The National Gallery of Ireland, together with its Schools Partner SMBC Aviation Capital, is delighted to announce the callout for applications for its Transition Year/youth work experience programme and the Your Gallery at School and in your Community programme for 2026/2027. These programmes present exciting opportunities for young people to engage with the national collection to enhance creativity, and develop their education.
Transition Year and Youth Work Experience Placements at the National Gallery of Ireland offer young people aged 15–17 the opportunity to experience working life at the Gallery in early 2027. Participants will gain insight into careers in conservation, curatorial practice, learning, visitor engagement and behind-the-scenes operations, while developing transferable skills, building new connections and exploring pathways into the arts and cultural sector. The Gallery has been working with Transition Year students for over 20 years and young people from all educational settings are encouraged to apply.
The Your Gallery at School and in your Community programme brings the national collection into classrooms and community settings across Ireland through co-created artist-led projects. Successful schools and youth groups will work with a professional artist to develop a bespoke project inspired by the national collection and their local area. Projects are tailored to participants' needs and informed by the national curriculum.
Applications are open to all schools and educational settings for children and young people under 18, with encouragement for those working with communities facing educational disadvantage or other barriers.
The National Gallery of Ireland is committed to making art education accessible to every child and young person. Through an ethical and inclusive approach, artist-led experiences and meaningful engagement with the National Gallery of Ireland, these programmes foster creativity, confidence and belonging while expanding access to high-quality arts education across Ireland.
The Gallery’s partnership with SMBC Aviation Capital allows the schools programme to extend access to high-quality arts education through four initiatives: Your Gallery at School and in your Community, My Primary School is at the Gallery and Transition Year Placements. Together, these programmes will help bring the national collection to more classrooms, welcome more students to the Gallery and create new opportunities for young people to explore creativity and culture.
Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, commented: “Art has the power to inspire curiosity, creativity and confidence in young people. At the National Gallery of Ireland, we believe every child should have the opportunity to engage with our national collection, regardless of where they live. Thanks to SMBC Aviation Capital, we can expand our schools programme, reach more classrooms, and communities and create enriching experiences that encourage a lifelong connection with art.”
Peter Barrett, CEO of SMBC Aviation Capital, commented: “The SMBC Aviation Capital Schools Programme continues to make a real difference in the lives of children across Ireland. Working with the Gallery over the past number of years, we are proud that the programme has had participants from almost every county in Ireland, ensuring that every child has equal access to the national institution. Opportunities for creative learning shouldn’t be restricted, and we strongly believe that art is for everyone. The SMBC Aviation Capital Schools Programme ensures that this is understood from an early age.”
How to apply
To apply for ‘Transition Year and Youth Work Experience’ placement or ‘Your Gallery at School and in your Community’, please visit our website and complete an online application form.
- Transition Year and Youth Work Experience
- Your Gallery at School and in your Community
Applications open on 24 August and close on 23 October. Applicants will be informed of the outcome of their application in early November.
ENDS
Media contacts:
- Áine Beamish, Head of Communications, National Gallery of Ireland, [email protected]
Notes to Editor:
- Images are available at the link: https://we.tl/t-AKdwRfdhOivBTj74
- Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland is available for interview
About the National Gallery of Ireland:
The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired. Visit nationalgallery.ie or follow us on social media:
- Facebook & Instagram: @nationalgalleryofireland
- LinkedIn: @National Gallery of Ireland
About SMBC Aviation Capital
SMBC Aviation Capital is the leading global aviation finance platform, servicing a fleet of over 1,750 aircraft with more than 170 airlines globally. Benefiting from the strong support of its shareholders Sumitomo Mitsui Financial Group and Sumitomo Corporation, SMBC Aviation Capital has a high-quality global airline customer base with an owned portfolio comprising 80% new technology aircraft (by net book value). SMBC Aviation Capital has a strong capital position and holds an A- and BBB+ rating with S&P and Fitch respectively, reflecting the long-term strength of its business. For more information, please visit: https://www.smbc.aero/
Tá fáilte anois roimh iarratais ar na cláir óige agus na cláir scoile
ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Is cúis áthais é do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, i gcomhar lena Chomhpháirtí Scoile, SMBC Aviation Capital, a fhógairt go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais ar an gclár taithí oibre don Idirbhliain agus don Aos Óg agus ar an gclár 'Do Ghailearaí ar Scoil agus i do Phobal’ don bhliain 2026/2027. Faoi na cláir sin, cuirtear deiseanna spreagúla ar fáil do dhaoine óga a bheith ag plé leis an mbailiúchán náisiúnta chun cur lena gcruthaitheacht agus chun a gcuid oideachais a fhorbairt.
Le Socrúcháin Taithí Oibre do Scoláirí Idirbhliana agus don Aos Óg i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, tabharfar an deis do dhaoine óga idir 15 agus 17 mbliana d’aois taithí a fháil ar an saol oibre sa Ghailearaí go luath in 2027. Gheobhaidh na rannpháirtithe léargas ar ghairmeacha beatha ina mbítear ag plé le caomhnú, cleachtas coimeádaíochta agus cuairteoirí, ag foghlaim agus ag tabhairt faoi oibríochtaí sa chúlra, agus iad ag cur lena gcuid scileanna inaistrithe, ag cothú naisc nua agus ag fiosrú bealaí isteach chuig an earnáil ealaíon agus cultúir. Tá an Gailearaí ag obair le scoláirí idirbhliana le breis agus 20 bliain anuas agus spreagtar daoine óga ó gach suíomh oideachais chun iarratas a dhéanamh.
Leis an gclár Do Ghailearaí ar Scoil agus i do Phobal, tugtar an bailiúchán náisiúnta chomh fada le seomraí ranga agus suíomhanna pobail ar fud na hÉireann trí thionscadail chomhchruthaithe faoi stiúir ealaíontóirí. Beidh na scoileanna agus na grúpaí óige a n-éireoidh lena n-iarratas ag obair le healaíontóir gairmiúil chun tionscadal saincheaptha a fhorbairt le spreagadh ón mbailiúchán náisiúnta agus óna gceantar áitiúil. Cuirtear tionscadail in oiriúint do riachtanais na rannpháirtithe agus bíonn siad faoi anáil an churaclaim náisiúnta.
Fáiltítear roimh iarratais ó gach scoil agus suíomh oideachais do leanaí agus do dhaoine óga faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus spreagtar iad siúd atá ag obair le pobail faoi mhíbhuntáiste oideachais nó a bhfuil bacainní eile orthu chun iarratas a chur isteach.
Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann meáite ar an oideachas ealaíne a bheith inrochtana do gach leanbh agus duine óg. Trí chur chuige eiticiúil, cuimsitheach, trí ghníomhaíocht faoi stiúir ealaíontóirí agus trí rannpháirtíocht fhiúntach le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, cothaíonn na cláir sin cruthaitheacht, muinín agus muintearas agus leathnaíonn siad an rochtain ar oideachas ealaíon ardchaighdeáin ar fud na hÉireann.
A bhuí le comhpháirtíocht an Ghailearaí le SMBC Aviation Capital, tá ceithre thionscnamh ann lena gcuirtear leis an bhfáil atá ar oideachas ealaíon ardchaighdeáin faoi chlár na scoileanna: Do Ghailearaí ar Scoil agus i do Phobal, Tá an Bhunscoil seo againne ag an nGailearaí agus Socrúcháin Idirbhliana. Cabhróidh na cláir sin linn an bailiúchán náisiúnta a thabhairt chuig níos mó seomraí ranga, fáilte a chur roimh níos mó daltaí chuig an nGailearaí agus deiseanna nua a chruthú do dhaoine óga chun an chruthaitheacht agus an cultúr a iniúchadh.
Arsa an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Tá an chumhacht ag an ealaín chun fiosracht, cruthaitheacht agus muinín a spreagadh i measc daoine óga. Anseo i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, creidimid gur cheart an deis a bheith ag gach leanbh aithne a chur ar ár mbailiúchán náisiúnta, is cuma cá bhfuil cónaí air nó uirthi. A bhuí le SMBC Aviation Capital, táimid in ann ár gclár scoileanna a leathnú, dul chuig níos mó seomraí ranga, cuairt a thabhairt ar níos mó pobal agus deiseanna saibhriúcháin a chruthú lena spreagtar nasc ar feadh an tsaoil leis an ealaín.”
Arsa Peter Barrett, Príomhfheidhmeannach SMBC Aviation Capital: “Tá Clár Scoileanna SMBC Aviation Capital fós ag dul i bhfeidhm go mór ar shaol leanaí ar fud na hÉireann. Táimid ag obair leis an nGailearaí le tamall de bhlianta anuas agus is cúis bhróid againn é go raibh leanaí ó bheagnach gach contae in Éirinn páirteach sa chlár, rud a chinntíonn gurb í an rochtain chéanna atá ag gach leanbh ar an institiúid náisiúnta. Níor cheart srian a bheith ar dheiseanna le haghaidh foghlaim chruthaitheach, agus creidimid go daingean gur do gach duine an ealaín. Féachtar chuige le Clár Scoileanna SMBC Aviation Capital go dtuigtear é sin ón uair a bhíonn leanaí an-óg.”
Conas iarratas a dhéanamh
Chun iarratas a dhéanamh ar shocrúchán ‘An Idirbhliain agus Taithí Oibre don Óige' nó 'Do Ghailearaí ar Scoil agus i do Phobal', tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin agus líon isteach foirm iarratais ar líne.
- An Idirbhliain agus Taithí Oibre don Óige
- Do Ghailearaí ar Scoil agus i do Phobal
Glacfar le hiarratais ón 24 Lúnasa go dtí an 23 Deireadh Fómhair. Cuirfear iarratasóirí ar an eolas faoi thoradh a n-iarratais gar do thús mhí na Samhna.
CRÍOCH
Teagmhálaí na meán:
- Áine Beamish, Ceann Cumarsáide, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, [email protected]
Nótaí don Eagarthóir:
- Tá íomhánna ar fáil ag an nasc: https://we.tl/t-AKdwRfdhOivBTj74
- Féadfar an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, a chur faoi agallamh
Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:
Tagann daoine ina sluaite chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, áit a bhfuil bailiúchán de shaothair ealaíne ón Eoraip agus ó Éirinn a chlúdaíonn tréimhse ó thart ar 1300 go dtí an lá inniu, chomh maith le Leabharlann agus Cartlann fhairsing. Tá saorchead isteach chuig an mbailiúchán agus tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh, tairbhe agus spreagadh as. Tabhair cuairt ar nationalgallery.ie nó lean muid ar na meáin shóisialta:
- Facebook agus Instagram: @nationalgalleryofireland
- LinkedIn: @National Gallery of Ireland
Maidir le SMBC Aviation Capital:
Is é SMBC Aviation Capital an t-ardán maoinithe eitlíochta is mó ar domhan, agus bíonn sé ag freastal ar fhlít ina bhfuil breis agus 1,750 aerárthach a bhíonn in úsáid ag níos mó ná 170 aerlíne ar fud an domhain. Faigheann sé an-tacaíocht óna chuid scairshealbhóirí, Sumitomo Mitsui Financial Group agus Sumitomo Corporation. Tá bonn custaiméirí ard-cháilíochta aige ina bhfuil aerlínte domhanda agus is aerárthaí nuateicneolaíochta iad 80% dá phunann (de réir glanluach leabhair). Tá seasamh láidir caipitil ag SMBC Aviation Capital, agus tá rátáil A- aige ó S&P agus BBB+ ó Fitch, rud a léiríonn neart fadtéarmach a ghnó. Gheofar tuilleadh eolais ag https://www.smbc.aero/