Pelham


Henry Pelham (1749-1806)
Portrait of Master Lewis Farley Johnston, 1779

Uiscedhath ar mhion-eabhar, 4.7 x 3.8 cm
Uachtaithe, 2004
NGI.19615

Ba Henry Pelham, a rugadh i mBostún, mac le greanadóir mezzotint, Peter Pelham (1697-1751) agus a thríú bean chéile Mary Singleton Copley. Is a leas-deartháir, John Singleton Copley (1738-1815), an t-ealaíontóir cáiliúil Meiriceánach, a theagasc ealaín na mion-péinteoireachta do Henry. Thart faoi 1778 thug sé cuairt ar a ghaolta máthartha i gContae an Chláir. Le linn dó bheith lonnaithe in Éirinn d’oibrigh sé mar chartagrafaí, agus phéinteáil sé mionphortráidí de dhaoine a raibh baint acu le muintir Uí Bhriain, Barúin Inse Uí Chuinn, Caisleán Dhrom Ólainn. Léiríonn an phortráid seo comhbhráthair Uí Bhriain, Máistir Lewis Farley Johnston, a bhí níos moille ina bhreitheamh ar Oileán na Tríonóide.

View a selection of Prints, Drawings & Watercolours