Canova


Antonio Canova (1757-1822)

Amorino, 1789

Marmar, 142 cm (ar phlionta marmair 84cm ard)
Bronntanas Oidhreachta, Banc na hÉireann, 1998
NGI.8358

D’fhoghlaim Canova, an dealbhóir is tréithí agus is nualaí go déanach san ochtú céad déag agus go luath sa naoú céad déag, uraiceacht na snoíodóireachta óna sheanathair. Is uaslathaí, Giovanni Falier, a d’aimsigh a bhua seanórtha don chéad uair, a bhí ina phátrún agus a d’éascaigh a oiliúint cheart i Vín. I 1779 thug Canova cuairt ar an Róimh don chéad uair, agus dhá bhliain ina dhiaidh sin d’fhill se ar an gcathair le lonnú go buan inti.

Leis an rath a bhí aige óna luathshaothair mhóra, ardaíodh a cháil go tapa, agus d’éirigh a stiúideo bheith ina áit choinne ag intleachtóirí, bailitheoirí agus turasóirí eachtracha. Le linn na gcuairteanna seo, i 1789, choimisiúnaigh John La Touche, mac naoi mbliana déag d'aois leis an mbaincéir Éireannach is saibhre, an dealbh seo ón ealaíontóir. Laistigh de dhá bhliain, críochnaíodh an marmar agus seoladh go hÉirinn é.

Shnoigh an dealbhóir ceithre leagan cosúla de Amorino, le roinnt leasuithe, ach is é an leagan reatha atá measta bheith ina leagan is saoithiúla.

View a selection of Sculpture