Ar oscailt anois
Seomraí 47 agus 48 | Saorchead isteach.
Tá lúcháir ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann rogha de shaothair den scoth ó bhailiúcháin Dánlann Hugh Lane a chur ar taispeáint. Tá an dánlann sin dúnta faoi láthair le haghaidh oibreacha athchóirithe. Is samplaí den scoth iad na pictiúir seo d’ealaín na hÉireann agus d’ealaín idirnáisiúnta ón naoú haois déag agus ón bhfichiú haois.
Bhunaigh an tUasal Hugh Lane Dánlann Hugh Lane sa bhliain 1908; bhí ról tábhachtach aige freisin i stair Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Bhí cuid mhór de na saothair atá ar taispeáint anseo mar chuid de bhailiúchán bunaidh Dánlann Hugh Lane. I measc na saothar is suntasaí sa bhailiúchán tá pictiúir Impriseanachas (atá á roinnt anois i gcomhpháirtíocht leis an National Gallery i Londain) agus bailiúchán breá de phictiúir le Francis Bacon.
Aimsigh tuilleadh eolais
-
Créatúir na Cartlainne
Seomra 11. Saorchead isteach
-
Hilma af Klint: Ealaíontóir agus Físí
15 Deireadh Fómhair 2026 - 7 Feabhra 2027
-
Rembrandt go Matisse – Ceiliúradh ar Shaothair Eorpacha ar Pháipéar
18 Iúil - 6 Nollaig 2026
-
Tabhair cuairt orainn
Uaireanta oscailte