Skip to main content

Press Release - Applications open for AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize

The National Gallery of Ireland is delighted to announce that the AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize 2026 competitions are now open for entries from people of all ages. The AIB Portrait Prize highlights contemporary portraiture, welcoming entries from artists working in all media, both in Ireland and from Irish artists living abroad. The AIB Young Portrait Prize invites submissions from young artists aged 18 and under. The closing date for receipt of entries for both competitions is 10pm on Friday 3 July 2026.

The AIB Portrait Prize aims to spark interest in contemporary portraiture and to highlight the nation’s portrait collection at the National Gallery of Ireland. It plays a vital role in celebrating a wide range of artistic practices and interpretations of portraiture. Hundreds of artworks by artists working across all disciplines are considered by an expert judging panel. The winning artist will be awarded a prize of €15,000 and a commission worth €5,000 to produce a new work for inclusion in the national portrait collection. Two additional prizes of €1,500 are awarded to highly commended works. Judges for the AIB Portrait Prize 2026 are Brian Fay, artist and lecturer at TU Dublin; Christina Kennedy, Senior Curator, Head of Collections at the Irish Museum of Modern Art; and Joseph McBrinn, Art Historian and Lecturer at Belfast School of Art.

The AIB Young Portrait Prize aims to foster and support creativity, originality, and self-expression in children and young people. There are four age categories: aged 6 and under, 7–11, 12–15, and 16–18. Winners in each category, as well as an overall winner, are selected from a shortlist of works. Prizes include a beautiful bespoke art box and a cash prize for the winner. This year’s AIB Young Portrait Prize judges are Amanda Coogan, artist; Carl Hickey, artist; and Donna Rosewood, curator at the National Museum of Ireland.

Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, said, “With the annual AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize, our aim is to showcase the work of Irish artists and encourage an interest in contemporary Irish portraiture. Each year, the shortlisted artists demonstrate the incredible diversity of Irish artistic talent. We are proud to partner with AIB once again this year, and we look forward to seeing who and what inspires artists of all ages to make portraits.”

Colin Hunt, CEO of AIB, said “This is the third year that AIB has held the honour of supporting these competitions, which showcase the talent of contemporary Ireland in all its diversity today. We look forward each year to seeing the quality and creativity of submissions from artists across the country and from Irish artists living abroad, and we continue in that excitement for the 2026 prizes. We encourage all eligible artists to enter!”

The highly commended artists, category winners, and overall winners of the AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize will be announced at a prize-giving ceremony in December 2026, after the exhibitions have opened to the public at the Gallery.

The exhibitions will run in the National Gallery of Ireland’s Portrait Gallery from 14 November 2026 to 14 March 2027. Admission is free, with no booking required.


The Gallery is delighted to partner with Galway Arts Centre and Limerick City Gallery of Art to present the AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize 2026. Following their display at the National Gallery of Ireland, the exhibitions will travel to Galway Arts Centre from 3 April to 27 June 2027, and to Limerick City Gallery of Art from 09 July to 15 August 2027.


Applications are now open and available online via the National Gallery of Ireland website. Find out more at www.nationalgallery.ie.

ENDS

Media contact:

  • Sam Hardiman, Communications Coordinator: Press & Advertising, National Gallery of Ireland, [email protected]

Notes to Editor:

  • Images are available at the link: https://we.tl/t-LsaRxphz9jzHqfqR
  • Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, is available for interview.
  • AIB spokesperson is available for interview.

Exhibition listing:

AIB Portrait Prize and AIB Young Portrait Prize 2026
Portrait Gallery (Room 23), National Gallery of Ireland
14 November 2026 – 14 March 2027
Free admission
Curated by Dr Brendan Rooney, Head Curator, and Sinéad Rice, Head of Education and Public Programming

Gallery opening hours:

Monday: 11am – 5.30pm 
Tuesday – Wednesday: 9.15am – 5.30pm 
Thursday: 9.15am – 8.30pm 
Friday – Saturday: 9.15am –5.30pm 
Sunday: 11am – 5.30pm

About the National Gallery of Ireland:

The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired. Tickets are required for some temporary exhibitions. 
Website: nationalgallery.ie 
Instagram: @nationalgalleryofireland
LinkedIn: @nationalGalleryofIreland 
Facebook: @nationalgalleryofireland
X: @NGIreland

AIB Portrait Prize:

The AIB Portrait Prize, open to artists aged 19 and over, runs for the thirteenth time in 2026 with AIB as its sponsor for the third year. The aim of the AIB Portrait Prize is to showcase and encourage interest in contemporary portraiture, support Irish talent and to raise the profile of the long-standing and constantly evolving national portrait collection at the National Gallery of Ireland.

AIB Young Portrait Prize:

The AIB Young Portrait Prize is an inclusive art competition which aims to foster and support creativity, originality and self-expression in children and young people. Running for its seventh year in 2026, the competition accepts entries from young people up to the age of 18, of all abilities, from across the island of Ireland.

About AIB:

AIB is a financial services group operating predominantly in Ireland and the United Kingdom. We provide a range of services to retail, business and corporate customers, with market-leading positions in key segments. AIB is the principal brand across all geographies. In Ireland, EBS is our challenger brand and Haven is our mortgage broker channel. With c.3.35 million customers, we are committed to backing sustainable communities. Our purpose is to empower people to build a sustainable future and we pledge to continue to do more to support the transition to a low-carbon economy.


 

Féadfar cur isteach anois ar Dhuais Phortráide AIB agus Duais Phortráide AIB don Aos Óg 2026 ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Tá áthas ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a fhógairt go bhfuil comórtais Dhuais Phortráide AIB agus Dhuais Phortráide AIB don Aos Óg 2026 oscailte anois d’iontrálacha ó dhaoine idir óg agus sean. Tá Duais Phortráide AIB dírithe ar phortráidí comhaimseartha agus cuirtear fáilte roimh iontrálacha ó ealaíontóirí atá ag obair i ngach meán, idir ealaíontóirí atá in Éirinn agus ealaíontóirí Éireannacha atá ina gcónaí thar lear. Is féidir le healaíontóirí óga atá 18 mbliana d’aois nó faoina bhun cur isteach ar Dhuais Phortráide AIB don Aos Óg. Féadfar cur isteach ar an dá chomórtas go dtí 10pm Dé hAoine an 3 Iúil 2026.

Bunaíodh Duais Phortráide AIB chun spéis a mhúscailt sa phortráidíocht chomhaimseartha agus aird a dhíriú ar bhailiúchán portráidí na tíre i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Baineann tábhacht mhór leis an gcomórtas ó thaobh ceiliúradh a dhéanamh ar na cleachtais ealaíne iomadúla atá ann agus ar na tuiscintí éagsúla ar céard is portráid ann. Cuirtear na céadta saothar ealaíne le healaíontóirí ó dhisciplíní éagsúla faoi bhráid painéal moltóirí saineolacha. Bronnfar duaischiste €15,000 ar an mbuaiteoir, chomh maith le coimisiún ar fiú €5,000 é chun saothar nua a chur leis an mbailiúchán náisiúnta portráidí. Bronnfar dhá dhuais eile ar fiú €1,500 iad ar shaothair a dtabharfar ardmholadh dóibh. Is iad na moltóirí i gcomhair Dhuais Phortráide AIB 2026 ná Brian Fay, ealaíontóir agus léachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath; Christina Kennedy, Coimeádaí Sinsearach, Ceann na mBailiúchán in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann; agus Joseph McBrinn, Staraí Ealaíne agus Léachtóir i Scoil Ealaíne Bhéal Feirste.

Bunaíodh Duais Phortráide AIB don Aos Óg chun leanaí agus daoine óga a spreagadh chun cruthaitheachta, chun úrnuachta agus chun iad féin a chur in iúl. Ceithre chatagóir aoise atá i gceist: 6 bliana d’aois agus faoina bhun, 7–11, 12–15, agus 16–18. As gearrliosta saothar a roghnaítear na buaiteoirí i ngach catagóir, chomh maith leis an mbuaiteoir foriomlán. I measc na nduaiseanna tá bosca álainn saindeartha ina bhfuil ábhair ealaíne agus duais airgid don bhuaiteoir. Is iad na moltóirí i gcomhair Dhuais Phortráide AIB don Aos Óg i mbliana ná Amanda Coogan, ealaíontóir; Carl Hickey, ealaíontóir; agus Donna Rosewood, coimeádaí in Ard-Mhúsaem na hÉireann.

Arsa an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, “Le Duais Phortráide AIB agus Duais Phortráide AIB don Aos Óg, féachaimid le saothair le healaíontóirí Éireannacha a chur ar taispeáint agus spéis a spreagadh sa phortráidíocht chomhaimseartha in Éirinn. Bliain i ndiaidh bliana, bíonn bua na healaíne á léiriú ar an iomaí bealach i measc na n-ealaíontóirí atá ar an ngearrliosta. Is cúis bhróid againn é dul i bpáirt le AIB arís i mbliana agus táimid ag tnúth lena fháil amach céard é a spreag ealaíontóirí i ngach aoisghrúpa chun tabhairt faoina gcuid portráidí.”

Arsa Colin Hunt, Príomhfheidhmeannach AIB, “Is é seo an tríú huair againn é ag tacú leis na comórtais seo a léiríonn cumas na n-ealaíontóirí Éireannacha agus éagsúlacht a gcuid saothar. Is mór an onóir againn é sin. Bímid ag tnúth gach bliain le suntas a thabhairt do chaighdeán agus cruthaitheacht na bportráidí a thagann isteach ó ealaíontóirí ar fud na tíre agus ó ealaíontóirí Éireannacha atá ina gcónaí thar lear, agus táimid ar bís go bhfeicfimid cé a bhuafaidh duaiseanna na bliana 2026. Molaimid do gach ealaíontóir incháilithe portráid a chur isteach!”

Fógrófar na healaíontóirí a gheobhaidh ardmholadh, buaiteoirí na gcatagóirí, agus buaiteoirí foriomlána Dhuais Phortráide AIB agus Dhuais Phortráide AIB don Aos Óg ag searmanas na nduaiseanna i mí na Nollag 2026, tráth a bheidh na portráidí ar taispeáint don phobal sa Ghailearaí.

Beidh na taispeántais ar siúl i nGailearaí na bPortráidí i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ón 14 Samhain 2026 go dtí an 14 Márta 2027. Beidh saorchead isteach agus ní bheidh aon ghá le háirithint.
Tá áthas ar an nGailearaí dul i bpáirt le hIonad Ealaíon na Gaillimhe agus le Gailearaí Ealaíne Chathair Luimnigh chun Duais Phortráide AIB agus Duais Phortráide AIB don Aos Óg 2026 a chur i láthair. Nuair a bheidh na taispeántais i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann thart, cuirfear ar an mbóthar iad chuig Ionad Ealaíon na Gaillimhe ón 3 Aibreán go dtí an 27 Meitheamh 2027, agus go Gailearaí Ealaíne Chathair Luimnigh ón 9 Iúil go dtí an 15 Lúnasa 2027.
Féadfar cur isteach ar na comórtais ar líne anois ar shuíomh gréasáin Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Tuilleadh eolais: www.nationalgallery.ie.

CRÍOCH

Teagmhálaí na Meán:

  • Sam Hardiman, Comhordaitheoir Cumarsáide: Preas ⁊ Fógraíocht, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, [email protected]

Nótaí don Eagarthóir:

  • Gheofar íomhánna ag an nasc seo: https://we.tl/t-LsaRxphz9jzHqfqR
  • Féadfar an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, a chur faoi agallamh.
  • Tá urlabhraí ó AIB ar fáil le haghaidh agallaimh.

Sonraí an taispeántais:

Duais Phortráide AIB agus Duais Phortráide AIB don Aos Óg 2026
Gailearaí na bPortráidí (Seomra 23), Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
14 Samhain 2026 – 14 Márta 2027
Saorchead isteach
Coimeádaí: an Dr Brendan Rooney, Príomhchoimeádaí agus Sinéad Rice, Ceann Oideachais agus Cláreagraithe don Phobal

Uaireanta oscailte an Ghailearaí:

Dé Luain: 11am – 5.30pm 
Dé Máirt – Dé Céadaoin: 9.15am – 5.30pm 
Déardaoin: 9.15am – 8.30pm 
Dé hAoine – Dé Sathairn: 9.15am –5.30pm 
Dé Domhnaigh: 11am – 5.30pm

Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Tagann daoine ina sluaite chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, áit a bhfuil bailiúchán de shaothair ealaíne ón Eoraip agus ó Éirinn a chlúdaíonn tréimhse ó thart ar 1300 go dtí an lá inniu, chomh maith le Leabharlann agus Cartlann fhairsing. Tá saorchead isteach chuig an mbailiúchán agus tá súil againn go mbainfidh gach duine taitneamh, tairbhe agus spreagadh as. Bíonn ticéid ag teastáil i gcomhair roinnt taispeántais shealadacha. 
Suíomh Gréasáin: nationalgallery.ie
Instagram: @nationalgalleryofireland
LinkedIn: @nationalGalleryofIreland 
Facebook: @nationalgalleryofireland
X: @NGIreland

Duais Phortráide AIB:

Reáchtálfar Duais Phortráide AIB, atá oscailte d’ealaíontóirí atá 19 mbliana d’aois agus os a chionn, den tríú huair déag in 2026 agus is é AIB a bheidh ag déanamh urraíochta air den tríú huair. Is é atá i gceist le Duais Phortráide AIB an phortráidíocht chomhaimseartha a chur i láthair agus spéis inti a spreagadh, tacú le healaíontóirí tréitheacha na hÉireann agus cur leis an iomrá atá ar an mBailiúchán Náisiúnta Portráidí, bailiúchán atá i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann le fada an lá agus a mbítear ag cur leis go minic.

Duais Phortráide AIB don Aos Óg:

Is comórtas ealaíne ionchuimsitheach é Duais Phortráide AIB don Aos Óg, atá dírithe ar leanaí agus daoine óga a spreagadh chun cruthaitheachta, chun úrnuachta agus chun iad féin a chur in iúl. Beidh sé ar siúl den seachtú huair in 2026 agus glacfar le hiontrálacha ó dhaoine óga suas le 18 mbliana d’aois, gan beann ar chumas, ó gach cearn d’oileán na hÉireann.

Maidir le AIB:

Is grúpa seirbhísí airgeadais é AIB a bhíonn ag feidhmiú in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe den chuid is mó. Cuirimid réimse seirbhísí ar fáil do chustaiméirí miondíola, lucht gnó agus custaiméirí corparáideacha, agus táimid amach chun tosaigh sa mhargadh i roinnt réimsí tábhachtacha. Is é AIB an príomhbhranda ar fud na limistéar go léir. In Éirinn, is é EBS ár mbranda dúshláin agus is trí Haven a dhéanaimid bróicéireacht morgáistí. Thart ar 3.35 milliún custaiméir atá againn agus táimid meáite ar thacú le pobail inbhuanaithe. Tá sé ina chuspóir againn a chur ar a gcumas do dhaoine saol inbhuanaithe a chothú don am atá le teacht agus geallaimid leanúint ar aghaidh ag cur lenár n-iarrachtaí tacú leis an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin.