Taispeántas priontaí le Edvard Munch i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.

PREASRÁITEAS: 10 MEÁN FÓMHAIR 2009 
 

Edvard Munch: Priontaí

Taispeántas ó Mhúsaem Munch, Oslo, arna eagrú ag an Músaem agus Gailearaí Ealaíne Hunterian, Ollscoil Ghlaschú.

Tá tacaíocht ag an taispeántas ó www.Norwegian.com    

Beidh taispeántas de 40 prionta leis an ealaíontóir is airde cáil as an Iorua, Edvard Munch (1863-1944), i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ó 19 Meán Fómhair go 6 Nollaig 2009.

"Mar gheall ar an mbailiúchán cuimsitheach, neamhchoitianta atá ag Músaem Munch, a d'fhág an t-ealaíontóir mar oidhreacht ag cathair Oslo, beidh an taispeántas seo ar an gceann is mó riamh in Éirinn de shaothar grafach Munch," dar le Raymond Keaveney, Stiúrthóir an Ghailearaí Náisiúnta. "Tá lúcháir orainn go mbeimid in ann na samplaí is breátha dá chuid priontaí a thaispeáint, saothar a rinneadh thar thréimhse 50 bliain. Léiríonn siad doimhne a chuid scileanna mar dhéantóir priontaí chomh maith leis an léirmhíniú ar leith agus an anailís ghrinn a dhéanadh sé ar nádúr an duine."

Bhí cur chuige réabhlóideach ag Munch i leith déanamh priontaí mar ealaín agus léirigh sé gnéithe den saol ar bhealach an-neamhghnáthach. Beidh eiseamláracha de seo le feiceáil in íomhánna cumhachtacha a chruthaigh sé trí mheáin éagsúla mar liotagraif, eitseálacha agus leis an teicnic turbheara. Ar na cinn is suntasaí tá An Bás agus an Bhean (1894); An Scread (1895); Madonna (1895); agus Éad I (1896). Beidh portráidí ann freisin, ina measc, Stéphane Mallarmé, file; August Strindberg, drámadóir as an tSualainn; Friedrich Nietzsche, fealsúnaí, agus féinphortráid i bprionta ó 1895 a fhágann an té a bhíonn ag amharc air faoi dhraíocht. Beidh greantaí réabhlóideacha adhmaid Munch sa taispeántas. Rinneadh priontaí daite díobh le teicnic nuálaíoch inar ghearr sé bloic adhmaid ina bpíosaí le saghas meascán mearaí a dhéanamh. I measc na bpriontaí sin beidh Solas Gealaí I (1896); Beirt den Chine Daonna, An Mhuintir Uaigneach (1899); agus Na Cailíní ar an Droichead (1918).

Thosaigh Munch ag déanamh priontaí sa bhliain 1894. Bhain sé leas as na saintréithe a bhaineann leis an gceird áirithe sin le nithe éagsúla a chur in iúl, rud a chuir go mór lena shaothar a chur chun cinn. Tá stíl na nImpriseanaithe le mothú ar a shaothar luath, ach ba é an pictiúr ceannródaíoch a rinne sé i 1896 a tharraing clú air, An Páiste Breoite. Tá sé seo ar an gcéad phictiúr dá chuid ina léirítear fulaingt shíceolaíoch an duine agus rinne sé neart eile den chineál céanna i gcaitheamh na mblianta. Léirítear sa phictiúr eispéiris phianmhara óna óige féin. In ainneoin gur loic a shláinte mheabhrach air i 1908, lean Munch air de bheith ag cur saothair ar fáil do thaispeántais thábhachtacha. Ar an gceann ba shuntasaí acu bhí taispeántas Sonderbund in Cologne i 1912. Fógraíodh an t-am sin gur duine de lucht an Réamh-Eisprisneachais ab ea é (in éineacht le Van Gogh agus Gauguin).


Tá catalóg mhaisithe ag dul leis an taispeántas, 'Edvard Munch: Prints', le Peter Black, an Músaem agus Gailearaí Ealaíne Hunterian, Ollscoil Ghlaschú, agus Magne Bruteig, Músaem Munch, Oslo (€16.95, Siopa an Ghailearaí). Beidh réimse leathan earraí le ceannach freisin le linn an taispeántais, mar chártaí poist, póstaeirí, T-léinte agus málaí cadáis.