Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive at the National Gallery of Ireland

A blue rectangle with a drawing of a cat on the right-hand side

This summer, the National Gallery of Ireland invites visitors to discover Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive, a free exhibition that is now open. Curated from the collections of the Centre for the Study of Irish Art, this bilingual exhibition celebrates the rich—and often surprising—ways in which Irish artists have engaged with the animal world, depicting creatures as sources of joy, humour, companionship, inspiration and wonder.

The exhibition lets visitors explore rarely seen works from the Gallery’s library and archives. Beloved pets, tiny creatures, and wild beasts emerge from the pages of sketchbooks and illustrated letters—or are captured forever in watercolours and maquettes. With a particular focus on recent acquisitions, Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive features the work of Nancy Wynne-Jones (1922–2006), Conor Fallon (1939–2007), Bea Orpen (1913–1980), Daniel O’Neill (1920–1974), Anne Yeats (1919–2001), Oisín Kelly (1915–1981), Elizabeth C. Yeats (1868–1940), Basil Rákóczi (1908–1979), Jack B. Yeats (1871–1957), Walter Osborne (1859–1903) and William Orpen (1878–1931).

The exhibition draws on the lyrical richness of the Irish language to deepen our connection to the natural world. Poetic seanfhocail and familiar and forgotten Irish words reveal a playful and  empathetic relationship with living creatures—one that reflects the curiosity and delight in depicting the animal world that we repeatedly encounter in artist archives. Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive unleashes a menagerie of hidden animals—from both the Irish art archives and from the depths of the Irish dictionary—and reminds us to cherish the lively and descriptive lyricism of our language. There we may rediscover past ways of understanding and co-existing with our fellow creatures.  

Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland, said: “Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive reveals the enduring power of animals to inspire Irish artists across generations. This exhibition celebrates the beauty of everyday encounters with the natural world, and the rich artistic and linguistic heritage that helps us see these creatures not only with affection but with wonder. It is a wonderful opportunity for visitors to explore new acquisitions, shown alongside rarely seen works from the national collection.”  

Marie Lynch, Curator of the Centre for the Study of Irish Art at the National Gallery of Ireland, said: “Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive draws on the remarkable collections of the Centre for the Study of Irish Art to uncover playful, poignant, and sometimes unexpected depictions of animals. By pairing these visual treasures with evocative Irish seanfhocail, the exhibition offers a fresh lens through which to explore our shared cultural and linguistic heritage—one that reflects a deep affection for and fascination with the animal world.”

Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive is now open at National Gallery of Ireland in Room 11 and runs until 2026. The Gallery would like to thank the Department of Culture, Communications and Sport for its ongoing support. Find out more about the Gallery at www.nationalgallery.ie.

ENDS

Media contacts:

Contact [email protected] for more information.

Notes to Editor:

Dr Caroline Campbell, Director of the National Gallery of Ireland is available for interview
Exhibition curator Marie Lynch is available for interview in both English and Irish

Exhibition listing:

Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive
Room 11, National Gallery of Ireland
Free admission 
Curator: Marie Lynch, Curator of the Centre for the Study of Irish Art

2025 Exhibition Listing 

Ludovico Mazzolino: The Crossing of the Red Sea
15 February – 06 July 2025
Sir Hugh Lane Room

Mainie Jellett and Evie Hone - The Art of Friendship
10 April – 10 August 2025
Lower Beit Wing, Rooms 6-10

An Artist’s Presence
17 May – 15 September 2025
The Print Gallery

Maurice Marinot – On Paper, In Glass 
02 August 2025 – 25 January 2026
Sir Hugh Lane Room

Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive 
Open 26 June 2025
Room 11

Picasso: From the Studio
11 October 2025 – 22 February 2026
Lower Beit Wing, Rooms 6-10
Organised by The National Gallery of Ireland in collaboration with the Musée national Picasso-Paris. 
Proudly supported by KPMG Ireland, Exhibition Partner

AIB Portrait Prize 2025 and AIB Young Portrait Prize 2025
07 November 2025 – 15 March 2026
The Portrait Gallery

About the National Gallery of Ireland:

The National Gallery of Ireland is one of the country’s most popular visitor attractions housing the nation’s collection of European and Irish art from about 1300 to the present day, and an extensive Library & Archive. Entry to the collection is free for all to enjoy, learn and be inspired.
www.nationalgallery.ie   
LinkedIn: www.linkedin.com/company/national-gallery-of-ireland
Twitter: @NGIreland
Instagram: @nationalgalleryofireland
Facebook: @nationalgalleryofireland

About the Centre for the Study of Irish Art:

The Centre for the Study of Irish Art houses the Gallery's Irish art library and archives, one of the most important and valuable research collections of its kind. Comprising a variety of primary and secondary material relating to individual artists, artist collectives and arts organisations, the collection records the development of Irish art and its history. The Centre for Study of Irish Art promotes and celebrates Ireland’s visual cultural heritage with an active engagement and exhibition programme.  

 

Sa taispeántas nua seo, féachtar ar an dúspéis mharthanach a chuireann ealaíontóirí Éireannacha in ainmhithe mar a léirítear le seoda ó chartlann an Ghailearaí nach mbíonn ar taispeáint ach go hannamh.
 

An samhradh seo, tugann Gailearaí Náisiúnta na hÉireann cuireadh do chuairteoirí eolas a chur ar Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive, taispeántas saor in aisce atá ar oscailt anois. Curtha le chéile ó bhailiúcháin an Ionaid um Staidéar ar Ealaín na hÉireann, déantar ceiliúradh sa taispeántas dátheangach seo ar na bealaí saibhre – nach mbíonn súil leo go minic – ina mbíonn ainmhithe á gcur i láthair ag ealaíontóirí Éireannacha, agus léiríonn siad an t aoibhneas, an greann, an comhluadar, an inspioráid agus an t iontas arís agus arís eile ina saothar.

Cuireann an taispeántas seo ar chumas na gcuairteoirí féachaint ar shaothair ó leabharlann agus ó chartlann an Ghailearaí nach mbíonn le feiceáil ach go hannamh. Tá créatúir bhídeacha, beithígh allta agus na peataí is ansa linn le fáil i leabhair sceitseála agus i litreacha maisithe — nó bíonn siad i lár an aonaigh i bpictiúir uiscedhatha agus in maquettes. Cuirtear béim ar leith in Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive ar na saothair is deireanaí a fuarthas. Ina measc siúd, tá saothair le Nancy Wynne-Jones (1922-2006), Conor Fallon (1939-2007), Bea Orpen (1913-1980), Daniel O’Neill (1920-1974), Anne Yeats (1919-2001), Oisín Kelly (1915-1981), Elizabeth C. Yeats (1868-1940), Basil Rákóczi (1908-1979), Jack B. Yeats (1871-1957), Walter Osborne (1859-1903) agus William Orpen (1878-1931).

Baineann an taispeántas leas as saibhreas fileata na Gaeilge chun léargas níos doimhne a thabhairt ar an nasc atá againn le hainmhithe. Nochtann seanfhocail fhileata, focail choitianta agus focail atá ligthe i ndearmad caidreamh spraíúil báúil le neacha beo – agus is léiriú é ar an bhfiosracht agus an gliondar a bhaineann le cur síos a dhéanamh ar na hainmhithe a bhíonn le feiceáil arís agus arís eile i gcartlanna ealaíontóirí. Scaoiltear saor paca ainmhithe faoi cheilt le Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive – ó chartlanna ealaíne Éireannaí an Ghailearaí agus ón bhfoclóir Gaeilge araon – agus cuirtear i gcuimhne dúinn ár dteanga cheolmhar, bhríomhar agus thuairisciúil a chaomhnú. Seans go bhfuil deis ann teacht ar bhealaí nua le maireachtáil taobh le taobh lenár gcomhchréatúir.  

Dúirt an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Léiríonn Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive an chumhacht sheasmhach atá ag ainmhithe ealaíontóirí Éireannacha a spreagadh leis na glúnta. Déanann an taispeántas seo ceiliúradh ar áilleacht na gnáth-theagmhála a bhíonn againn le hainmhithe, agus ar áilleacht na hoidhreachta saibhre ó thaobh ealaíne agus teanga de a chabhraíonn linn féachaint ar na créatúir sin le gean agus le hiontas araon. Is iontach an deis atá ann do chuairteoirí féachaint ar shaothair atá faighte le déanaí, agus iad curtha ar taispeáint taobh le saothair ón mbailiúchán náisiúnta nach bhfeictear ach go hannamh.”  

Dúirt Marie Lynch, Coimeádaí an Ionaid um Staidéar ar Ealaín na hÉireann ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann: “Baineann Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive leas as bailiúcháin iontacha an Ionaid um Staidéir ar Ealaín na hÉireann chun léirithe spraíúla agus tochtmhara d’ainmhithe a chur i láthair, ar léirithe gan choinne iad uaireanta. Ach na seoda amhairc sin a chur le chéile le seanfhocail allabhracha Ghaeilge, tugann an taispeántas seo bealach nua dúinn chun féachaint ar ár n oidhreacht chomhroinnte ó thaobh cultúir agus teanga de – oidhreacht ina léirítear gean mór ar ainmhithe agus dúspéis iontu.”

Tá Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive ar oscailt anois i Seomra 11 de Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus beidh an taispeántas ar siúl go 2026. Ba mhaith leis an nGailearaí buíochas a ghabháil leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt as a tacaíocht leanúnach. Tá tuilleadh eolais ar an nGailearaí le fáil ar www.nationalgallery.ie.

CRÍOCH

Teagmhálaí do na meáin:

Sam Hardiman, Comhordaitheoir Cumarsáide, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, [email protected].

Nótaí d’eagarthóirí:

Tá an Dr Caroline Campbell, Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, ar fáil chun agallamh a dhéanamh
Tá Marie Lynch, coimeádaí an taispeántais, ar fáil chun agallamh a dhéanamh i nGaeilge nó i mBéarla

Sonraí an taispeántais:

Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive
Seomra 11, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Saorchead isteach 
Coimeádaí: Marie Lynch, Coimeádaí an Ionaid um Staidéar ar Ealaín na hÉireann

Liostú Taispeántais 2025

Ludovico Mazzolino: Trasnú na Mara Rua
15 Feabhra – 06 Iúil 2025
Seomra Sir Hugh Lane

Mainie Jellett agus Evie Hone - The Art of Friendship (Ealaín an Chairdis)
10 Aibreán – 10 Lúnasa 2025
Sciathán Beit Íochtarach, Seomraí 6-10

An Artist’s Presence (Láithreacht Ealaíontóra)
17 Bealtaine – 15 Meán Fómhair 2025
Gailearaí na bPriontaí

Maurice Marinot – On Paper, In Glass (Ar Pháipéar, I nGloine)
02 Lúnasa 2025 – 25 Eanáir 2026
Seomra Sir Hugh Lane

Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive 
Ag Oscailt Samhradh 2025
Seomra 11

Picasso: From the Studio (Ón Stiúideo)
11 Deireadh Fómhair 2025 – 22 Feabhra 2026
Sciathán Beit Íochtarach, Seomraí 6-10
Arna eagrú ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i gcomhar leis an Musée national Picasso-Paris. 
Le tacaíocht bródúil ó KPMG Ireland, Comhpháirtí Taispeántais

Duais Portráide AIB 2025 agus Duais Portráidí na nÓg de chuid an AIB 2025
7 Samhain 2025 – 15 Márta 2026
Gailearaí na bPortráidí

Maidir le Gailearaí Náisiúnta na hÉireann:

Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar cheann de na háiteanna is mó cuairt sa tír, agus is ann atá bailiúchán an náisiúin den ealaín Eorpach agus den ealaín Éireannach ó thart ar 1300 go dtí an lá atá inniu ann, mar aon le leabharlann agus cartlann chuimsitheach. Tá saorchead isteach chuig an mbailiúchán le gur féidir le gach aon duine taitneamh a bhaint as, foghlaim ó na saothair ann, agus inspioráid a fháil uathu sin.
www.nationalgallery.ie   
LinkedIn: www.linkedin.com/company/national-gallery-of-ireland
Twitter: @NGIreland
Instagram: @nationalgalleryofireland
Facebook: @nationalgalleryofireland

Maidir leis an Ionad um Staidéar ar Ealaín na hÉireann:

Tá leabharlann agus cartlann an Ghailearaí den ealaín Éireannach le fáil san Ionad um Staidéar ar Ealaín na hÉireann, agus tá sé ar cheann de na bailiúcháin taighde is tábhachtaí agus is luachmhaire den sórt sin atá ann. Cuimsítear ann ábhair éagsúla phríomhúla agus thánaisteacha a bhaineann le healaíontóirí aonair, comharghrúpaí ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon, agus déanann an bailiúchán taifead ar fhorbairt na healaíne Éireannaí agus ar a stair. Cuireann an tIonad um Staidéar ar Ealaín na hÉireann oidhreacht chultúrtha amhairc na hÉireann chun cinn agus déanann ceiliúradh uirthi trí chlár gníomhach rannpháirtíochta agus taispeántas.