Bain sult as sárshaothair an Ghailearaí le rogha trí chlosthurais den bhailiúcháin buan. Tá na turais seo féintreoraithe, le léarscáil digiteach, agus treoracha idir gach saothar. Tá sé deartha gur féidir é a leanúint ag do luas féin.
Bí cinnte do cluasáin féin a bhreith leat le do ghuthán nó taibléid féin, le éisteach leis an turas. Tá Wi-Fi saor in aisce sa Ghailearaí. Is féidir rochtain a fháil ar na turais anseo nó tríd an aip Smartify a íoslódáil. Beidh rochtain ar na turais seo ar fáil tríd cóid QR sa Ghailearaí chomh maith. Is féidir cúnamh a fháil ag an deasc eolais, má bhíonn aon deacracht agat.
Tá turais den bhailiúchán buan ar fáil saor ina aisce, cinn i nGaeilge san áireamh. Féadfaidh tú turas príobháideach den Ghailearaí a eagrú chomh maith nó grúpa scoile a thabhairt le haghaidh cuairte.
Cuireann an Ghailearaí fáilte roimh taighdeoirí. Tá na bailiúcháin suite i roinnt suíomhanna timpeall an Ghailearaí. Is sa Leabharlann Ealaíne atá ceann de na bailiúcháin bheathaisnéise agus chartlainne is cuimsithí maidir le stair na healaíne.
Tá an siopa lonnaithe i Sciathán na Mílaoise. Is féidir réimse leathan priontaí, bronntanas agus leabhar a cheannach ann, agus is ar bhailiúchán an Ghailearaí atá gach ceann acu bunaithe. Dúntar an siopa 15 nóiméad roimh am dúnta an Ghailearaí.
Tá seirbhís earraí caillte i bhfeidhm sa Ghailearaí. Má chailltear ábair éigin le linn do chuairte, té i dteagmháil le ball foirne ag na deasca eolais ag na bealaí isteach ar Chearnóg Mhuirfean agus Sráid an Chláraigh.
Tá dhá ionad friothála ar naíonáin ar fáil sa Ghailearaí, suite ag na leithris ag Cearnóg Mhuirfean agus Sráid an Chláraigh. Tá áit friothála inrochtain gar don bhealach isteach ar Chearnóg Mhuirfean.
Is féidir lánrochtain a bheith ag duine ar na gailearaithe agus ar réimse leathan seirbhísí inrochtana. Tá spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar Chearnóg Mhuirfean Thiar, agus is féidir cathaoir rothaí a fháil ach í a iarraidh.
T + 353 1 6615133 | R [email protected]
Ceadaítear grianghraif agus físeán le haghaidh úsáide pearsanta (neamhthráchtála), ach amháin i gcás saothar ealaíne atá faoi chóipcheart. Ní cheadaítear grianghrafadóireacht ná scannánaíocht i gcás na dtaispeántas sealadach, nó áit ar bith atá sé luaite go sonrach gan a leithéid a dhéanamh.
Tá WiFi saor in aisce ar fáil fud fad Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.