Acmhainní do Scoileanna

School kids drawing at a workshop in the Gallery
Photo © National Gallery of Ireland.Credit

Acmhainní do bhunscoileanna

Mura bhfuil tú cinnte cén áit le tosú, nó céard a oibríonn is fearr duitse , féach ar ár mbileog le nótaí éascaíochta a liostaíonn gach acmhainn a bhfuil againn agus cá bhfaighidh tú iad. Is féidir leat an bhileog le nótaí acmhainní a íoslódáil anseo [PDF]

 

Ag foghlaim tríd an Ealaín

Tá foghlaim tríd an ealaín lárnach i gclár bunscoile Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Cabhraíonn an ealaín linn chun tuiscint a fháil ar an domhan agus is féidir í a úsáid sa seomra ranga chun léargas a thabhairt ar théamaí agus ábhair eile sa churaclam. Ullmhaíodh ár sraith acmhainní, Ag Foghlaim tríd an Ealaín mar áiseanna praiticiúla chun a chur ar do chumas saothair ealaíne a úsáid mar phríomhfhoinsí agus inspioráid a thabhairt le haghaidh ceachtanna a réiteach i réimsí eile den churaclam. 

Tá na nithe seo ar fáil i ngach acmhainn: 

  • Taispeántas Sleamhnán Powerpoint le léamh agat féin agus do rang
  • Íomhánna de phríomhshaothair ealaíne ó bhailiúchán an Ghailearaí
  • Eolas faoin bpictiúr agus faoin ealaíontóir 
  • Ceisteanna – Breathnaigh agus Freagair don rang
  • Pointí plé 
  • Ceachtanna bunaithe ar an saothar is féidir a nascadh leis an gcuraclam trí chéile
  • Bileoga oibre le priontáil agus le húsáid sna ceachtanna 
  • Liosta acmhainní de shuíomhanna gréasáin eile a thig leat a úsáid chun tuilleadh léitheoireachta ags taighde a dhéanamh
  • Smaointe do cheachtanna breise i gcomhair ábhair eile

Ag foghlaim tríd an Ealaín: Paca Acmhainní Stair

Ag foghlaim tríd an Ealaín: Paca Acmhainní Teanga na Bunscoile

Ag Foghlaim tríd an Ealaín: Paca Acmhainní OSPS

Ealaín & Aireachas: Radharc ar Eas Chúirt an Phaoraigh

  • Tá an físeán seo deartha le húsáid sa seomra ranga agus taispeánann sé cén chaoi ealaín a úsáid mar spreagadh do chleachtadh aireachais.
  • Féach ar an bhfíseán anois

Meán Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i n Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Céard é Portráid?

Tírdhreacha in Ealaín na hÉireann

Three teenagers in a print exhibition
Photo © National Gallery of Ireland.Credit

Acmhainní don iar-bhunscoil

Mura bhfuil tú cinnte cén áit le tosú, nó céard a oibríonn is fearr duitse , féach ar ár mbileog le nótaí éascaíochta a liostaíonn gach acmhainn a bhfuil againn agus cá bhfaighidh tú iad. Is féidir leat an bhileog le nótaí acmhainní a íoslódáil anseo [PDF]

 

Jack B. Yeats: Acmhainn Físiúil

  • Is ceiliúradh álainn saibhir é an acmhainn seo ar shaol agus ar shaothar Jack B.Yeats.
  • Tá sé deartha d’fhoghlaimeoirí físe agus ba í an t-ealaíontóir agus an múinteoir ealaíne atá éirithe as Bernie McGonagle a chruthaigh é.
  • Déanann sé iniúchadh ar thimpeallacht shóisialta Yeats agus rianaíonn sé a fhorbairt chruthaitheach agus a thionchair. Laistigh den acmhain tá an nasc teicníc cuimhne.
  • Tá gach painéal ceangailte leis an gcéad cheann eile ag úsáid modhanna éagsúla: cosúlacht físiúil, dath, cruth agus comhlacas smaointe ionas gur féidir leat cuimhneamh níos éasca.
  • Tá sé dírithe go príomha ar mhic léinn ealaíne ardteistiméireachta ar foghlaimeoirí físe iad, ach Is féidir le aoiseanna agus leibhéil eile úsáid agus taitneamh a bhaint as. 
  • Is féidir é a íoslódáil

Murillo: An Mac Drabhlásach Athchóirithe \ Taispeántas Fíorúil

Meán Ábharthacht & Draíocht Grianghrafadóireacht i n Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Céard é Portráid?

Acmhainní do bhunscoileanna

Acmhainní don iar-bhunscoil