Thomas Roberts


PREAS RÁITEAS: Márta 2009

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
28 Márta - 28 Meitheamh 2009
Saor chead isteach
.


Osclófar taispeántas iardhearcach tábhachtach de chuid an ealaíontóra Thomas Roberts (1748-1777) a rugadh i bPort Láirge, i Sciathán Beit de Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann ar 28 Márta agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 28 Meitheamh 2009. Tá saor chead isteach.

Is é an taispeántas seo, ina bhfuil thart ar 50 pictiúr de chuid Roberts, an chéad seó suntasach a bhaineann leis an ealaíontóir agus an bailiúchán is mó riamh dá shaothar. Comhtharlaíonn sé le foilsiú an staidéir is cuimsithí ar an ealaíontóir le níos mó ná 30 bliain anuas, 'Thomas Roberts: Landscape and Patronage in Eighteenth-Century Ireland', a scríobh William Laffan agus Brendan Rooney, atá tar éis taispeántas an Ghailearaí Náisiúnta a eagrú freisin.

Ní raibh aon chur i láthair domhain de shaothar Roberts ann ó thaispeántas an Ghailearaí Náisiúnta i 1978 nuair nach raibh ach 16 píosa de chuid an ealaíontóra ar taispeáint. Ó shin i leith, táthar tar éis teacht ar phictiúir tábhachtacha de chuid Roberts agus anois tá an deis ann súil thaitneamhach a chaitheamh orthu agus leas iomlán a bhaint as a mbreáthacht.
As an 64 píosa ó lámh an údair tiomsaithe don leabhar, beidh 47 díobh san áireamh sa taispeántas, iad go léir tagtha as gairm bheatha nár lean ar aghaidh ach ar feadh deich mbliana. Fuair Roberts bás i Liospóin, ag an aois thragóideach óg de 28, sa bhliain 1777, ní i 1778 mar a ceapadh roimhe seo.

Díreoidh an taispeántas ar chodanna príomha d'oeuvre an ealaíontóra: radhairc thopagrafaíochta de shuímh phictiúrtha i mBaile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus sa Mhí, mar aon le radhairc iontacha d'Iar-Thuaisceart na hÉireann, lena n-áirítear ábhair péinteáilte istigh i agus mórthimpeall ar Loch Éirne, Béal Tairbirt, Béal Leice agus Béal Átha Seanaidh. Beidh samplaí ann chomh maith dá radhairc stoirme agus dá thírdhreacha idéalacha agus na radhairc diméine iontacha de Gharrán an Dásanaigh, Co. Mhuineacháin, Baile Shláine, Co. na Mí, agus an Casino at Marino. Rud uathúil a bheidh sa taispeántas ná an tsraith radharc Roberts i leith roinnt de na diméinte is fearr in Éirinn ar nós sraith Leamhcáin, agus sraith iomlán na radharc ag Carton, Co. Chill Dara. Áirítear freisin portráid annamh den ealaíontóir le Hugh Douglas Hamilton (gnóthaithe ag Gailearaí Náisiúnta na hÉireann le déanaí), mar aon le pictiúir de chuid múinteoirí Roberts; George Mullins agus John Butts, agus a lucht comhaimseartha George Barret, Robert Carver agus William Ashford.
Rugadh Thomas Roberts i bPort Láirge, i 1748, mac an ailtire, 'Honest John' Roberts (1714-1796), atá comhchiallach leis an dá Ardeaglais i bPort Láirge.

I 1762, chláraigh Roberts i Scoileanna Líníochta Chumainn Bhaile Átha Cliath áit a fuair sé oiliúint faoi George Mullins (fl.1756-1775/6), péintéir tírdhreacha uasal ann féin, agus faoin ealaíontóir Corcaíoch, John Butts (c.1728-65).
D'fhorbair Roberts cur chuige sainiúil i leith péintéireacht tírdhreacha. Rinneadh ollghairdeas criticiúil dó i rith a ghairme gearr mar thoradh ar an aird ghéar a dhírigh sé ar mhionsonraí thírdhreach na hÉireann, mar aon leis an gcumas instinneach a bhí aige chun éifeachtaí an nádúir a ghabháil ina chuid oibre.

Dá bharr seo, chuir roinnt de na daoine is mó le rá in Éirinn suim ann agus fuair sé pátrúnacht uathu ina dhiaidh sin, ina measc bhí Sir Ralph Gore, Iarla Rois, agus Viscount Belleisle (Belle Isle ag Loch Éirne); Thomas Dawson, Baron Dartrey (Garrán an Dásanaigh, Co. Mhuineacháin), an Tiarna Charlemont (Marino), muintir Vesey de Dhiméin Leamhcáin agus muintir Mhic Gearailt de Theach agus Diméin Carton. Thug muintir Leeson ó Theach Russborough coimisiúnú do Roberts chomh maith.

Sa taispeántas aeo áirítear a lán saothar nach raibh aithne orthu roimhe seo, ar tiomsaíodh a bhformhór as bailiúcháin phríobháideacha agus ó Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, mar aon le músaeim eile in Éirinn agus thar lear. Cuireann sé béim ar na nithe thar na bearta a bhain an t-ealaíontóir amach le linn a ghairme gearr i gcaitheamh na 1760aidí agus 1770aidí. Tá sí mar aidhm aige seo mar aon leis an staidéar domhain a rinne William Laffan agus Brendan Rooney ar Roberts, aithne níos fairsinge a chur ar a shaothar nár baineadh mórán taitnimh as lasmuigh de réimsí speisialtóra go dtí seo. Ba dhuine dúrúnda é Roberts ina bhfuil a shaol agus a shaothar á gceiliúradh sa taispeántas iardhearcach seo a bhfuiltear ag tnúth go mór leis agus tá sí mar aidhm é a chur isteach in annála phéintéireacht tírdhreacha na hÉireann.



Coimeádaither Taispeántais
William Laffan (Eagarthóir, Irish Architectural and Decorative Studies) & an Dr Brendan Rooney (Riarthóir, Ionad Staidéar Ealaíne na hÉireann de chuid BSL, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann)

Foilsiú
Comhtharlaíonn an taispeántas le foilsiú an leabhair: 'Thomas Roberts: Landscape and Patronage in Eighteenth-Century Ireland' le William Laffan agus Brendan Rooney. Foilsithe ag Churchill House Press do Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Praghas €55.00, clúdach crua [416 leathanach, 338 íomhá] ISBN 978-0-9550246-3-4


 

Nótaí Beathaisnéiseacha


Is é William Laffan eagarthóir Irish Architectural and Decorative Studies. Thug sé faoi Greats in Ollscoil Oxford agus bhain sé amach M. Phil in Institiúid Warburg, Londain. I measc leabhair a foilsíodh le déanaí áirítear na chéad eagráin de The Cries of Dublin (2003) le Hugh Douglas Hamilton agus Miscelanea Structura Curiosa (2005) de chuid Samuel Chearnley; i 2006 rinne sé eagarthóireacht ar Painting Ireland. Tá sé tar éis cur le catalóga taispeántais iomadúla lena n-áirítear A Time and a Place (NGI); Daniel Maclise; [C]artography: Mapmaking as Art Form (iad araon i nGailearaí Crawford, Corcaigh) agus Clerics and Connoisseurs (Teach Kenwood, Londain).

Tá Brendan Rooney mar Riarthóir d'Ionad Staidéar Ealaíne na hÉireann de chuid BSL i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Bhain sé amach a dhochtúracht i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus áirítear lena chuid foilseachán Irish Paintings in the National Gallery of Ireland, Imleabhar I (2001, le Nicola Figgis), agus The Life and Work of Harry Jones Thaddeus (2003). Bhí sé ina eagarthóir freisin ar A Time and a Place: Two Centuries of Irish Social Life (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann 2006). Chuir sé le leabhair agus catalóga taispeántais éagsúla, lena n-áirítear The Cries of Dublin de chuid Hugh Douglas Hamilton (2003), A German Dream (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann 2004), Shades of Light. Evocations of Summer (Músaem Hunt 2005), Whipping the Herring (Gailearaí Crawford 2006), agus Hugh Douglas Hamilton. A Life in Pictures (Gailearaí Náisiúnta na hÉireann 2008), agus tá ailt foilsithe aige i dtréimhseacháin iomadúl ar ealaín na hÉireann.