A drawing of various coloured lizards, scorpions, frogs and snakes
Stephen McKenna, Stamp from 1955, Republic of Silesia, c. 2005, © Estate of Stephen McKenna, Centre for the Study of Irish Art, National Gallery of Ireland

Online talk

Caint Réamhráiteach trí Ghaeilge an Choimeádaí: Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive

12 June 13.00 - 14.00

Location
Ar ZOOM/ Online via ZOOM
Admission

Is deis é Ciorcal Comhrá páirt a ghlacadh i gcomhrá i nGaeilge ar théamaí a bhaineann le bailiúchán an Ghailearaí Náisiúnta nó le taispeántas sealadach.

Faigh tuilleadh eolais faoin taispeántas Créatúir na Cartlainne | Tails from the Archive le Coimeádaí an taispeántais, Marie Lynch.

Is ceiliúradh é an taispeántas seo ar chaidreamh ealaíontóirí Éireannacha le hainmhithe – mar fhoinse áthais, greann, uafáis, inspioráide agus comhluadair. Taispeánann an taispeántas an slua créatúir atá á gcoimeád in Ionad Staidéar Ealaíne na hÉireann. Tagann peataí agus ainmhithe fiáine chun cinn as na cartlanna, i bhfolach idir leathanaigh leabhar sceitseála agus litreacha maisithe, nó léirithe in uiscedhathanna, stensilí agus maquettes.

Le aird ar leith ar shaothair ealaíne a ceannaíodh le déanaí, tá saothar Stephen McKenna, Nancy Wynne-Jones, Conor Fallon, Bea Orpen, Elizabeth C. Yeats, Daniel O’Neill, Anne Yeats, Oisín Kelly, Basil Rákóczi, Jack B. Yeats, Deborah Brown, agus William Orpen le feiceáil sa taispeántas.


Beidh an chaint saor in aisce seo ar siúl ar líne trí Zoom. Beidh sonraí logála isteach san admháil áirithinte ríomhphoist. Déanfar an chaint a thaifeadadh agus a chur ar fáil ar chainéal YouTube na Gailearaí go dtí go mbeidh deireadh leis an taispeántas. Beidh seisiún ceisteanna agus freagraí ar siúl ag deireadh na cainte.

You might also like: