Grief


Jack B. Yeats (1871-1957)
Grief, 1951

Ola ar chanbhás, 102 x 153
Ceannaithe, 1965
NGI.1769

Is é Grief, a péinteáladh nuair a bhí Yeats ag taiscéaladh mothaithe daonna áirithe ina shaol, ceann de na pictiúir is mó agus is cáiliúla ag an ealaíontóir. Is féidir an pictiúr, a d’fhéadfadh a bheith glactha ó bhunsceitse dar teideal Let there be no more war, a léamh mar ráiteas frithchogaidh, cosúil le Guernica ag Picasso. Sa phictiúr, timpeallaíonn sraitheanna saighdiúr a bhfuil raidhfilí agus beaignití acu marcach ar chapall, a ardaíonn lámh mar a bheadh sé i mbun treasruathair. Sa tulra, tugann bean gléasta i ngorm sólás do leanbh fionn. Ar chlé ón mbeirt sin, síneann seanfhear cromtha a lámha in éadóchas. Chuir Yeats péint ar an gcanbhás go tiubh ach go tearc, agus d’úsáid sé dathanna soiléire le héifeacht iontach mothúcháin. Cé go léiríonn an indeagó gorm brón, tá mothúcháin níos airde le samhlú freisin leis an mbuí agus an dearg atá ann.

View a selection of paintings from the Yeats Collection