Irish Language Scheme 2009-2012

SCÉIM GHAEILGE DO GAILEARAÍ NÁISIÚNTA NA HÉIREANN


Scéim 2009 - 2012

Scéim arna hullmhú faoi Alt 11
d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Roinn 1 - Réamhrá agus Cúlra
Roinn 2 - Treoirlínte / Ullmhú na Scéime.
Roinn 3 - Tosú na scéime.
Roinn 4 - Forbhreathnú ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Roinn 5 - Seirbhísí ar fáil as Gaeilge, go dátheangach agus i mBéarla i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann .
Roinn 6 - Sceideal na Seirbhísí molta le linn na Scéime seo.
Roinn 7 - Monatóireacht agus Athbhreithniú ar an Scéim.
Roinn 8 - Poiblíocht a dhéanamh ar an Scéim.

Roinn 1
Réamhrá agus Cúlra

D'ullmhaigh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann an scéim de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Déanann Alt 11 foráil d'ullmhú scéime reachtúla ag comhlachtaí poiblí ina mionsonraítear na seirbhísí a sholáthraíonn siad

  • Trí Ghaeilge
  • Trí Bhéarla, agus
  • Trí Ghaeilge agus Béarla.

agus na bearta atá le glacadh chun a chinntiú go soláthrófar aon seirbhís nach gcuireann an Gailearaí ar fáil trí Ghaeilge laistigh de spriocdháta comhaontaithe.

Roinn 2
Treoirlínte / Ullmhú na Scéime.

Déanann Roinn 12 den Acht foráil d'ullmhú treoirlínt ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus dá n-eisiúint do chomhlachtaí poiblí chun cúnamh a thabhairt le hullmhú na ndréachtscéimeanna. Tarraingíodh an scéim seo suas agus aird mar is cuí á thabhairt ar na treoirlínte sin.

D'fhoilsigh an Gailearaí fógra faoi alt 13 den Acht, ag tabhairt cuiridh d'aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le hullmhú na dréachtscéime faoi Alt 11. Tá na haighneachtaí go léir a fhaightear ar fáil ar iarratas. Aithníonn an Gailearaí an t-am a chaith gach duine lenar bhain ag obair agus an iarracht a rinne siad le linn an phróisis seo.

Forbraíodh an scéim agus na haighneachtaí a fuarthas le linn an phróisis chomhairliúcháin á nglacadh san áireamh, chomh maith le tuairimí agus moltaí na mball foirne i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann agus an staid reatha maidir le hinfhaighteacht agus acmhainn na seirbhíse Gaeilge.

Roinn 3
Tosú na scéime.

Tá an sceim seo dearbhaithe ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cuirfear tús leis an scéim an 1 Márta 2009 agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta sin nó go dtí go ndearbhóidh an tAire scéim nua de bhun alt 15 den Acht, cibé dáta is luaithe.

Roinn 4
Forbhreathnú ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Bunaíodh an Gailearaí i 1854 faoin National Gallery Act, a rinne foráil don 'establishment of a National Gallery of paintings, Sculpture and the Fine Arts…in Dublin'. Rinneadh an fhoráil sin a leathnú leis an National Cultural Institutions Act 1997 chun 'increase and diffuse, in or outside the State, knowledge of the visual arts by whatever means they [the Board] consider appropriate'.

Is é príomhchuspóir an ghailearaí, a gcorpraítear é ina Ráiteas Misin, ná:

  • an Bailiúchán Náisiúnta a chur ar taispeáint, a chaomhnú, a bhainistiú, a léirmhíniú agus a fhorbairt;
  • cur leis an taitneamh a bhaintear as na hamharcealaíona agus an t-aitheantas a thugtar dóibh;
  • cur le saol cultúir, ealaíonta agus intleachtúil na nglúin atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo.

Comhlíonann an gailearaí a fheidhmeanna sna réimsí éagsúla seo a leanas:

  • Cuirtear an bailiúchán ar taispeáint i dtimpeallacht thaitneamhach agus chuí;
  • Caomhnú an bhailiúcháin, a chuireann roinn thiomanta i gcrích;
  • Seirbhísí coimeádaithe, leabharlainne, chartlainne agus taighde;
  • Beartas Fála.

Is iad seo a leanas príomhsheirbhísí an ghailearaí:

  • Taispeántais bhuan agus shealadacha a eagrú;
  • Iasachtaí a thabhairt d'institiúidí eile in Éirinn agus thar lear;
  • Gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha Oideachais;
  • Gníomhaíochtaí for-rochtana pobail;
  • Gníomhaíochtaí tráchtála, lena n-áirítear, Siopa Leabhar, Bialann, Saoráidí a fháil ar cíos, díolacháin agus fruiliú atáirgthe.

Rialaítear an Gailearaí le Bord Gobharnóirí agus Caomhnóirí, is é sin, seachtar comhaltaí de bhrí oifige agus deichniúr comhaltaí a cheapann an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta. Dílsítear bainistíocht feidhmiúcháin an ghailearaí don Stiúrthóir a bhíonn freagrach as an mBord a cheapadh.

Osclaíodh an gailearaí, atá lonnaithe i gCearnóg Mhuirfean, den chéad uair don phobal i 1864. Síneadh an bunghailearaí (Sciathán Dargan) i 1903, (Sciathán Milltown), i 1968 (An Sciathán Thuaidh, a dtugtar Sciathán Beit anois air) agus i 2002 (Sciathán na Mílaoise). Is í Oifig na nOibreacha Poiblí, i gcuibhreann le lucht bainistíochta an Ghailearaí, atá freagrach go príomha as na foirgnimh.

Chomh maith le mórbhailiúchán ealaíne ó iarthar an domhain a thaispeáint, ina bhfuil príomhshamplaí de shaothar na máistrí is mó a bhfuil cáil orthu agus de na scoileanna tábhachtacha go léir, taispeántar an bailiúchán is tábhachtaí ar domhan d'ealaín na hÉireann sa ghailearaí. Tá go leor dámhachtainí bainte amach ag an ngailearaí agus tá an-chuid moltaí faighte aige ón bpobal i gcoitinne, as a thaispeántais speisialta, cláir oideachais agus fiúntas ailtireachta.


Roinn 5
Seirbhísí atá ar fáil faoi láthair as Gaeilge, go dátheangach agus i mBéarla i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

Is é príomhchuspóir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná infhaighteacht níos fearr agus caighdeán níos airde seirbhísí poiblí as Gaeilge a chur ar fáil.

Faoi láthair, soláthraíonn Gailearaí Náisiúnta na hÉireann líon leathan ach líon teoranta seirbhísí poiblí as Gaeilge agus sa dá theanga. Is é beartas an Ghailearaí, de réir Chairt Chustaiméirí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann a glacadh in 2006, ná iarracht a dhéanamh chun seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge nuair a iarrtar ar sheirbhís dá leithéid sin. Léiríonn seirbhísí faisnéise a sholáthraítear faoi láthair tréith ilnáisiúnta chliaint an Ghailearaí.

Tá measúnú déanta ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ar na seirbhísí éagsúla agus modhanna cumarsáide leis an bpobal maidir leis an nGaeilge agus Béarla. Leagtar iad seo amach thíos:

1.Ábhair Chlóite ar fáil don phobal

Pleananna an Ghailearaí

  • Tá pleananna Urlár an Ghailearaí ar fáil as Gaeilge agus as Béarla.

Nuachtlitir Faisnéise Ráithiúil a ullmhaíonn Gailearaí Náisiúnta na hÉireann.

  • Is gnéithe iad ceannteidil dhátheangacha ranna agus ráiteas bunaidh as Gaeilge de Nuacht Ráithiúil an Ghailearaí.

Bróisiúir Fhaisnéise faoi Thaispeántais Shealadacha

  • Tá ráiteas bunaidh an ghailearaí as Gaeilge mar chuid den téacs.

2. Ábhair Eile Chlóite.

Lipéid do Shaothair Ealaíne sa Bhailiúchán Buan

  • Tá teidil agus foinsí dátheangacha ar na lipéid a ghabhann le breis is 60% den Bhailiúchán buan. Is iad na scoileanna a bhfuil lipéid dhátheangacha acu ná bailiúchán na hÉireann, Ealaín na hÉireann ón 20ú haois, ealaín na hOllainne, ealaín an Bhreatain, bailiúchán Mhúsaem Yeats agus na Dealbhadóireachta.

Stáiseanóireacht inmheánach agus sheachtrach an ghailearaí.

  • Cuirtear foirm dhátheangach theideal an ghailearaí ar Chinn litreach, Duillíní Dea-mhéine, Cártaí Gnó agus foirmeacha inmheánacha Meabhráin.

Tuarascálacha Corparáideacha / Bliantúla.

  • Foilsítear an Tuarascáil Bhliantúil as Gaeilge agus as Béarla le chéile.

3. Tá Seirbhísí eile ar fáil don phobal.

Deasc Faisnéise

  • Tá seirbhísí faisnéise ar fáil as Béarla agus as Gaeilge agus bíonn duine le Gaeilge líofa ar fáil ar bhonn uainchlár ag Deasca Faisnéise.
  • Tá beannachtaí ar eolas ag líon teoranta Oibrithe Deonacha ag na Deasca Faisnéise agus is féidir leo roinnt comhrá a dhéanamh as Gaeilge, nó cuairteoirí a threorú chuig baill foirne chuí an Ghailearaí má iarrtar orthu gnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Córais Fógartha Phoiblí

  • Déantar Fógairt Phoiblí laethúil i bhformáid dhátheangach.

Turais Treoraithe:

  • Cuirimid seirbhís Treoraí Turais ar fáil, a dhéanann duine a bhfuil Ghaeilge líofa acu. Tá an tseirbhís seo ar fáil ar iarratas do thurais a chuirtear in áirithe.
  • Cuireann féilire an Ghailearaí Turas Bliantúil ar fáil as Gaeilge ar laethanta ceiliúrtha náisiúnta cuí. Ina theannta sin, cuirimid turas ar fáil mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

Seirbhísí Taighde

  • Is éard atá i gceist le saoráidí taighde an ghailearaí ná Leabharlann na Mínealaíne, an tIonad um Staidéar ar Ealaín na hÉireann, Cártlann Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann agus Cártlann Yeats. Tá na saoráidí seo ar fad oscailte don phobal. Tá roinnt ábhar as Gaeilge á gcoimeád sna bailiúcháin taighde agus tá sé mar bheartas again an t-ábhar foilsithe agus neamhfhoilsithe as Gaeilge atá ábhartha do na bailiúcháin seo a bhailiú.

Siopa Leabhar:

  • Tá cártaí beannachta séasúracha a bhfuil teachtaireacht as Gaeilge iontu ar díol i Siopa an Ghailearaí, chomh maith le rogha beag leabhar as Gaeilge do leanaí.

Láithreán Gréasáin:

  • Tá cinnteidil leathanaigh ghréasáin as Gaeilge ar an láithreán gréasáin.
  • Tá ráiteas bunaidh Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann mar chuid den láithreán gréasáin chomh maith.

4.Comharthaí

Comharthaí ar an Taobh Amuigh

  • Taispeántar leagan Gaeilge de theideal an ghailearaí go soiléir ag an dá bhealach isteach chuig an nGailearaí.

Comharthaí ar an Taobh Istigh

  • Tá na comharthaí buana go léir dátheangach, agus aithníonn siad na háiteanna éagsúla san fhoirgnimh, na bailiúcháin, na saoráidí agus treoirlínte do chuairteoirí.
  • Tá saoráid i bhfeidhm chun comharthaí sealadacha dátheangacha nó comharthaí as Gaeilge a chur in airde, de réir mar is cuí.

5. Cumarsáid Scríofa (litreacha agus ríomhphost)

Cruinnithe agus Coinní

  • Má iarrtar ar chruinniú nó coinne trí Ghaeilge, déantar gach iarracht chun an cruinniú sin a thionól trí Ghaeilge.

Measúnú ar éileamh
Tugadh faoi mheasúnú idir mhí an Mheithimh agus mí Lúnasa 2006, ar an mbunéileamh atá ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Baineadh úsáid as an measúnú sin mar threoirlíne maidir le tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí. Ní mór a thabhairt faoi deara go nglacann an beartú tosaíochta seirbhísí sin acmhainní agus inniúlachtaí teoranta laistigh de réimse inniúlacht na Gaeilge san áireamh.


Roinn 6

Sceideal na Seirbhísí Molta le linn na scéime seo.
Is é an príomhfhócas a bheidh ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann mar chuid den scéim seo ná cur leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi láthair trí Ghaeilge agus feabhas a chur orthu agus inniúlacht Ghaeilge a fhorbairt i measc na mball foirne d'fhonn éascaíocht a dhéanamh do sheachadadh seirbhíse idirphearsanta as Gaeilge ar leibhéal ginearálta. Is éard is ciall leis sin i gcleachtas, go mbeidh an Gailearaí in ann faisnéis ghinearálta a sholáthar trí Ghaeilge. Ní bheidh sé de chumas ag an nGailearaí seirbhís mhionsonraithe nó gnó sainchláir a chur ar fáil trí Ghaeilge.

Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann tiomanta do spreagadh a thabhairt d'fhorbairt scileanna Gaeilge sa Ghailearaí agus d'fhorbairt fhorásach sheirbhís Ghaeilge ar ardchaighdeán a éascú.

Níl ach bonn sách íseal le húsáid ag an nGailearaí, áfach, mar pointe tosaigh maidir le hinniúlacht chumarsáide labhartha agus scríofa agus maidir le hacmhainn seirbhíse idirphearsanta Gaeilge. Cé gur saincheist chostais agus ama atá i gceist le soláthar na cumarsáide scríofa, baineann roinnt dúshlán le forbairt na hinniúlachta Gaeilge i measc na mball foirne. Glacfaidh sé roinnt mhaith ama agus iarrachta orainn an lárinniúlacht a mhéadú i measc raon disciplíní a bhfuil na baill foirne páirteach iontu. Imreoidh an t-éileamh iarbhír atá ar na seirbhísí tionchar ar an méid ar chóir na seirbhísí idirphearsanta sin a fhorbairt. Cuireann an Gailearaí raon leathan seirbhísí ar fáil faoi láthair i dtéarmaí rochtain a chur ar fáil ar an mbailiúchán buan, taispeántais shealadacha agus saoráidí taighde. Rialaíonn na teorainneacha atá ar acmhainní líon agus caighdéan na seirbhísí sin. Déanfaidh an gailearaí gach iarracht, áfach, raon seirbhísí Gaeilge chomh leathan is féidir a sholáthar laistigh de na teorainneacha sin.


Feabhsúcháin agus seirbhísí nua a mholtar nach bhfuil ar fáil faoi láthair trí Ghaeilge

Seirbhísí Ginearálta

Baill Foirne Fáiltithe

  • Cuirfear oiliúint ar fáil do bhaill foirne Fáiltithe Theileafóin chun cur ar a gcumas ainm an Ghailearaí a thabhairt as Gaeilge agus i mBéarla, chun go mbeidh ar a gcumas bunseirbhís bheannachta trí Ghaeilge a chur ar fáil agus go mbeidh siad in ann ina dhiaidh sin an pobal a threorú go dtí baill foirne chuí an Ghailearaí má theastaíonn ó chuairteoirí gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Cuirfear an méid sin i gcrích faoin 31 Nollaig 2009.
  • Tabharfar liosta de bhaill foirne an Ghailearaí ar féidir leo seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge d'fhoireann an lasc-chláir.

Seirbhísí Faisnéise agus Acmhainní Oideachais

  • Aistreofar an Closturas go Gaeilge agus cuirfear ar fáil do chuairteoirí é faoin 1 Meitheamh 2009.
  • Déanfar athbhreithniú ar chóras Chárta Tráchta agus Aiseolas na gCuairteoirí. Cuirfear cárta tráchta as Gaeilge ar fáil a bheidh ar aon dul leis an leagan Béarla. Beidh sé soiléir don phobal ansin go gcuirfear fáilte roimh freagraí as Gaeilge agus déanfar aon chomhfhreagras a thosófar leis an gcárta sin as Gaeilge. Beidh an cárta ar fáil do chuairteoirí faoin 1 Meitheamh 2009.
  1. Cuirfimid tús, mar chuid den scéim seo, le Bileoga Oibre Oideachais a sholáthar i nGaeilge do mhic léinn nó do chuairteoirí a dtaistíonn uathu foghlaim faoin mbailiúchán trí Ghaeilge, ar an mbealach seo a leanas:
    Cuirfimid bileog oibre amháin ar fáil do leibhéal na bunscoile; chomh maith le
  2. Dhá bhileog oibre a chlúdóidh na bailiúcháin (bailiúchán na hÉireann agus na hEorpa) don aoisghrúpa 10 go 14 bliain d'aois.
    Beidh na bileoga sin ar fáil faoin 1 Meitheamh 2009.
  • Soláthróimid trí bhileog oibre eile san fhormáid dhátheangach, roimh dheireadh na scéime reatha, a chlúdóidh an Bailiúchán Buan agus glacaimid mar chúram orainn féin na bileoga oibre go léir a bhaineann leis an mbailiúchán buan a aistriú go hiomlán mar chuid de scéimeanna ina dhiaidh seo.
  • Cuirfear pearsanra breise ar fáil a mbeidh de chumas acu Gaeilge a labhairt d'fhonn cur le soláthar turas oideachais trí Ghaeilge. Cuirfear an méid sin i gcrích faoin 1 Meitheamh 2009.
  • Soláthrófar seirbhís faisnéise dhátheangach ag Deasca Faisnéise an ghailearaí. Cuirfimid oiliúint leanúnach teanga ar fáil do bhaill foirne agus pearsanra deonach cuí an Ghailearaí. Cuirfear an méid sin i gcrích faoi dheireadh na scéime.

Ábhair Poiblíochta
Táirgfear Ábhair Poiblíochta taispeántais, lena n-áirítear Póstaeir, Bileoga Faisnéise agus Fógráin a chuirtear le chéile maidir leis an mBailiúchán Buan agus Taispeántais Shealadacha sa dá theanga laistigh d'aon chlúdach amháin, ach amháin nuair nach bhfuil sé sin indéanta mar thoradh ar mhéid, leagan amach nó cineál na cáipéise. Cuirfear tús leis sin le héifeacht ón 1 Meitheamh 2009.

Iarratas ar Thairiscint
Beidh iarratais ar thairiscint ar fáil as Béarla amháin, mura mbaineann an tairiscint féin le saincheist Ghaeilge.

Oiliúint agus Forbairt Foirne
Cuirfidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann cúrsaí cuí oiliúna Gaeilge ar fáil don fhoireann go léir agus beidh sé mar aidhm aige freastal agus ábharthacht an chúrsa ó thaobh mhisean an Ghailearaí a mhéadú.

Cuirfidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann feasacht teanga san áireamh mar chuid de na cúrsaí ionduchtúcháin agus oiliúna custaiméirí chun a chinntiú go dtuigeann an fhoireann cén fáth a bhfuil beartas seirbhíse Gaeilge i bhfeidhm, comhthéacs agus cúlra an bheartais agus ar deireadh, chun a chinntiú go gcuirtear an fhoireann ar an eolas go hiomlán maidir le conas a fheidhmeoidh an beartas.

Margaíocht

  • Déanfaidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann dianiarracht chun a chuid gníomhaíochtaí as Gaeilge a chur chun cinn trí chomhlachtaí, cosúil le Foras na Gaeilge, le héifeacht láithreach.
  • Léireoidh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ábhar dátheangach ar a ábhar poiblíochta/scáileáin phlasma.

Bailiúchán Buan

  • Cuirfear Painéil réamheolais leis an mBailiúchán Buan in airde sa dá theanga nuair nach gcuireann teorainneacha agus acmhainn spás bac air sin.
  • Beidh lipéid faisnéise ar phéintéireachtaí sa Bhailiúchán Buan as Gaeilge agus i mBéarla nuair nach gcuireann teorainneacha agus acmhainn spás bac air sin. Cuirfear an méid sin i gcrích faoi dheireadh na scéime reatha.

Preaseisiúintí:
Táirgfear Preaseisiúintí Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann go dátheangach nuair a bhaineann siad le fógairt mhórthaispeántas, saothar ealaíne tábhachtacha a fhaightear, nó nuacht tábhachtach maidir leis an mbailiúchán nó na foirgnimh. Cuirfear an méid seo i gcrích faoin 1 Meitheamh 2009.

Foilseacháin Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann

  • Táirgfidh an Gailearaí cáipéisí dátheangacha a thagann faoi Alt 10 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, is iad sin, Tuarascálacha Bliantúla, Cuntais Iniúchta agus Ráiteas Straitéise.
  • Ina theannta sin, táirgfidh an gailearaí an Chairt Chustaiméirí agus an lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise san fhormáid dhátheangach.
  • Déanfaidh an gailearaí foilseacháin a bhaineann le healaín agus foilseacháin eile nach luaitear thuas agus nach dtagraítear dóibh in aon chatagóir eile a bhreithniú le foilsiú go dátheangach ar bhonn cás de réir cáis, agus aird mar is cuí á tabhairt ar shaincheisteanna costais agus leasa phoiblí.
  • Má mheastar go mbaineann costas iomarcach le foilsiú dátheangach in aon chás aonair mar thoradh ar mhéid an fhoilseacháin, nó má mheastar nach foilseachán inmharthana é ó thaobh tráchtála nó eacnamaíochta de, d'fhéadfadh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann a roghnú achoimre fheidhmiúcháin / réamhrá / achoimre a fhoilsiú i bhformáid dhátheangach. Cuirfear an méid sin i gcrích faoi dheireadh na scéime reatha.

Córais Ríomhaireachta

Beidh na córais nua ríomhaireachta a shuiteálfar in ann an Ghaeilge a láimhseáil. Cinnteofar go mbeidh córais reatha comhoiriúnach, nuair is gá, i gcomhar leis an gcéad obair oiriúnach cothabhála nó uasghrádaithe eile atá beartaithe. Ní áirítear córais reatha bainistíochta speisialtóireachta agus bailiúchán orthu sin, nuair a bhíonn sé dodhéanta go teicniúil na córais a uasghrádú sna blianta beaga amach anseo. I bhfianaise na mór-shaincheisteanna teicniúla agus acmhainní lena mbaineann, tabharfaidh an Gailearaí aghaidh ar an ábhar thar an fhadtréimhse.

Beidh córais um litriú agus comhréir na Gaeilge a sheiceáil ar fáil faoin 1 Meitheamh 2009.

Láithreán Gréasáin:
Tá Gailearaí Náisiúnta na hÉireann i lár phróisis chun láithreán gréasáin nua a chur in ionad a láithreáin ghréasáin reatha. Cuirfear an t-ábhar statach go léir i láthair i bhformáid dhátheangach ar an láithreán gréasáin nua faoi dheireadh na scéime. Ní áireofar ar an ábhar statach faisnéis a fhaightear trí rochtain a fháil ar chóras reatha bainistíochta speisialtóireachta agus bailiúchán, tríd an láithreán gréasáin.

  • Níl seirbhísí idirghníomhacha mar chuid de láithreán gréasáin reatha an Ghailearaí. Beidh seirbhísí idirghníomhacha a ligeann don phobal i gcoitinne fiosrúcháin a dhéanamh ar líne ar fáil ar an láithreán gréasáin nua i bhformáid dhátheangach faoi dheireadh na scéime.
  • Cuirfear ainmneacha an Phearsanra a sholáthraíonn seirbhís dhátheangach le láithreán gréasáin an ghailearaí. Cuirfear an méid sin i gcrích faoin 1 Eanair 2010.

Ríomhphost:

  • Cuirfear fonóta ríomhphoist sheachtraigh an ghailearaí ar fáil i bhformáid dhátheangach faoin 1 Meitheamh 2009.
  • Glacfaidh an fhoireann formáid dhátheangach maidir le sínithe ríomhphoist ar bhonn céimnithe i rith thréimhse na scéime.

Litreacha agus Cumarsáid Scríofa eile
Is as Gaeilge a scríobhfar an comhfhreagras go léir a bhaineann le gníomhaíochtaí scríofa a thionscnaítear trí Ghaeilge.

Roinn 7

Monatóireacht agus Athbhreithniú ar an Scéim.

Déanfar dul chun cinn réimsí éagsúla na scéime a thomhas trí:

  • Monatóireacht a dhéanamh ar fhreagairt an phobail trí bhealaí reatha aiseolais an ghailearaí: cártaí tráchta, freagairt scríofa agus labhartha agus suirbhéanna tréimhsiúla. Aithneofar moltaí agus déanfar iad a mheas de réir mar is cuí;
  • Monatóireacht a dhéanamh ar dhearcaí foirne maidir leis an scéim agus leibhéal inniúlachta agus comhlíonta na foirne sna réimsí faoi seach.
  • Chomh maith leis sin, déanfar measúnú i dTuarascáil Bhliantúil an ghailearaí ar dhul chun cinn i dtreo fhorfheidhmiú na scéime.

Athbhreithniú ar an Scéim
Tabharfar faoi Athbhreithniú ar an scéim de réir gá, ar iarratas i scríbhinn a fháil ón Aire. Déanfar an t-athbhreithniú faoi choimirce roinn Seirbhísí Cuairteoirí an Ghailearaí. Is próiseas leanúnach a bheidh i gceist leis an bpróiseas athbhreithnithe sin, ina mbainfear úsáid as na meicníochtaí a luadh thuas agus ina ndéanfar monatóireacht orthu. Beidh an fhaisnéis agus na moltaí a fhaightear ón bpróiseas mar bhonn eolais d'ábhar aon scéime nua.

Roinn 8

Poiblíocht a dhéanamh ar an Scéim
Déanfar poiblíocht ar an scéim seo trí:

  • Preaseisiúint;
  • Fógra ar láithreán gréasáin an ghailearaí; agus
  • Cúrsaíocht ar chomhlachtaí Gaeilge agus gníomhaireachtaí eile leasmhara.

Cuireadh cóip den scéim seo ar aghaidh chomh maith chuig Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla.


 

E-mail the Gallery
Press Information Main Menu The CollectionGeneral InformationEducationGallery NewsFriends of the GalleryExhibitonsCalendar of EventsGallery Library Rights and Reproductions