Heda

Willem Claesz. Heda, 'A Banquet-piece', c1635

Willem Claesz. Heda (1594-1680)

A Banquet-piece, c.1635

Ola ar phainéal adhmaid, 55.3 x 73.8 cm
Uachtaithe, Sir Henry Page Turner Barron, 1901
NGI.514 

Tugtar banketje air (píosa d’fhéasta), tá an taispeántas comhdhéanta de phlátaí péatair – alt liamháis ar cheann acu, scian ar an gceann eile – gloine cuisle façon de Venise, flagún péatair, gloine Berkemeyer, arán, pota mustaird agus spúnóg. Seachas an gloine cuisle costasach, a rinneadh i Vín nó a cóipeáladh san Ísiltír, is gnáthmhíreanna iad a bhí breathnaithe go dlúth agus le hord, agus atá mealltach go dtí an lá inniu.

Tháinig Heda chun cinn mar phéintéir d’ábhair neamhbheo go luath sna 1630í. Ar dtús lean sé peintéir Haarlem níos luaithe lena úsáid de shocruithe simplí table, ach de réir a chéile chuir sé saibhreacht agus castacht bhreise lena shaothair. Is tipiciúil iad an bhéim ar mhíreanna in aice le héadach boird ina chuimil, an scian tarchrochta le doimhneacht a leiriú, agus an imirt le frithchaitheamh, gach ceann acu taispeánta i stíl shrianta airgeadúil ‘mhonacrómatach’ d’ealaíontóirí Haarlem. Drithlíonn solas thar an saothar, ina bhfuil uigeachtaí an liamháis agus an aráin, mar aon leis na spásanna breithnithe go cúramach, fíorthábhachtach don éifeacht.

View a selection of Dutch Paintings