Áiseanna agus seirbhísí

Tabhair faoi deara go bhfuil maolú ar roinnt dár seirbhísí faoi láthair de bharr na géarchéime sláinte.

Visitors to Beyond Caravaggio listening to audio guides. © National Gallery of Ireland.

Clostreoracha

Féadtar audioguides de rogha an bhailiúcháin a fháil ar iasacht saor in aisce ó na Deasca Eolais. Tá clostreoracha ar fáil i mBéarla, Gaeilge, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis agus Polainnis. Ina theannta sin tá clostreoir speisialta do pháistí atá ar fáil i mBéarla amháin.

Turais faoi threoir

turais den bhailiúchán buan ar fáil saor ina aisce. Féadfaidh tú turas príobháideach don Ghailearaí a eagrú chomh maith nó grúpa scoile a thabhairt le haghaidh cuairte.

A tour group from behind the bust of Gerry Hynes by Vera Klute. © National Gallery of Ireland.
Sir Denis Mahon Reading Room

Taighde seirbhísí

Tugann an ghailearaí fáilte roimh taighdeoirí. Tá na bailiúcháin suite i roinnt áiteanna sa ghailearaí agus san áireamh. Is sa Leabharlann Ealaíne atá ceann de na bailiúcháin bheathaisnéise agus chartlainne is cuimsithí maidir le stair na healaíne.

Sonraí breise

Siopa

Tá an siopa lonnaithe i Sciathán na Mílaoise. Is féidir réimse leathan priontaí, bronntanas agus leabhar a cheannach ann, agus is ar bhailiúchán an Ghailearaí atá gach ceann acu bunaithe. Dúntar an siopa 15 nóiméad roimh am dúnta an Ghailearaí.

""

Café

Tá an café suite ag bealach isteach Shráid an Chláraigh.

Sonraí breise

Caillte agus aimsithe

Tá áis chaillte agus aimsithe i bhfeidhm sa Ghailearaí. Má chailleann tú rud éigin le linn do chuairte, inis é do na deasca eolais ag na bealaí isteach de Chearnóg Mhuirfeann agus Sráid an Chláraigh.

Visitors at the information desk in the Millennium Wing. © National Gallery of Ireland.
© National Gallery of Ireland

Áiseanna friothála agus ar naíonáin

Tá dhá áit fhriothála ar naíonáin ar fáil sa Ghailearaí, suite ag na leithris ag Cearnóg Mhuirfeann agus Sráid an Chláraigh.

Seomra Cótaí

Tá seomraí cótaí suite ag an dá bhealach isteach don Ghailearaí. Ní mór do na málaí móra go léir agus na scáthanna fearthainne a sheiceáil. Tá an seomra cóta saor in aisce.

© National Gallery of Ireland
A view of the Merrion Square entrance through leaves. © National Gallery of Ireland.

Lánrochtain

Is féidir lánrochtain a bheith ag duine ar na gailearaithe agusar réimse leathan seirbhísí inrochtana. Tá spásanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas ar Chearnóg Mhuirfean Thiar, agus is féidir cathaoir rothaí a fháil ach í a iarraidh.

Sonraí breise

T + 353 1 6615133 | R [email protected]

Grianghraif agus físeán

Ceadaítear grianghraif agus físeán le haghaidh úsáide pearsanta (neamhthráchtála), ach amháin i gcás saothar ealaíne atá faoi chóipcheart. Ní cheadaítear grianghrafadóireacht ná scannánaíocht i gcás na dtaispeántas sealadach, nó áit ar bith atá sé luaite go sonrach gan a leithéid a dhéanamh.

Taking photos in the gallery. © National Gallery of Ireland.
Someone holding a phone in their hands with headphones attached

WiFi

Tá WiFi saor in aisce ar fáil fud fad Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.