On 18 July 2026, the National Gallery of Ireland will open a new exhibition, Rembrandt to Matisse – A Celebration of European Works on Paper from the Gallery’s permanent collection. In celebration of Ireland’s Presidency of the Council of the European Union, this special exhibition will showcase over fifty of the Gallery’s finest works on paper, by a host of European artists. Drawings, prints, watercolours, photographs, and miniatures by Italian, Spanish, French, German, Dutch, Belgian, Finnish, Polish, Czech, British, and Irish artists from the fifteenth century to the present day will be shown. The exhibition is curated by Niamh MacNally, Curator of the Prints & Drawings Study Room. The exhibition is funded as part of the Culture Programme for Ireland’s Presidency of the Council of the European Union 2026.
From Italian drawings by Andrea Mantegna (1431–1506) and Ludovico Carracci (1555-1619) to modern prints by Käthe Kollwitz (1867–1945) and Max Beckmann (1884-1950), this exhibition explores the diverse subjects and styles that have shaped European art through the centuries. Well-known highlights of the collection by Edgar Degas (1834–1917), Henri Matisse (1869–1954) and Pablo Picasso (1881–1973) will be exhibited alongside more recent acquisitions by Rembrandt van Rijn (1606–1669), Armand Séguin (1869–1903) and Karl Schmidt-Rottluff (1884–1976). A small selection of rarely seen miniatures from the Sir Alfred Chester Beatty Gift of 1951 will also be displayed.
Irish artists, who were drawn to mainland Europe for inspiration, will be represented, with works by Nathaniel Hone the Younger (1831–1917), Mary Swanzy (1882–1978), Roderic O’Conor (1860–1940) and William Leech (1881–1968). In turn, European artists, from the Czech photographer Markéta Luskačová (b.1944) to the German printmaker Elke Thönnes (b.1960), who have been inspired by the Irish landscape, will also feature. Reflecting shifts in taste and technique over the centuries, the exhibition showcases the strength of the collection across the various schools. From Italian Renaissance and French Rococo drawings to German Expressionist prints, this exhibition promises to have something for everyone.
Niamh MacNally, Curator of the Prints & Drawings Study Room, commented: “In celebration of Ireland’s Presidency of the Council of the European Union, this special exhibition includes 57 drawings, prints, photographs and miniatures from the National Gallery of Ireland’s Prints and Drawings collection, which comprises over 15,000 works of art. The diverse array of approaches, styles and subjects on display, by European artists from the fifteenth to the twenty-first century, highlights the breadth and richness of these holdings. Silverpoint, chalk, ink and graphite drawings feature alongside colourful watercolours and pastels. Visitors can engage with Old Master drawings, modern and contemporary prints and a selection of compelling photographs.”
Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, commented: “Ireland’s European Presidency is an excellent opportunity to share more widely some of our great works on paper by artists including Andrea Mantegna, Rosalba Carriera, Rembrandt van Rijn, Jean-Antoine Watteau, J.M.W. Turner, Edgar Degas, William Orpen, Käthe Kollwitz, Sean Scully and Amelia Stein. This exhibition shows the variety and quality of our works on paper collection, and the European crosscurrents and connections, across geographies and centuries, which exist. It’s my pleasure to thank warmly Patrick O’Donovan TD, Minister for Culture, Communications and Sport, and his officials for their essential support of this exhibition, which forms part of the official Culture Programme for Ireland’s 2026 Presidency of the Council of the European Union.”
Rembrandt to Matisse – A Celebration of European Works on Paper will be on view in the Print Gallery from 18 July – 6 December 2026. Admission is free.
Funded as part of the Culture Programme for Ireland’s Presidency of the Council of the European Union 2026. The Gallery would like to thank the Department of Culture, Communications and Sport for their ongoing support. For more information, visit www.nationalgallery.ie
(Gallery, EU Presidency & Department Logos to be included)
ENDS
Media contacts:
- Sam Hardiman, Communications Coordinator: Press & Advertising, National Gallery of Ireland, [email protected]
Notes to Editor:
- Images are available at the link: https://we.tl/t-DWDsK1oj9Hbj4EfS
- Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland is available for interview
- Niamh MacNally, exhibition curator and Curator of the Prints & Drawings Study Room is available for interview
Exhibition listing:
From Rembrandt to Matisse – A Celebration of European Prints and Drawings
Print Gallery, National Gallery of Ireland: 18 July – 6 December 2026
Free admission
Curator: Niamh MacNally, Curator of the Prints & Drawings Study Room is available for interview
About the National Gallery of Ireland:
The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired.
Visit nationalgallery.ie or follow us on social media:
- Facebook & Instagram: @nationalgalleryofireland
- LinkedIn: @National Gallery of Ireland
- X: @NGIreland
Rembrandt go Matisse – Ceiliúradh ar Shaothair Eorpacha ar Pháipéar
Taispeántas nua ina léirítear an fhlúirse ealaíontóirí Eorpacha i mbailiúchán an Ghailearaí, agus saorchead isteach chuige
Arna mhaoiniú faoi Chlár Cultúir na hÉireann igcomhair
Uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Ar an 18 Iúil 2026, osclóidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann taispeántas nua, Rembrandt go Matisse – Ceiliúradh ar Shaothair Eorpacha ar Pháipéar ó bhailiúchán buan an Ghailearaí. Tá an taispeántas speisialta seo á chur ar bun chun Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cheiliúradh, agus cuirfear ar taispeáint os cionn leathchéad scothshaothar a rinne ealaíontóirí Eorpacha ar pháipéar. Taispeánfar líníochtaí, priontaí, pictiúir uiscedhatha, grianghraif, agus mionsamhlacha le healaíontóirí Iodálacha, Spáinneacha, Francacha, Gearmánacha, Ollannacha, Beilgeacha, Fionlannacha, Polannacha, Seiceacha, Briotanacha agus Éireannacha, ón gcúigiú haois déag go dtí an lá inniu. Is í Niamh MacNally, Coimeádaí Sheomra Staidéir na bPriontaí agus na Líníochtaí, atá i mbun an taispeántais. Tá sé á mhaoiniú faoin gClár Cultúir i gcomhair Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, 2026.
Téimid siar chomh fada le saothair le Andrea Mantegna (1431–1506) agus Ludovico Carracci (1555-1619), beirt Iodálach, agus ar aghaidh linn ansin trí na haoiseanna chuig priontaí nua-aimseartha le Käthe Kollwitz (1867–1945) agus Max Beckmann (1884-1950), agus an iomaí saothar eatarthu, agus iniúchadh á dhéanamh ar na téamaí agus na stíleanna éagsúla a chuaigh i bhfeidhm ar ealaín na hEorpa i rith na gcéadta bliain. Beidh mórshaothair aitheanta le Edgar Degas (1834–1917), Henri Matisse (1869–1954) agus Pablo Picasso (1881–1973) ó bhailiúchán an Ghailearaí ar taispeáint chomh maith le saothair a fuarthas le tamall anuas le Rembrandt van Rijn (1606–1669), Armand Séguin (1869–1903) agus Karl Schmidt-Rottluff (1884–1976). Beidh rogha bheag mionsamhlacha nach bhfeictear ach go hannamh, ó Thabhartas Sir Alfred Chester Beatty, 1951, ar taispeáint freisin.
Taispeánfar saothair le healaíontóirí Éireannacha a mealladh chuig mórthír na hEorpa agus spreagadh a lorg acu: Nathaniel Hone Óg (1831–1917), Mary Swanzy (1882–1978), Roderic O’Conor (1860–1900) agus William Leech (1881–1968). Beidh ealaíontóirí Eorpacha a ghlac spreagadh ó thírdhreach na hÉireann le feiceáil chomh maith, ón ngrianghrafadóir Seiceach Markéta Luskačová (a rugadh in 1944) go dtí an printéir Gearmánach Elke Thönnes (a rugadh in 1960). Tugtar léargas ar an athrú a tháinig ar spéiseanna agus teicnicí na n-ealaíontóirí in imeacht na mblianta fada, agus léirítear a thábhachtaí atá an bailiúchán i dtaobh a oiread saothar de chuid scoileanna ealaíontóirí éagsúla a bheith ann. Beidh idir líníochtaí Iodálacha ó ré na hathbheochana nó an Renaissance, líníochtaí i stíl Rocócó na Fraince agus priontaí de chuid na nEispriseanaithe Gearmánacha ar crochadh ionas go mbeidh a rogha rud ann do chách.
Arsa Niamh MacNally, Coimeádaí Sheomra Staidéir na bPriontaí agus na Líníochtaí: “Chun ceiliúradh a dhéanamh ar Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, tá 57 líníocht, prionta, grianghraf agus mionsamhail ó bhailiúchán Priontaí agus Líníochtaí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, ina bhfuil breis is 15,000 saothar ealaíne, san áireamh sa taispeántas speisialta seo. Feicimid cineálacha éagsúla cur chuige, stíleanna éagsúla agus ábhair éagsúla sna saothair sin le healaíontóirí Eorpacha ón 15ú go dtí an 21ú aois, rud a léiríonn fairsinge agus saibhreas bhailiúchán an Ghailearaí. Tá líníochtaí a rinneadh le bior airgid, cailc, dúch nó graifít le feiceáil taobh le pictiúir gheala uiscedhatha agus pictiúir a tarraingíodh le pastail. Tá líníochtaí de chuid na seanmháistrí ina measc, chomh maith le priontaí nua-aimseartha, cinn chomhaimseartha agus rogha grianghraf iontach spéisiúil.”
Arsa an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Is iontach an deis atá againn le linn Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle na hEorpa chun cuid dár saothair iontacha ar pháipéar a chur ar taispeáint. Ina measc tá cinn leis na healaíontóirí Andrea Mantegna, Rosalba Carriera, Rembrandt van Rijn, Jean-Antoine Watteau, J.M.W. Turner, Edgar Degas, William Orpen, Käthe Kollwitz, Sean Scully agus Amelia Stein. Tugann an taispeántas seo léargas dúinn ar éagsúlacht agus ardchaighdeán an bhailiúcháin saothar ar pháipéar atá ag an nGailearaí, agus ar na naisc ama agus áite a bhí ann idir ealaíontóirí éagsúla agus ar an gcaoi a raibh siad faoi anáil a chéile. Gabhaim buíochas ó chroí le Patrick O’Donovan TD, an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus lena oifigigh as an tacaíocht a thug siad don taispeántas seo, atá á chur ar bun faoin gClár Cultúir oifigiúil i gcomhair Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh in 2026.”
Beidh Rembrandt go Matisse – Ceiliúradh ar Shaothair Eorpacha ar Pháipéar ar taispeáint i nGailearaí na bPriontaí ón 18 Iúil go dtí an 6 Nollaig 2026. Tá saorchead isteach chuig an taispeántas.
Arna mhaoiniú faoin gClár Cultúir i gcomhair Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh 2026. Ba mhaith leis an nGailearaí buíochas a ghabháil leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt as an tacaíocht a thugann sí dúinn. Eolas breise: www.nationalgallery.ie
(Gallery, EU Presidency & Department Logos to be included)
CRÍOCH
Teagmhálaí na meán:
- Sam Hardiman, Comhordaitheoir Cumarsáide: Preas ⁊ Fógraíocht, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, [email protected]
Nótaí don Eagarthóir:
- Tá íomhánna le fáil ag an nasc: https://we.tl/t-LgC7sTm35ALO1bvx
- Féadfar an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, a chur faoi agallamh
- Féadfar agallamh a chur ar Niamh MacNally, coimeádaí an taispeántais agus Coimeádaí Sheomra Staidéir na bPriontaí agus na Líníochtaí
Sonraí an taispeántais:
Rembrandt go Matisse – Ceiliúradh ar Shaothair Eorpacha ar Pháipéar
Gailearaí na bPriontaí, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: 18 Iúil – 6 Nollaig 2026
Saorchead isteach
Coimeádaí: Niamh MacNally, Coimeádaí Sheomra Staidéir na bPriontaí agus na Líníochtaí
Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:
Tagann daoine ina sluaite chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, áit a bhfuil bailiúchán de shaothair ealaíne ón Eoraip agus ó Éirinn a chlúdaíonn tréimhse ó thart ar 1300 go dtí an lá inniu, chomh maith le Leabharlann agus Cartlann fhairsing. Ní ghearrtar aon táille as cuairt a thabhairt ar an mbailiúchán agus tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh as, go bhfoghlaimeoidh siad uaidh agus gur spreagadh a bheidh ann dóibh.
Tabhair cuairt ar nationalgallery.ie nó lean muid ar na meáin shóisialta:
- Facebook agus Instagram: @nationalgalleryofireland
- LinkedIn: @National Gallery of Ireland
- X: @NGIreland
-
Rembrandt to Matisse – A Celebration of European Works on Paper
18 July - 6 December 2026
-
Jan Steen: Sacred and Profane
21 November 2026 – 25 April 2027
-
Highlights from Hugh Lane Gallery
Now open in Room 47 & 48. Admission free.
-
Hilma af Klint: Artist and Visionary
15 October 2026 - 7 February 2027