Tionscadal Píolótach Poiblí Grianghrafadóireacht

Tá togra píolótach á reáchtáil ag an nGailearaí Náisiúnta na hÉireann (GNÉ) go dtí an 31 Nollaig 2012 maidir le Grianghrafadóireacht a dhéanfadh daoine den phobal sa Ghailearaí.

- GNÉ grianghrafadóireacht shocair agus físcheamradóireacht d’úsáid phearsanta (úsáid neamhthráchtála) sna gailearaithe poiblí ach amháin i limistéir taispeántais speisialta nó i gcás cosc faoi leith ar a dhéanamh.
- Ceadaítear grianghrafadóireacht maidir le gnéithe ginearálta ailtireachta ar an taobh istigh agus an taobh amuigh den fhoirgneamh.
- Ní cheadaítear splancsholas, tríchosach, aonchosach ná soilse breise físcheamara a úsáid.
- Ní cheadaítear grianghraf a thógáil de shaothair atá faoi chóipcheart nó ar iasacht agus marcáiltear iad sin go soiléir leis an lipéad seo a leanas:-

Photography © Saothar é seo atá faoi chóipcheart/ar iasacht

- Déantar scannánaíocht nó grianghrafadóireacht ó am go chéile sa Ghailearaí. Más mian leat nach mbeifeá le feiceáil, seachnaítear le do thoil na limistéir ina bhfuil criúnna ceamara/grianghrafadóirí le feiceáil ag obair.
- Bheifí buíoch as tuairimí faoin scéim phíolótach seo ar chártaí tuairimí an Ghailearaí Náisiúnta.