pictiúr seo a phéinteáil; bhí mé ag iarraidh a thabhairt le fios go raibh mé báite go hiomlán sa cheol. An t-amhrán Weird Fishes/ Arpeggi le Radiohead agus an clúdach albaim do Titanic Rising le Weyes Blood a spreag mé.’

Báite, 2026

Aois 16
Olaphictiúr ar chanbhás

‘Is é an aidhm atá leis an bportráid seo scrúdú a dhéanamh ar an tslí nach féidir daoine a thuiscint ar an gcéad spléachadh. Phéinteáil mé an pictiúr seo i ndiaidh dom cúrsaí a chur ina gceart le mo dhlúthchara, Marnaa, i ndiaidh dúinn a bheith ag argóint lena chéile. Tionchar na n-ealaíontóirí Ciúbaíocha a bhí ar intinn agam nuair a dhírigh mé ar an bportráid seo a raibh sé mar aidhm léi léargas a thabhairt ar na taobhanna éagsúla ar fad di atá feicthe agam, na taobhanna nach mbeadh feicthe agam mura rabhamar ag argóint lena chéile freisin. Tugann nádúr briste an phictiúir le fios freisin, áfach, go bhfuil tuilleadh le foghlaim agam fúithi fós, agus go mb’fhéidir nach bhfeicfidh mé taobhanna uile gach duine go deo. Spreag an tuiscint seo mé chun a bheith ag machnamh faoin aithne atá agam ar mo chairde agus mo theaghlach i ndáiríre.’

Go back to the shortlisted works

Explore other shortlisted artists: