Brueghel & Rubens

Jan Brueghel II and Peter Paul Rubens, 'Christ in the House of Martha and Mary', c.1628

Jan Brueghel the Younger (1601-1678) and Peter Paul Rubens (1577-1640)

Christ in the House of Martha and Mary , c.1628

Ola ar phainéal darach, 64 x 61.9 cm
Uachtaithe, Sir Henry Page Turner Barron, 1901
NGI.513

Tá an pictiúr seo aitheanta le tamall fada mar chomhoibriú idir Jan Brueghel II, a phéinteáil an tírdhreach agus an t-ábhar neamhbheo, agus Rubens, a bhfuil na figiúir curtha ina leith. Bhí figiúir péinteáilte i roinnt saothar ag Rubens do Jan Brueghel I, agus tá sé intuigthe go ndéanfadh sé amhlaidh do mhac Brueghel nuair a ghlac seisean seilbh de cheardlann an teaghlaigh nuair a d'éag a athair i 1625.

Bhí ábhar Christ in the House of Martha and Mary go traidisiúnta mar radharc istigh. Athraíonn an t-aistriú anseo chuig ardán lasmuigh an bhéim – tugann tailte tírdhreachtaithe de theach mór uasaicmeach nóta síochánta don ghníomh sa tulra. Sa chúlra ar dheis tá Château de Mariemont, áit chónaithe shamhraidh na leasríthe Spáinneacha Albert agus Isabella. Bhí Rubens agus Brueghel I ina bpéinteoirí cúirte ag na leasríthe, agus is féidir go raibh an pictiúr beartaithe do phátrún uasaicmeach.

View a selection of Flemish and Early Netherlandish Paintings