A visitor to the Beyond Caravaggio exhibition. © National Gallery of Ireland.
© National Gallery of Ireland. Credit

Beartais Chuairteoirí

Na saothair ealaíne a chosaint: Ná leag lámh ar shaothar ar bith (lena n-áirítear dealbha agus frámaí). Coinnigh spás beag idir tú féin agus gach saothar ealaíne chun teagmháil nó bualadh faoi de thimpiste a sheachaint. Ná lig do mheáchan ar bhallaí ná ar chásanna taispeántais (chun dul ag scríobh nó mar thaca fisiciúil). Chun na saothair ealaíne a chosaint, fág do mhálaí sa seomra cótaí.

Seomra Cótaí: Tá seomraí cótaí lonnaithe ag an dá bhealach isteach chuig an nGailearaí. Ní mór málaí agus scáthanna fearthainne a fhágáil iontu. Níl aon chostas ar nithe a fhágáil sa seomra cótaí. Ní ghlactar le cásanna móra ná le málaí droma sa seomra cótaí. Glactar le málaí den mhéid céanna le bagáiste a nglactar leis i gcábán eitleáin. 

Leanaí: Caithfidh duine fásta a bheith i dteannta leanaí sa Ghailearaí an t-am ar fad. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sin, féach ár Beartas um Chosaint Leanaí.

Sceitseáil: Féadfaidh bailiúchán Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a bheith ina fhoinse inspioráide agus foghlama do chách. Spreagaimid sceitseáil ón mbailiúchán i spásanna an ghailearaí. Féadfaidh cuairteoirí a n-ábhair féin a thabhairt leo (ábhair thirime agus sin amháin) nó paca Líníochta agus Scríbhneoireachta Cruthaithí a fháil ar iasacht saor in aisce ó na deasca eolais. Sa chás go mbeartaítear úsáid tráchtála a bhaint as líníochtaí, faigh comhairle ón rannóg Íomhánna agus Ceadúnú maidir le saothair lena mbaineann cóipcheart.

Cuairteanna ó Ghrúpaí: Féach na treoirlínte maidir le cuairteoirí ó ghrúpaí.

Fóin Phóca: Is féidir fóin phóca a úsáid sa Ghailearaí chun cabhrú leat sult a bhaint as an mbailiúchán ach iarrtar ort meas a léiriú ar na cuairteoirí eile. 

Ceamaraí: Is ceadmhach anois grianghraif a ghlacadh in áiteanna áirithe sa Ghailearaí. Faigh tuilleadh eolais.

Bia agus Deochanna: Níl cead aon ní a ithe ná a ól sa Ghailearaí ach amháin i gCaifé an Ghailearaí.

Cosc ar Thobac: Tá cosc ar thobac agus ar thoitíní leictreonacha gach áit sa Ghailearaí.

 Léigh tuilleadh faoinár mbeartais anseo