Caravaggio


Michelangelo Merisi da Caravaggio (1571-1610)

The Taking of Christ, 1602

Ola ar chanbhás, 133.5 x 169.5 cm
Ar iasacht éiginnte chuig Gailearaí Náisiúnta na hÉireann ó Phobal na nÍosánach, Sráid Líosáin, Baile Átha Cliath, a admhaíonn cineáltas an Dr. Marie Lea-Wilson nach maireann, 1992
L.14702

Le linn na staire, ba bheag ealaíontóir a bhí mar chúis le hathrú chomh radacach sin i mothúcháin pictiúrtha is a bhí Caravaggio. Ón am ar aimsíodh an bua a bhí aige, d’éirigh sé go tapa ina phéinteoir ba cháiliúla a linne san Iodáil, chomh maith le foinse spreagtha do na céadta leantóir ar fud na hEorpa.

Phéinteáil Caravagggio The Taking of Christ don Mharcas Rómhánach Ciriaco Mattei ag deireadh 1602, nuair a bhí sé in ard a réime. Ag briseadh leis an am a bhí thart, thairg an t-ealaíontóir léiriú nua amhairc de na Soiscéil, ag laghdú an spáis timpeall thart ar na figiúir thrí cheathrú agus ag seachaint aon chur síos ar an suíomh. Tá gach béim dírithe ar ghníomh Judas agus ghardaí an teampaill ar Íosa, a bhí briste, agus nár thug aon frithbheartaíocht ar a raibh i ndán dó. Is é Naomh Eoin an Soiscéalaí an deisceabal ar chlé ag rith i mí-ordú. Is í an ghealach amháin a shoilsíonn an radharc: cé go bhfuil laindéar i lámh an fhir ar an taobh thall, is foinse neamhéifeachtach é. I ngnéithe an fhir sin, léirigh Caravaggio é féin, ag tríocha a haon bliain d’aois, mar fhéachadóir éighníomhach ar an gCoiméide Dhiaga

View a selection of Italian Paintings