Cairt Custaiméirí agus Plean Gníomhaíochta um Chustaiméirí

Cairt Custaiméirí

Ár misean

Déanann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann cúram a thabhairt don ealaín, agus an ealaín a léirmhíniú, a fhorbairt agus a thaispeáint ar mhaithe le gach uile duine. Cuireann an Gailearaí eispéireas den scoth ar fáil lena spreagtar an spéis san ealaín agus is áit spreagúil í chun teacht ar an ealaín.

Cúig gheallúint

Tá cúig gheallúint ar leith tugtha sa Chairt Chustaiméirí. Geallaimid:

  1. Eispéireas ardchaighdeáin a thabhairt dár gcuairteoirí 
  2. Bailiúchán ealaíne spreagúil a thaispeáint agus a bhainistiú  
  3. Seirbhís faisnéise, bailiúcháin agus oideachais den scoth a thairiscint do chách 
  4. Go mbeifear eolasach, saineolach agus oilte a bheidh spreagúil mar fhoireann
  5. Gailearaí inrochtana agus sábháilte a sholáthar do chách

Tá sé geallta sa Chairt Chustaiméirí eispéireas agus seirbhísí ardchaighdeáin do chuairteoirí a chur ar fáil. Tá cúig ghealltanas ar leith sa Chairt Custaiméirí againn agus is ionann siúd agus bonn na bprionsabal seo a leanas de Sheirbhís Chustaiméirí Ardchaighdeáin / Eispéireas do Chuairteoirí.

Plean Gníomhaíochta um Chustaiméirí

Eispéireas Ardchaighdeáin agus Cáilíocht Seirbhíse Ardchaighdeáin

Ár dTiomantas:

Tá Cairt Custaiméirí foilsithe ag an nGailearaí agus breac-chuntas ann gcineál eispéiris agus seirbhíse agus faoin gcaighdeán eispéiris agus seirbhíse ar féidir lenár gcuairteoirí a bheith ag súil leo, agus a bheidh ar fáil ag gach pointe seachadta seirbhíse.

  1. Táimid tiomanta deimhin a dhéanamh de go bhfuil cuairteoirí ar an eolas faoi gcineál eispéiris agus seirbhíse agus faoin gcaighdeán eispéiris agus seirbhíse ar féidir lenár gcuairteoirí a bheith ag súil leo trínár gCairt do Chustaiméirí a fhoilsiú agus a thaispeáint.

Amlínte agus an Chúirtéis

Ár dTiomantas:

Tá an Gailearaí tiomanta do sheirbhís ardchaighdeáin a sholáthar maidir leis an gcaoi a láimhseáilimid fiosrúcháin teileafóin, an chumarsáid i scríbhinn, daoine a thagann isteach sa ghailearaí, fiosrúcháin láithreáin ghréasáin idirghníomhacha agus sna meáin shóisialta, chomh maith leis an soláthar faisnéise.

  1. Déanfaimid cinnte gcaitear le gach cuairteoirgo cúirtéiseach agus go láimhseáiltear gach cumarsáid a fhaighimid go pras agus ar bhealach éifeachtúil. 
  2. Déanfaimid cinnte go soláthróidh gach ball foirne a n-ainm agus iad ag freagairt glaonna teileafóin. Luafar sonraí teagmhála iomlána ar gach cumarsáid i scríbhinn agus i r-phost araon.  
  3. Déanfaimid gach ríomhphost as-oifige a nuashonrú go rialta agus tabharfaimid freagra ar gach uile theachtaireacht glórphoist. 
  4. Déanfaimid gach fiosrúchán a admháil laistigh de 3 lá oibre tar éis dó a bheith faighte againn agus soláthróimid gnáthfhaisnéis, ach iarratas air a fháil. Tabharfaimid freagra cinnte ar 95% ar a laghad de na fiosrúcháin laistigh de 20 lá oibre.

 Aiseolas

Ár dTiomantas:

Is é cuspóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ná córas atá inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid a chur ar fáil chun déileáil le haiseolas. Sainmhínítear an t-aiseolas mar fhaisnéis faoi eispéireas an chuairteora i dtaca lena gcaidreamh leis an nGailearaí nó a bhaineann le seirbhísí dár gcuid ar baineadh úsáid astu chun bonn eolais a chur lena bhfeabhas agus chun freagairt agus rannpháirtíocht ár lucht féachana a thuiscint níos fearr.

  1. Cuirimid fáilte roimh an aiseolas i dtaca lenár seirbhísí agus an eispéireas cuairteoirí atá curtha ar fáil againn, agus tuigimid go bhfuil sé ríthábhachtach chun teacht ar thuiscint ar riachtanais agus ionchais ár gcuairteoirí. Ba chóir aiseolas a chur isteach:
    • ach ríomhphost a chur chuig: [email protected]
    • le cárta tráchta
    • sa phost, ach é a chur chuig: Aiseolas do Chuairteoirí f/ch an Bainisteoir um Thaithí na gCuairteoirí, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cearnóg Mhuirfean Thiar, Baile Átha Cliath 2, D02 K303.
    • Trí shuirbhé don lucht féachana: arna eisiúint ag an bhFoireann um Thaithí na gCuairteoirí ó am go ham
    • Go pearsanta: téigh chuig an Deasc Faisnéise agus iarr ar an mBainisteoir um Thaithí na gCuairteoirí nó ar bhall den fhoireann
  2. Déanfaimid gach cumarsáid a admháil laistigh de thrí lá oibre tar éis di a bheith faighte againn. Sláthróimid gnáthfhaisnéis, ach iarratas air a fháil. Tabharfaimid freagra críochnúil ar 95% ar a laghad de na fiosruithe i scríbhinn laistigh de 20 lá oibre. I gcásanna ina mbeidh moill ann, cuirfimid freagra eatramhach chugat agus an stádas reatha mínithe ann roimh don tréimhse 20 lá oibre dul in éag.
  3. Spreagfaimid na baill foirne agus na saorálaithe chun a dteagmháil laethúil le cuairteoirí a úsáid chun aiseolas a bhailiú ar an gcáilíocht eispéireas agus ar sheirbhísí na gcuairteoirí, agus chun leibhéil freagartha na gcuairteoirí a thomhas.
  4. Ag baint úsáide as sonraí gan ainm ón gClár Aiseolais, aithnímid treochtaí, cruthaímid tuarascálacha inmheánacha agus bailímid léargas ar mhaithe lenár seirbhísí a fheabhsú.
  5. Is féidir leat cabhrú linn agus muid ag iarraidh seirbhís ardchaighdeáin do chuairteoirí a chur i gcrích ar mhaithe leat ach d’ainm, do sheoladh, d’uimhir theileafóin nó do sheoladh ríomhphoist a chur leis. Bí chomh soiléir is gur féidir, agus cuir síos an oiread sonraí agus is féidir leat. Táimid buíoch díot as caitheamh lenár bhfoireann go cúirtéiseach, díreach amhail is mar a bheifeá ag iarraidh go gcaithfidís leat féin. Más rud é go raibh sásta leis an tseirbhís a cuireadh ar fáil duit, abair é sin linn. Is féidir leat cabhrú linn freisin ach moltaí a thabhairt dúinn faoin tseirbhís a fhaigheann tú.

Gearáin

Ár dTiomantas:

Is é cuspóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ná córas atá inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid a chur ar fáil chun déileáil le gearáin. Táimid tiomanta gach gearán a réiteach go pras. Déileálfar le gach gearán ar bhealach cóir agus iomchuí agus déileálfar leis faoi rún seachas amháin sa chás go bhfuil an gearánach ag iarraidh go ndéanfar a mhalairt (agus faoi réir ár n-oibleagáidí maidir leis an nochtadh faoin Saoirse Faisnéise, Cosaint Sonraí agus Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol).

  1. Is ionann gearán, dar linn, agus aon léiriú míshástachta ar bith maidir lenár ngníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta nó faoi chaighdeán na seirbhíse a sholáthraímid agus a sholáthraítear thar ár gceann. Ní chaitear le gearáin agus le haiseolas mar an gcéanna, agus déileáltar leo de réir an Nós Imeachta um Ghearáin agus Achomhairc againne, ar féidir leat é a léamh anseo. Tá cur síos déanta ann ar conas gearán a dhéanamh agus achomharc a dhéanamh ar ár gcinneadh maidir le gearán.
  2. Sa chás go bhfuil botún déanta againn, déanfaimid iarracht é a cheartú chomh tapa agus is féidir agus tabharfaimid míniú ar fáil.
  3. Comhlíonfaimid prionsabail na cosanta sonraí nuair a táthar ag déileáil le gearáin.

Achomhairc

Ár dTiomantas:

Is é cuspóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ná córas achomhairc atá foirmeálta, inrochtana, trédhearcach agus éasca le húsáid a chur ar fáil.

  1. Déanfaimid cinnte go mbeidh an cuairteoir ar an eolas faoina cheart chun a ghearán a achomharc sa chás nach bhfuil siad sásta le cinneadh an Ghailearaí.
  2. Déileáltar le hachomhairc an Nós Imeachta um Ghearáin agus Achomhairc againne, ar féidir leat é a léamh anseo. Tá cur síos déanta ann ar conas achomharc a dhéanamh ar ár gcinneadh maidir le gearán.

Rogha

Ár dTiomantas:

Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann tiomanta go soláthrófar rogha, nuair is féidir, maidir lena seachadadh seirbhíse. Táimid tiomanta teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a úsáid chun an rochtain, an rogha agus an caighdeán seachadta is fearr a chinntiú.

  1. Bainfimid lán-úsáid as an teicneolaíocht nua agus as an teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn chun an rogha seirbhísí agus bealaí is féidir le cuairteoirí dul i dteagmháil leis an mBailiúchán Náisiúnta a leathnú amach. 

An comhordú feabhsaithe

Ár dTiomantas:

Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann tiomanta do chur chuige comhordaithe agus comhtháite a chothú i leith sholáthar ár seirbhíse poiblí agus an Bailiúchán Náisiúnta á thaispeáint againn.

  1. Cinnteoimid an comhoibriú agus an comhtháthú leanúnach i ngach réimse sa Ghailearaí chun an comhordú ar an soláthar seirbhíse a fheabhsú.
  2. Cinnteoimid an comhoibriú agus comhar leanúnach lenár ngeallsealbhóirí uile chun feabhas a chur ar an gcaoi ar féidir lenár gcuairteoirí teacht a fháil ar an mBailiúchán Náisiúnta.

An inrochtaineacht

Ár dTiomantas:

Is é cuspóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ná a chinntiú go bhfuil a shaoráidí agus a sheirbhísí inrochtana dár gcustaiméirí go léir. Táimid tiomanta d'athbhreithniú a dhéanamh i gcónaí ar an inrochtaineacht maidir leis an rochtain ar an gcomhshaol fisiceach, an teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide agus na seirbhísí ardchaighdeáin do chustaiméirí, agus Gailearaí inrochtana agus sábháilte a chur ar fáil do chách.

  1. Cinnteoimid go mbeidh ár n-áiseanna agus ár seirbhísí uile inrochtana do gach cuairteoir a bhfuil riachtanas inrochtaineachta acu.
  2. Chun a chinntiú gur féidir déileáil le haon cheisteanna nó deacrachtaí maidir le haon riachtanas inrochtana go pras, is féidir le cuairteoirí ríomhphost a sheoladh chuig an Oifigeach Rochtana ag [email protected] nó glao teileafóin a chur ar: (01 663 3513).
  3. Cuirfidh an Gailearaí faisnéis ar fáil atá soiléir, tráthúil agus cruinn, beidh an faisnéis sin curtha ar fáil ag gach pointe teagmhála agus chomhlíonfaidh sí riachtanais daoine le riachtanais shonracha. Táimid tiomanta an deis atá á thairiscint leis an TF, na meáin shóisialta agus ár suíomh gréasáin a thapú. Táimid tiomanta do thuras cuairteora simplithe a thairiscint do chuairteoirí a bhfuil rochtain acu ar an ealaín agus ar an nGailearaí.
  4. Cinnteoimid go bhfuil gach réimse dár bhfoirgnimh glan, compordach agus go gcomhlíonfaidh siad na caighdeáin sláinte agus sábháilteachta ábhartha. 

An Comhionannas / Éagsúlacht

Ár dTiomantas:

Is é cuspóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann seirbhís a chur chun cinn atá inrochtana do chách, a chuireann an comhionannas chun cinn agus a fhreastalaíonn ar éagsúlacht torthaí lena chinntiú nach ndéantar idirdhealú ar aon duine mar gheall ar a inscne, a stádas teaghlaigh nó pósta, a chreideamh, a aois agus a chine, nó mar gheall ar gur duine dhuine den Lucht Siúil é, a chlaonadh gnéasach nó míchumas a bheith aige ach an oiread. Déantar iarracht sa Ghailearaí eispéireas a chur ar fáil a chuireann deireadh le constaicí do dhaoine atá i mbochtaineacht agus san eisiamh sóisialta agus dóibh siúd chomh maith a bhfuil constaicí geografacha orthu rochtain a fháil ar an mbailiúchán.

  1. Déanfaimid iarracht deireadh a chur le constaicí do dhaoine atá i mbochtaineacht agus san eisiamh sóisialta agus dóibh siúd chomh maith a bhfuil constaicí geografacha orthu rochtain a fháil ar an mbailiúchán.  
  2. Cinnteoimid go gcoinneofar le béim a bheith leagtha ar shaincheisteanna comhionannais / éagsúlachta ar fud an Ghailearaí.  
  3. Aithnímid Dualgas na hEarnála Poiblí i dtaca leis an gComhionannas agus Cearta an Duine agus déanfaimid é a chur i bhfeidhm inár gcuid gníomhaíochtaí go léir.
  4. Cinnteoimid go gcaitear go cothrom agus de réir na reachtaíochta ábhartha le gach custaiméir.

Comhionannas Teangacha Oifigiúla

Ár dTiomantas:

Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann tiomanta seirbhís phoiblí eolasach a sholáthar trí Ghaeilge de réir mar is cuí.

  1. Foilsímid ár Scéim Teanga don Ghaeilge faoin Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus déanfaimid na seirbhísí a chuirfear ar fáil i dteangacha oifigiúla an stáit, agus i dteangacha móra eile, a shonrú, nuair is cuí.
  2. Cinnteoimid go mbeidh baill foirne ar fáil i gcónaí chun freastal ar chuairteoirí ar mhaith leo cumarsáid a dhéanamh linn trí Ghaeilge.
  3. Cinnteoimid go leanfaidh an Tuarascáil Bhliantúil, an Ráiteas Straitéise agus foilseacháin faisnéise ábhartha agus príomhdhoiciméid bheartais arna dtáirgeadh ag an nGailearaí, ar fáil i nGaeilge.
  4. Leanfar le gach comhartha buan a sholáthar sa dá cheann de theangacha oifigiúla an stáit. 

Comhairliúchán agus Meastóireacht

Ár dTiomantas:

Is é cuspóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann cur chuige struchtúrtha a sholáthar maidir le comhairliúchán fiúntach leis an gcuairteoir, agus san idirtheagmáil leis, maidir le forbairt, seachadadh agus athbhreithniú seirbhísí.

  1. Táimid tiomanta a chinntiú go gcuirtear an t-aiseolas a fhaighimid ó chuairteoirí san áireamh agus ár seirbhísí agus na bealaí atá againn chun dul i dteagmháil leis an mBailiúchán Náisiúnta á bhfeabhsú againn.
  2. Táimid tiomanta don chomhairliúchán fiúntach le cuairteoirí trí raon fóraim éagsúla.
  3. Táimid tiomanta a chinntiú go ndéantar leibhéil na seirbhíse a mheas. 

An Custaiméir Inmheánach

Ár dTiomantas:

Aithníonn Gailearaí Náisiúnta na hÉireann gur custaiméirí inmheánacha iad an fhoireann agus go dtugtar tacaíocht agus comhairliúchán ceart dóibh maidir le saincheisteanna seachadta seirbhíse agus eispéireas an chuairteora.

  1. Aithnímid gur custaiméirí inmheánacha iad an fhoireann agus táimid tiomanta go dtacófar leo go rachfar i gcomhairle leo i gceart maidir le saincheisteanna seachadta seirbhíse agus eispéireas an chuairteora.  

An uair is deireanaí ar leasaíodh é: 2 Nollaig 2021