Goya


Francisco José de Goya y Lucientes (1746-1828)

Portrait of Doña Antonia Zárate, c. 1805-1806

Ola ar chanbhás, 103.5 x 82 cm
Bronnta, Sir Alfred agus Lady Beit, 1987 (Bailiúchán Beit)
NGI.4539

Is aisteoir mná í an duine atá ina suí, iníon le Pedro de Zárate Valdés, a bhí ina aisteoir freisin. Phós sí an t-amhránaí Bernardo Gil y Aguado agus déirigh a mac Antonio Gil y Zárate ina fhile agus dhrámadóir cáiliúil.

Sa phictiúr cruthaíonn a gúna dubh agus mantilla lása codarsnacht láidir leis an tolg buí ar a bhfuil sí ina suí. Ina lámh tá fleco, fean, agus tá a géaga clúdaithe le lámhainní bána síoda gan mhéara. Tá a dearcadh rud beag cinach, agus tá beagán íoróine ina miongháire. Tá an pictiúr seo i measc roinnt portráidí galánta mná a rinne Goya roimh an gCogadh Leithinise. Bhí an-mheas aige ar an amharclann agus ar a príomhphearsana, agus phéinteáil sé a lán portráidí acu. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, shuigh an señora Zárate dó athuair, agus tá an phortráid sin, ar scála níos lú, i Músaem Hermitage, Cathair Pheadair. 

View a selection of Spanish Paintings