Deich gcinn de chúiseanna le cuairt a thabhairt orainn

1. Tá sé saor in aisce!

Tá sé saor in aisce cuairt a thabhairt ar an nGailearaí Náisiúnta. Ó 1864, nuair a d’oscail an Gailearaí na doirse den chéad uair, tá an bailiúchán náisiúnta ar fáil do mhuintir na tíre, le sult a bhaint as ó cheann ceann na bliana. 361 lá sa bhliain, cuirfear inspioráid, áthas agus siamsaíocht ar fáil duit sa Ghailearaí Náisiúnta, le turais, ceardlanna, léachtaí agus imeachtaí tráthnóna Déardaoin, gach ceann díobh saor in aisce.

 2. Spraoi don Teaghlach

An bhfuil bua na healaíne ag do leanbh? Má tá, beir greim ar ‘mhála droma ealaíne’ nó treoir fuaime do leanaí agus téigh ag breathnú thart ar an nGailearaí Náisiúnta agus ag cruthú do shaothair féin ann! Dé Domhnaigh an lá don teaghlach sa Ghailearaí. Bíonn ceardlanna saor in aisce ar siúl i Spás Cruthaitheach an Ghrúpa Maples ó 11.30am-1.30pm, agus bíonn turas ar an mbailiúchán go speisialta do chuairteoirí óga ar 12.30pm! Ceadaigh ár bhféilire Cad atá ar siúl chun eolas a fháil faoi imeachtaí atá le tarlú, nó lean Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar Facebook, Twitter agus Instagram.

 3.  Taispeántais ar chaighdeán domhanda

Tá clár saibhir, éagsúil de thaispeántais ar chaighdeán domhanda ó cheann ceann na bliana ag an nGailearaí. Ní ghearrtar costas ar bith ar Chairde an Ghailearaí ná ar dhaoine faoi 18 bliana d’aois.

 4. Bí Cruthaitheach

Ní ar leanaí amháin a dhírítear. Spreagtar daoine fásta agus déagóirí freisin breith ar pheann luaidhe agus líníocht a fhoghlaim nó cur lena gcuid scileanna líníochta i gceardlanna faoi stiúir ag ealaíontóirí a thionóltar ina sraitheanna le linn na bliana. An raibh fonn ort riamh do shaothar ealaíne a fheiceáil curtha in airde ar bhallaí an Ghailearaí Náisiúnta? Seo do dheis (ar bhealach). Tá na hábhair go léir a bheidh uait chun do shaothar a chruthú i Spás Cruthaitheach an Ghrúpa Maples, spás buan san Aitriam. Ansin, is féidir leat do shaothar a chrochadh sa spás le go bhfeicfidh gach duine é! Féach ár gClár Oideachais chun eolas a fháil faoi na himeachtaí go léir.

 5. Foghlaim agus smaointeoireacht

Cad, cathain, cén fáth agus conas? Ar smaoinigh tú riamh faoin gcúlra atá ag pictiúr? An bhfuil údar leis an gcuma atá air? Cé hiad na daoine sa phictiúr? Téigh ar thuras saor in aisce ar bhuaicphointí an Ghailearaí nó tóg turas téamúil chun léargas níos doimhne a fháil ar na saothair ealaíne is ansa leat. Nó tabhair bronntanas ealaíonta do do chairde agus do dhaoine muinteartha ach turas príobháideach, saincheaptha ar an nGailearaí a bhronnadh orthu. Is féidir le duine dár saintreoraithe  cuairt faoi leith a leagan amach daoibh de réir bhur riachtanas. Caithfear libh mar Dhuine thar a bheith Tábhachtach!

 6. Machnamh ciúin, séimh

Éalaigh ón gcathair agus caith seal leat féin. Déanann sé maitheas don anam sult a bhaint as sár-ealaíon agus is áit iontach é sár-ghailearaí le dul ag spaisteoireacht. Tóg briseadh ó do lá agus bain lán do shúl as pictiúr amháin nó go leor. Bí i do shuí ar bhinse nó téigh ag smaoineamh i seomra: is é do ghailearaí é!

7. Breathnaigh thart ar Leabharlann agus ar sheirbhísí taighde an Ghailearaí

Foghlaim níos mó faoin ealaíontóir, faoin ngluaiseacht nó faoin saothar ealaíne is ansa leat a bhuíochas do Leabharlann agus seirbhísí taighde Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Bain sult as timpeallacht shíochánta na Leabharlainne Mínealaíne, an tIonad do Léann Ealaíon na hÉireann nó Seomra Léitheoireachta Denis Mahon. Tá sain-léargas ar fáil ó bhaill foirne leabharlannaithe agus cartlannaithe Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann atá in ann comhairle a chur ort agus a saineolas a roinnt leat. Tá teacht ag cuairteoirí ar ár mbailiúchán ollmhór irisí, bunachair shonraí ar líne, leabhar, catalóg, ábhar cartlainne agus leabhar annamh. Seirbhís saor in aisce í seo atá ar fáil ó Luan go hAoine, 11am-5pm. Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le [email protected] nó glaoigh ar (01) 663 3546. 

 8.  Bain sult as lón

Ar mhaith leat cappuccino i ndiaidh an Caravaggio? Quiche i ndiaidh an Claude Lorrain? Nó Chardonnay i ndiaidh an Chardin? Is mínealaín ann féin é cupán tae agus píosa ciste i gCaifé an Ghailearaí, spás ag a bhfuil ailtireacht uathúil a bhfuil cuid de ina theach cathrach Seoirseach ón 18ú haois agus cuid de ina bhálseomra ón 19ú haois.

 9. Siopa

Bíonn gach duine ag iarraidh souvenir de lá speisialta nó d’eachtraíocht. Tá priontaí agus cártaí poist de na pictiúir is ansa leat i Siopa an Ghailearaí, chomh maith le leabhair agus leabharmharcanna agus na pinn, pinn luaidhe agus bloic pháipéir go léir a bheidh de dhíth chun tabhairt faoin léiriú ealaíonta nua. Tugtar tacaíocht do cheardaíocht agus do dhearadh Éireannach sa siopa agus tugtar spás d’earraí criadóireachta, seoda agus teicstílí déanta ag ealaíontóirí áitiúla agus náisiúnta. 

 10. Pobal 

Reáchtáiltear Tionscadail Rannpháirtíochta Pobail i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí éagsúla gach bliain. Bítear ag obair le daoine ag gach céim sa saol sna tionscadail sin. An Gailearaí a dhéanann iad a mhaoiniú go hiomlán, nó an Gailearaí agus an eagraíocht is comhpháirtí a dhéanann iad a mhaoiniú i gcomhar. Tionóltar tionscadail sa Ghailearaí, ag obair leis an mbailiúchán buan agus le taispeántais reatha, nó i measc an phobail i gcoitinne. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Rannpháirtíocht an Phobail ag an nGailearaí Náisiúnta, déan teagmháil linn ag [email protected]